Laochra na Gaillimhe sa Táin
D’imir Gaillimh sa gcéad chluiche ceannais uile-Éireann camógaíochta i 1933 ach thóg sé breis is trí scór bliain ar an gcontae greim a fháil ar Chorn Uí Dhufaigh den chéad uair i 1996. Bhí fanacht beagnach 20 bliain eile go dtí gur tháinig an dara chraobh in 2013 ach níl aon amhras ach go bhfuileadar i measc mhóruaisle na camógaíochta anois agus trí chraobh uile-Éireann eile tugtha leo le blianta beaga anuas, an ceann a bhuadar Dé Domhnaigh san áireamh.
Tá na cluichí Gaelacha faoi bhláth i nGaillimh le cúig bliana déag anuas agus cluichí ceannais sinsir na hÉireann bainte amach ag foirne ón gcontae i 13 de na 16 bliain ó 2010. Tá craobhacha na hÉireann buaite ag iománaithe agus peileadóirí ban na Gaillimhe le linn na tréimhse sin ach níl aon amhras ach gurb í an fhoireann chamógaíochta ba rathúla.
Ba é Mattie McDonagh an t-aon Ghaillimheach a raibh ceithre bhonn idirchontae uile-Éireann buaite aige tar éis dó Craobh Peile na hÉireann a bhuachan le Gaillimh i 1956, 1964, 1965 agus 1966, ach tharraing triúr eile cothrom le gaisce Mhic Dhonnchadha ag an deireadh seachtaine agus a gceathrú bonn buaite ag Aoife Donohue, Ailish O’Reilly agus Annmarie Starr leis an mbua ar Chorcaigh.
Bhí Donohue ar fheabhas ar fad sa gcluiche ceannais agus í ainmnithe mar Laoch na hImeartha ag RTÉ oíche Dé Domhnaigh, gradam a bhuaigh sí i ndiaidh chluiche ceannais 2021 chomh maith. Ba í Donohue a leag Amy O’Connor don phoc éirice a bronnadh ar Chorcaigh sa naoú nóiméad ach, cé gur bhotún a bhí ansin, léirigh an eachtra an obair a bhí á déanamh ag Donohue agus an leatosach thiar ina líne lánchúil féin ag iarraidh stop a chur leis an bhfreasúra. Donohue a d’aimsigh an chéad phointe den chluiche le scór breá ón taobhlíne, ba í a chruthaigh an cúl do Mhairéad Dillon nuair a ghearr sí isteach ón taobhlíne eile agus bhí sí i lár an aicsin i gcaitheamh an chluiche ar fad.
D’oibrigh Starr chomh crua céanna i lár na páirce agus tionchar cinniúnach chomh maith ag O’Reilly. Ba í O’Reilly an t-aon duine den triúr a thosaigh gach ceann de na ceithre chluiche ceannais sin a bhuaigh Gaillimh ó 2013 agus scóranna aimsithe aici i ngach ceann acu chomh maith. Trí phointe ón imirt a d’aimsigh bean Órán Mór/Meáraí Dé Domhnaigh agus í sa tóir ar a séú gradam All-Star.
Díocas na nGaillimheach
Ní fhéadfadh Corcaigh a rá nár tugadh aon rabhadh dóibh faoi céard a bheadh rompu i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach. Ní raibh orthu ach dul siar go dtí cluiche ceannais na bliana seo caite chun léargas a fháil ar dhíograis agus ar dhíocas chun oibre na Gaillimhe. D’fhan foireann Chathal Murray céim ar chéim le Corcaigh sa gcluiche sin go dtí gur thuirsigh siad gar don deireadh.
D’éirigh le Gaillimh leibhéal eile a bhaint amach in 2025 agus iad ag teacht amach chun cinn i bhformhór na gcoimhlintí ar fud na páirce.
Bhí tosaithe Chorcaí, agus an líne lántosaithe, go háirithe, tachta ag cosantóirí na Gaillimhe. Bhí 7-32 aimsithe ag Amy O’Connor, Katrina Mackey agus Sorcha McCartan ón imirt i gcraobh na bliana seo roimh chluiche ceannais an Domhnaigh ach coinníodh an triúr gan scór ón imirt i bPáirc an Chrócaigh agus iad triúr bainte den pháirc roimh dheireadh na himeartha. Lena ceart a thabhairt do O’Connor, gortaíodh í an tseachtain seo caite agus d’éirigh léi fós poc éirice a bhuachan agus trí phointe a fháil ó bhuillí saora agus ó phoc 45 ach chuir cosaint na Gaillimhe sa líne lánchúil bonn láidir faoin taispeántas uile. Bhí Róisín Black ar fheabhas, go háirithe. Bhí Black, captaen na foirne anuraidh, imithe ag taisteal ag tús na bliana agus d’fhág gortú glúine nár thosaigh sí cluiche sa gcraobh go dtí na babhtaí leathcheannais ach bhí sí i mbarr a maitheasa Dé Domhnaigh agus srian curtha aici ar Katrina Mackey.
D’éirigh le Gaillimh an sliotar a bhaint ó duine d’imreoirí Chorcaí 13 uair sa gcéad leath. Díreach trí huaire a d’éirigh le Corcaigh an rud céanna a déanamh sa tréimhse chéanna, léiriú eile ar an mbior a bhí ar imirt na Gaillimhe sa gcéad leath.
Caithfidh Corcaigh teacht aniar a léiriú
D’fheabhsaigh ráta oibre Chorcaí sa dara leath agus iad ag iarraidh an bhearna eatarthu a laghdú. Rinne Saoirse McCarthy a dícheall chun iad a thabhairt ar ais sa gcluiche agus bhí cuma na maitheasa orthu nuair a d’fhág cúl Orlaith Cahalane na foirne ar comhscór agus an 60 nóiméad caite. Ní raibh aon rún ag Gaillimh géilleadh, áfach, agus bhí an fuinneamh acu chun deis amháin eile a chruthú, an poc saor iontach a bhuaigh agus a shlánaigh Carrie Dolan chun an cluiche a bhuachan.
Ba léir gur bhain an toradh stangadh as imreoirí Chorcaí agus a ndeis ar thrí chraobh uile-Éireann as a chéile caillte agus tá obair anois le déanamh chun ca chnntiú nach gcuirfear an fhoireann siar tuilleadh i ndiaidh an chliste seo.
Ní raibh an ruaille buaille céanna faoi fhoireann chamógaíochta Chorcaí is a bhí faoi iománaithe an chontae nuair a bhíodar i gcluiche ceannais na hÉireann an mhí seo caite ach ba iad an dá fhoireann seo roghanna láidre na coitiantachta roimh na cluichí ceannais. Shamhlófá nár chreid aon imreoir ar an dá fhoireann go raibh an jab déanta sular imríodh na cluichí ceannais ach bíonn sé deacair gan ligean do na sceitimíní agus don bhrú cur isteach ort ar bhealach amháin nó bealach eile.
Rud amháin atá cinnte ná go n-imreoidh Corcaigh agus Gaillimh a chéile arís i gcluichí móra ile amach anseo. Tá an dá fhoireann píosa maith chun cinn ar na foirne eile sa gcomórtas agus is buntáiste ollmhór do na Gaillimhigh é nach bhfuil aon fhaitíos orthu roimh Chorcaigh. Tá ceithre chluiche ceannais imeartha idir na foirne ó 2019 agus trí cinn acu anois buaite ag Gaillimh. Ní mheasfar faoina luach iad an chéad uair eile.
Fág freagra ar 'Laochra na Gaillimhe sa Táin, díocas na nGaillimheach agus teacht aniar le léiriú ag Corcaigh'