Níos lú ná 50 cás cúirte sa bhliain i nGaeilge

Reáchtáladh aon chás amháin i nGaeilge i mBaile Átha Cliath agus níor reáchtáladh oiread agus cás amháin i nGaeilge i réigiún eile

Níos lú ná 50 cás cúirte sa bhliain i nGaeilge

Níos lú ná 50 cás cúirte sa bhliain a reáchtáiltear i nGaeilge ar fud na Seirbhíse Cúirteanna, de réir figiúirí nua.

De réir na bhfigiúirí idir mí Lúnasa 2023 agus mí Lúnasa 2024, 48 cás a reáchtáladh i nGaeilge. Ba i Réigiún an Iarthair a tionóladh formhór mór acu sin – 32 cás – agus ba i Réigiúin an Láir Tíre Thuaidh a reáchtáladh an líon ba lú agus gan aon chás i nGaeilge ansin.

Reáchtáladh aon chás amháin i nGaeilge i mBaile Átha Cliath agus aon cheann amháin eile i Réigiún an Oirthir. Seacht gcás reáchtáladh i nGaeilge i Réigiún an Deiscirt.

San áireamh i Réigiún an Iarthair, mar ar tionóladh 32 cás, tá na contaetha Gaeltachta Dún na nGall, Maigh Eo, agus Gaillimh, chomh maith le Sligeach, Liatroim, Ros Comáin, agus an Clár.

Is réigiún ann féin é Baile Átha Cliath a bhfuil na ceithre chomhairle údaráis áitiúil san áireamh ann – Fine Gall, Cathair Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath Theas, agus Dún Laoghaire-Ráth an Dúin.

Tá dhá chontae Gaeltachta i Réigiún an Deiscirt, Corcaigh agus Ciarraí, chomh maith le dhá chontae eile, Tiobraid Árann agus Luimneach. Contae amháin Gaeltachta atá i Réigiún an Oirthir – Port Láirge – agus sé chontae eile: Cill Chainnigh, Ceatharlach, Loch Garman, Cill Dara, agus Laois.

Sa réigiún nár tionóladh aon chás Gaeilge ar chor ar bith ann tá contae Gaeltachta amháin – an Mhí. Níor éisteadh le haon chás i nGaeilge sna contaetha eile atá sa réigiún: Lú, Muineachán, an Iarmhí, Uíbh Fhailí, Longfort, ná an Cabhán.

Sa straitéis Gaeilge a d’fhoilsigh an tSeirbhís Cúirteanna an tseachtain seo caite tugadh le fios nach bhfuil seirbhísí trí Ghaeilge ag “an leibhéal is bunúsaí” á soláthar i 78% d’oifigí agus d’aonaid na Seirbhíse faoi láthair. Maítear áfach go bhfuil an eagraíocht ar “aistear i dtreo [seirbhíse] a bhfuil an dátheangachas fite fuaite inti” agus go mbeidh an pobal in ann “idirghníomhú [léi] i nGaeilge ag an leibhéal céanna a dhéanann siad i mBéarla”.

Ar na beartais atá sa straitéis tá struchtúr nua earcaíochta chun níos mó Gaeilgeoirí a mhealladh, plean le húsáid na Gaeilge in imeachtaí cúirte a dhéanamh níos éasca, níos mó comharthaíochta i nGaeilge agus níos mó deiseanna oiliúna i nGaeilge don fhoireann. Tá sé i gceist tacú le breithiúna ó thaobh úsáid na Gaeilge freisin.

Fág freagra ar 'Níos lú ná 50 cás cúirte sa bhliain i nGaeilge'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Is deacair cás a chur ar aghaidh as Gaeilge mura bhfuil Gaeilge ag na breithiúna áitúla. Seo fadhb in go leor limistéir Ghaeltachta in ainneoin dualgas an Stáit faoin Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924 ailt 44 agus 71 cainteoirí Gaeilge a cheapadh sna point sin.

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Is pobal umhal ó thaobh an dlí pobal na Gaeilge!