Féach ar an bpíosa físe seo ó TG4 agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis
Gníomhaíocht 1:
Gníomhaíocht 2:
Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt de do chuid féin.
Gníomhaíocht 3: Ceisteanna Ginearálta:
Féach/Éist leis an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.
Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine in aice leat.
An féidir leatsa an intreoir don tuairisc nuachta seo a scríobh?
Cén bhaint atá ag €7.3m leis an scéal?
Luaigh rud amháin a bhí le rá ag an Aire Catherine Martin.
Cé mhéad post atá luaite leis an gcainéal nua?
Cén post atá ag Lís Ní Dhálaigh?
Céard atá le rá ag an Teachta Ó Snodaigh faoi Údarás na Gaeltachta.
Cén bhaint atá ag an bpictiúr thíos leis an scéal? Déan cur síos ar an méid atá le feiceáil agus ag tarlú ann.
Gníomhaíocht 4: Líon na Bearnaí:
Gníomhaíocht 5: Ábhar plé le do pháirtí:
Dá bhfaigheadh sibh maoiniú le cainéal nua teilifíse a chruthú céard a bheadh á chraoladh agat. Smaoinigh ar na nithe seo a leanas:
Cén chuid den lucht féachana a mbeadh tú ag díriú orthu?
Cad iad na cláir a bheadh agat (spórt, páistí, drámaíocht srl)?
Cén fáth ar roghnaigh tú na cláir sin?
Déan póstaeir a dhearadh ag déanamh cur síos/fógraíocht ar an gcainéal nua. Déan an póstaer sin a chur i láthair an ranga. Bí cinnte an póstaer (nó pictiúr de) a chur sa Phunann Teanga.
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Cainéal nua Gaeilge'