Tá sé os cionn 50 bliain (1971) ó socraíodh babhtaí ceathrú ceannais a chur leis an leagan amach a bhí ar Chraobh Shinsir Iomána na hÉireann. Chuirfeadh sé iontas ar dhaoine atá níos óige ná sin nach raibh babhtaí leathcheannais féin i gceist idir na blianta 1959 agus 1968 tráth go mba i gCraobh na Mumhan a bhí Gaillimh. Chuaigh seaimpíní na Mumhan agus Laighean caol díreach isteach i gCluiche Ceannais na hÉireann na blianta sin.
Ba le dea-intinn a deineadh an t-athrú agus súil go gcuideodh sé le caighdeán na himeartha sna contaetha nach raibh áirithe ar na cinn ina raibh an iománaíocht láidir agus bhí géarghá leis.
Agus iad ag seasamh an fhóid d’iománaíocht Chonnacht, níor bhuaigh Gaillimh ach ceann amháin de Chluichí Leathcheannais na hÉireann a d’imir siad idir 1929 agus 1958. Bhí a gcuairt ar chúige na Mumhan chomh tubaisteach céanna – cluiche amháin a bhuadar freisin i gcraobh an chúige sin idir 1959 agus 1969.
Mórán mór an scéal céanna a bhí le n-aithris i nGlinnte Aontroma. Iadsan a bhuaigh Craobh Uladh chuile bhliain ó bhí 1923 ann, cé is moite de na huaireanta ar bhuail Dún na nGall (1932) agus An Dún (1941) bob orthu.
Lena gceart a thabhairt d’Aontroim ní bhfuaireadarsan oiread de sheans agus a tugadh d’fhir an Iarthair.
Sa mbliain 1943 a facthas an t-aon bhabhta ceathrú ceannais iomána a imríodh sula dtáinig sin sa bhfaisean i 1971. Sa gceann sin bhuaigh Aontroim ar Ghaillimh ar Pháirc Uí Chorragáin agus ina dhiaidh sin i bPáirc an Chrócaigh bhuaigh ar Chill Chainnigh, 3-3, 1-6. Ansiúd thug Corcaigh liúradh Chonáin dóibh i gCluiche Ceannais na hÉireann (5-16, 0-4).
As sin go ceann sé bliana d’imir Aontroim i gcluiche ceathrú ceannais ar Pháirc an Chrócaigh, d’imir siad in aghaidh foirne de chuid Átha Cliath, Thiobraid Árann, na Gaillimhe agus Chorcaí – chailleadar chuile choimhlint acu agus farasbarr idir 15 agus 27 de chúilíní idir iad agus na buaiteoirí.
Tráthúil go leor ba iad Gaillimh agus Aontroim a d’imir a chéile sa mbabhta ceathrú ceannais a chuir tús leis an réimeas nua i 1971. Agus David Scott, Alfred Worden agus James Irwin faoi réir le tuirlingt ar an ngealach in Apollo 15, ba ghreadadh eile a bhí i ndán d’Aontroim bocht ar talamh,1-8 acusan agus 7-24 ag Gaillimh. Bhí ógánach a raibh John Connolly mar ainm air ag na buaiteoirí i lár na páirce.
Bhuaigh Gaillimh arís nuair a d’imir na foirne a chéile arís i 1972 ach an bhliain dár gcionn arís baineadh siar as na Connachtaigh nuair a bhuaigh Londain orthu i mbabhta ceathrú ceannais ar Pháirc an Dubhagánaigh i mBéal Átha na Sluaighe – an t-aon uair in imeacht 26 séasúr ar facthas toradh nach raibh coinne leis.
San iarracht a deineadh beagán beochta a chur sa gcóras i 1974, shocraigh Cumann Lúthchleas Gael go mbeadh babhta ceathrú ceannais i gceist idir seaimpíní na Craoibhe B agus Gaillimh.
Go dtáinig 1996 fuair Londain, Aontroim, Ciarraí, Cill Dara, an Iarmhí, contae Laoise, Ceatharlach, contae na Mí, Ros Comáin, Doire, Cill Mhantáin agus fiú Nua-Eabhrac deiseanna ar a seal ar chluiche ceathrú ceannais a imirt. Eatarthu d’imir siad 23 babhta ceathrú ceannais – oiread agus aon uair amháin níor éirigh le ceachtar acu an bua a bhreith leo.
Faraor ba phlean gan tairbhe a bhí ann, bearnaí móra idir iad agus a gcéilí comhraic, cé is moite de na cluichí i 1976 agus 1983 nuair nach raibh d’fharasbarr ag Gaillimh ar Chiarraí ach trí chúilín.
Cluichí iad is fearr a ligean i ndearmad. Nuair a bheas staraithe ag inseacht a scéal san am atá le theacht is é an ceann deireadh a imríodh a tharraingeoidh a n-aird, ní as feabhas na himeartha faraor, ach de bharr na háite ar deineadh sin. Páirc na nGael i Nua-Eabhrac áit ar bhuaigh foireann na cathrach sin ar Londain agus ansin ar na Craobhairí B Doire. Ar thrasnú an Atlantaigh dóibh bhuaigh Gaillimh orthu 4-22 in aghaidh 0-8 i mBaile Átha an Rí.
Ba sa mbliain 1997 tháinig an t-athrú ó phréamh. Leis sin tugadh an dara seans i gCraobh Iomána na hÉireann d’fhoirne a chaill cluiche roimhe sin. ‘An cúldoras’ a baisteadh air, cé nár mhó ná gur thaithnigh an t-ainm leis na húdaráis – ba iad tánaistí na Mumhan agus Laighean ba thúisce a fuair cuireadh isteach tríd.
Níl baol ar bith nár neartaigh sin an chraobh, ach scéal eile is ea an tairbhe a tháinig as do na ‘contaetha laga’. Ach ní féidir a shéanadh gur neartaigh sé an Chraobh.
Facthas Doire i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair ariamh agus Port Láirge ar ais ann tar éis dóibhsean troscadh os cionn 30 bliain a dhéanamh. D’fhógair blianta tosaigh an chúldorais aiséirí an Chláir agus Luimnigh agus lena mbua i 1998 ba iad Uíbh Fhailí an fhoireann ba thúisce a d’iompair Corn Mhic Cárthaigh amach an ‘doras ó thuaidh’.
Tá na pinn luaidhe bioraithe le fada ag na staraithe faoin gceann sin. Tar éis dóibh an bua a fháil ar Aontroim sa mbabhta ceathrú ceannais, bhí dhá imirt idir iad agus an Clár. Níorbh amhlaidh gur ar comhscór a chríochnaigh an ceann ba thúisce ach siocair gur shéid an réiteoir an fheadóg dheiridh sular cheart dó sin a dhéanamh.
Sa mbabhta ceannais bhuaigh siad ar Chill Chainnigh 2-16 in aghaidh 1-13. Bhí a dhá oiread de shásamh ag Uíbh Fhailí as an gceann sin mar go mba iad na Cait a fuair an ceann ab fhearr orthusan i gCluiche Ceannais Laighean.
Fág freagra ar 'Go minic cluichí is fearr a ligean i ndearmad iad babhtaí ceathrú ceannais na hiomána '