Ní raibh aon bheann ag lucht freastail Scoil Cheoil an Earraigh i mBaile an Fheirtéaraigh ar an mbáisteach agus an scoil ar siúl don 16ú bliain le déanaí. Seo blaiseadh den chúig lá ceoil, comhluadair agus craic i gCorca Dhuibhne. Pictiúir: Dónal Glackin
Ceol na bpíob faoi scáth an Rí
Ceannasaí bunaidh TG4 Cathal Goan agus Scoil Cheoil an Earraigh á hoscailt go hoifigiúil aige in Áras Bhréanainn i mBaile an Fheirtéaraigh. Dúirt sé go raibh sé fíorthábhachtach go mbeadh tuiscint ag ceoltóirí agus amhránaithe óga ar cheol a gceantar dúchais. Mar sin a bhí le linn an scoile, mar ar tugadh ardán do cheoltóirí agus d’amhránaithe Chorca Dhuibhne, idir óg agus aosta
An ceoltóir agus fear eagair Scoil Cheoil an Earraigh, Breanndán Ó Beaglaoich
Neomat suaimhnis agus fíona
Fear óg ag scaoileadh fén urlár chun cúpla steip a dhéanamh
D’fhreastail beagnach 250 duine ar na ranganna uirlise agus amhránaíochta le linn na scoile, áit ar fhoghlaim siad ceol agus amhráin ar feadh trí lá faoi stiúir 21 múinteoir
Seisiún eile
Niamh Ní Bhaoill, bean eagair na Scoile, ag cur cainte ar lucht freastail na scoile
An scoil faoi lán tseoil i dTigh Bhric
Ceol i Sáipéal Naomh Uinseann ar an mBuailtín
Muireann Nic Amhlaoibh a sheol a halbam nua ‘Thar Toinn’ in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin le linn na scoile
Ag baint súp as na ranganna
Ceacht ar an mbodhrán
Nótaí á mbreacadh agus á seimint
Ceoltóirí an lae amáraigh ag foghlaim na ceirde
Fear an bhosca ar an stiúir
Ceol ar son na cúise
‘Dúisíg!’ a deir na ceoltóirí óga
Foghlaimeoirí na feadóige
Fonn a níos foghlaim
Lig dom agus mé ag seimint!
Cuar cruitirí!
Sáite sa cheol
M’anam ach go bhfuil sí á dhéanamh i gceart!
Ar thuras ar dhomhan an cheoil
Cleachtadh a dhéanann máistreacht
Blaiseadh de dhúchas ceoil Rann na Feirste ag Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill
Abair amhrán
Boscadóir óg i mbun ceoil
Ceardlann le máistir an bhosca, Breanndán Ó Beaglaoich
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Idir óg agus aosta faoi gheasa ag Scoil Cheoil an Earraigh i gCorca Dhuibhne'