John Moran tofa ina mhéara ar Luimneach i dtoghchán stairiúil

Is é seo an chéad uair riamh a raibh deis ag daoine i gcontae agus i gcathair Luimnigh atá cláraithe le vótáil Méara a thoghadh

John Moran tofa ina mhéara ar Luimneach i dtoghchán stairiúil

John Moran, iar-ardrúnaí na Roinne Airgeadais, atá tofa ina Mhéara ar Luimneach.

I ndiaidh an 12ú comhaireamh a toghadh an t-iarrthóir neamhspleách agus 28,451 vóta aige nuair a bhí na vótaí aistrithe deireanacha roinnte.

Is é seo an chéad uair riamh a raibh deis ag daoine i gcontae agus i gcathair Luimnigh atá cláraithe le vótáil Méara a thoghadh.

Fuair Moran, a bhí chun cinn ó thús, an ceann is fearr ar Helen O’Donnell, neamhspleách eile, an t-aon iarrthóir eile a bhí fágtha sa rás.

De réir an chéad chomhairimh sa toghchán stairiúil in Luimneach, a raibh cúigear déag san iomaíocht ann, bhí an neamhspleách John Moran, iar-ardrúnaí na Roinne Airgeadais go maith chun cinn agus os cionn 18,000 vóta céadrogha aige, 23% den iomlán.

Sa dara háit bhí an neamhspleách Helen O’Donnell agus 12,903 vóta aici. Bhí Dee Ryan ó Fhianna Fáil sa tríú háit le 11,785 vóta.

Mar sin a bhí go dtí an deireadh agus nuair a roinneadh vótaí aistrithe Ryan bhí Moran fós chun cinn.

Tá muintir Luimnigh ar thús cadhnaíochta agus beidh súil ghéar ag pobail eile ar fud na tíre ar an rath a bheidh ar an Méara tofa.

Beidh an Méara ina Cheannasaí Feidhmiúcháin ar chathair agus ar Chomhairle Contae Luimnigh agus is air feasta a bheidh cuid mhór de na cúraimí a bhíodh ar an bPríomhfheidhmeannach. Beidh an Méara ar an tuarastal céanna le ceannasaí sinsearach ar údarás áitiúil, thart ar €155,000 sa bhliain.

Fág freagra ar 'John Moran tofa ina mhéara ar Luimneach i dtoghchán stairiúil'