‘Mailís ar bith’ i gcaint faoi easpa tuisceana na hÉireann ar an gcur faoi chois cultúir agus teanga

Tá cosaint déanta ag Coimisinéir Eorpach na hÉireann, Michael McGrath, ar ráiteas conspóideach a rinne Leas-Uachtarán Choimisiún na hEorpa faoi Éirinn agus an cur faoi chois cultúir agus teanga

‘Mailís ar bith’ i gcaint faoi easpa tuisceana na hÉireann ar an gcur faoi chois cultúir agus teanga

Tá sé ráite ag Coimisinéir Eorpach na hÉireann, Michael McGrath, nach raibh “aon mhailís dá laghad” sa mhéid a dúirt Leas-Uachtarán Choimisiún na hEorpa, Kaja Kallas faoi “easpa tuisceana” mhuintir na hÉireann ar an gcur faoi chois cultúir agus teanga.

Dúirt Kallas go bhfuair Éire an deis tar éis an Dara Cogadh Domhanda bláthú ó thaobh an ratha de agus nach raibh taithí ag an tír sa tréimhse sin ar “ainghníomhartha, olldíbirtí, agus cur faoi chois cultúir agus teanga”.

Agus é ag labhairt leis na meáin sa Bhruiséil, dúirt McGrath gur baineadh míchiall as an méid a dúirt Kallas.

“Is dóigh liom gur baineadh míchiall as [an méid a dúirt sí], déanta na fírinne, agus ón aithne mhaith atá agam féin ar Kaja, tá an-chur amach aici ar Éirinn agus ar stair na hÉireann agus ar an streachailt ar son na saoirse a bhí ag Éirinn.

“Tá sí ag teacht ó thír nach bhfuil a saoirse aici leath chomh fada is atá ag Éirinn, a bhain an tsaoirse amach nuair a thit Cuirtín an Iarainn 35 bliain ó shin agus tá an comhthéacs an-difriúil.

Dúirt McGrath go raibh a fhios aige ón bplé a bhíonn aige leis an leas-uachtarán go bhfuil an-ghean aici ar Éirinn agus nach raibh “mailís dá laghad” i gceist lena ndúirt sí.

“Tá sí an-eolach agus an-éirimiúil agus is duine an-mheasúil í. Bhí sí ag labhairt go hionraic sa pharlaimint i ndíospóireacht oscailte agus is rud é sin is ceart a mholadh. Baineadh míchiall as a ndúirt sí i gcuid den cháineadh atá cloiste agam,” a dúirt Michael McGrath agus é ag caint sa Bhruiséil.

Dúirt an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin (GUE/NGL), Kathleen Funchion gur bhain ráiteas an Leas-Uachtaráin siar aisti agus gur léirigh an méid a bhí le rá ag Kallas faoi Éirinn “aineolas soiléir faoi stair na tíre”.

Thagair Funchion d’ár Bhaile Uí Mhurchú agus do Dhomhnach na Fola agus í ag cáineadh ráiteas Kallas agus dúirt gur fhulaing muintir na hÉireann an t-imtheorannú agus “leithcheal forleathan” maidir le tithíocht agus fostaíocht.

“Anuas air sin, is cath atá fós ag dul ar aghaidh é cur faoi chois na Gaeilge agus chultúr na hÉireann, mar is léir ón bhfeachtas ar son Acht Gaeilge ó Thuaidh atá ag dul ar aghaidh le blianta fada,” a dúirt Funchion i ráiteas an tseachtain seo caite.

Agus í ag labhairt leis na meáin sa Bhruiséil an tseachtain seo caite, dúirt an Feisire Eorpach do Dheisceart na hÉireann nach raibh aon fhreagra faighte aici ón Leas-Uachtarán go fóill ach nach mbeadh sí ag súil le ceann chomh sciobtha sin. Dúirt sí, áfach, go mbeadh sí ag súil le freagra ar a gearán sna laethanta amach romhainn.

Fág freagra ar '‘Mailís ar bith’ i gcaint faoi easpa tuisceana na hÉireann ar an gcur faoi chois cultúir agus teanga'

  • Cillian

    Bhí an ceart ag an uasal Kallas, níl taithí ag Éireannaigh an lae, i bPoblacht na hÉireann, ar ainghníomhartha, olldíbirtí, agus cur faoi chois cultúir agus teanga… seachas sa Ghaeltacht!