An t-olltoghchán ar an scáileán beag leamh go leor go fóill

Caitheann ár gcolúnaí teilifíse a shúil ar chlúdach olltoghcháin na seachtaine

An t-olltoghchán ar an scáileán beag leamh go leor go fóill

Tá feachtasaíocht olltoghcháin faoi lán seoil agus ciallaíonn sin go bhfuil an gach re sea, an trasnaíl, an chabaireacht agus an leibhéal faoi lán seoil ar an scáileán beag. Bhí cabairí go leor bailithe isteach in RTÉ don chlár Upfront ar an Luan. Katie Hannon ag iarraidh smacht a choimeád ar Eoin Ó Broin (Sinn Féin), Paschal Donoghue (FG), Richard Boyd Barrett (PsB), Darragh O’Brien (FF), Ivana Bacik (LO) agus Rory Hearne (DS). Nach iad a bhí oiriúnach dá chéile. Is cuma cad a cheapann tú faoina gcuid polasaithe táid breá in ann a bheith ag píobaireacht agus ag caitheamh asachán lena chéile.

Bhí an cumas cainte ag teastáil go géar an Luan seo óir gur cinneadh an clár ar fad, tuairim is uair an chloig go leith, a chaitheamh ag plé na géarchéime tithíochta. Dar liom go gcuaigh rudaí chun leadráin tar éis tamaill. Cad é caint faoin líon a thógfaí agus cén tslí a thógfaí é. Má tá sé chomh simplí sin canathaobh ná fuil siad tógtha le deich mbliana anuas? Bhí Hannon ar a croí díchill ag iarraidh srian a choimeád orthu. Conas mar a bheidh acu ar an Luan seo chugainn agus deichniúr ag sárú ar a chéile i ndíospóireacht na gceannairí.

Bhí Caoimhe Ní Laighin, Tomás Ó Mainnín agus Sinéad Ní Neachtain ar fud na tíre ag soláthair tuairiscí do Bhernie Ní Chuinn don chlár 7Lá ar an Máirt. Iad ag leanúint na gceannairí éagsúla agus ag soláthar a gcuid léargas féin ar a bhfuil ag tarlú. Beidh le feiceáil cén sórt díospóireachtaí a chuirfidh an clár chugainn sna gálaí atá le teacht. Níos déanaí an tráthnóna céanna bhí Stephen Donnelly (FF), David Cullinane (SF) agus Duncan Smith (LO) ag áiteamh ar a chéile ar Prime Time ar RTÉ1. Bhí sé ana-ait nach raibh éinne ó Fhine Gael ann agus gan amhras beidh na páirtithe níos lú ag cnáimhseán nach bhfuaireadar áit. Sin ráite b’fhéidir go rabhadar buíoch gan a bheith ann óir gur “cailís nimhe” iad cúrsaí sláinte.

Sin ráite ba cheart do RTÉ brú a chur ar Fhianna Fáil agus Fine Gael sa chás seo mar bheadh sé suimiúil conas mar a chaithfeadh siad lena chéile ar an ábhar tábhachtach seo. Níor tugadh aon mhíniú canathaobh nach raibh éinne ó Fhine Gael i láthair.

Bhailigh TG4 a chip is a mheanaí le craoladh seachtrach a dhéanamh ar Nuacht TG4 Déardaoin. N’fheadar arbh fiú an tairbhe an trioblóid mar ní dheineadar ach dul thar claí isteach go bialann An Pota i mBaile na hAbhann. Bhí an clár bunaithe ar phobalbhreith a dhein IPSOS/B&A dóibh sa dáilcheantar Gaillimh Thiar.

Ba ghruama an t-ábhar léitheoireachta é d’Fhianna Fáil agus an tóin tite as a vóta sa dáilcheantar. Dhein Máire T. Ní Mhadaoin agus Cóilín Ó Neachtain scagadh ar na figiúirí agus bhí pacáiste againn ó Mháire Ní Bhraonáin maidir leis na hábhair bhuartha atá ag na vótóirí sa dáilcheantar. Bhaineas taitneamh as an gclár agus beidh dáilcheantar Dhún na nGall chugainn an Mháirt seo chugainn. Tríd is tríd, áfach, is feachtas leamh go maith atá againn go fóill

Níltear tar éis na fiacail a dhrannadh go fóill, níl conspóid tar éis teacht aniar aduaidh ar éinne (seachas béalscaoilteacht O’Leary) agus níl barrthuisle bainte as éinne.

Níl dóchas caillte go fóill, áfach.

Fág freagra ar 'An t-olltoghchán ar an scáileán beag leamh go leor go fóill'