Tá folúntas ag Gael-Taca Teo. do dhuine cruthaitheach, réamhghníomhach agus cumasach chun Plean 5 Bliain agus spriocanna ghnó eile na heagraíochta a fhorbairt agus a chur i gcrích a spreagfadh gnólachtaí agus an pobal i gcoitinne an Ghaeilge a úsáid mar chuid dá saol laethúil. Dá bhrí sin, beifear ag súil go mbeidh an té a cheapfar cumasach agus muiníneach, agus go mbeidh siad in ann a léiriú go bhfuil bua na cumarsáide acu agus gur féidir leo oibriú go héifeachtach le daoine eile.
Bheadh na tréithe a leanas ag sáriarrthóir ar an bpost:
- Scil sa chumarsáid acu agus in ann oibriú go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann araon
- Eolas, tuiscint agus spéis acu i gcúrsaí Gaeilge
- Scileanna agus taithí acu i mbainistiú daoine agus imeachtaí
Buncháilíochtaí
- Cáilíocht a chabhródh go mór le hiarratas agus taithí chuí i bhforbairt pobail, margaíocht, gnó nó réimse ábhartha eile
- Sárchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir labhartha agus scríofa
- Sárscileanna riaracháin, bainistithe airgidis, ríomhaireachta agus tuiscint ar chúrsaí teanga agus gnó
Dualgais
- Caidreamh a chur ar bun agus a chur chun cinn leis an lucht gnó, eagraíochtaí fiontraíochta na meáin cumarsáide agus grúpaí pobail
- Bainistiú imeachtaí; iad a chur ar bun, a chur i gcrích agus a chur chun cinn
- Obair i gcomhar le grúpaí pobail, gnólachtaí agus coistí féilte chun an Ghaeilge a chur i láthair an phobail
- Freastal ar imeachtaí agus cruinnithe
- Freagracht iomlán as ionad Ghael-Taca a riaradh agus foireann na heagraíochta a bhainistiú
- Tuairisciú rialta chuig bord stiúrtha na heagraíochta
- Spriocanna ghnó bliantúla a leagan síos agus a bhaint amach
- Aon dualgais eile a leagtar síos ó am go ham
Tuarastal
- Beidh an tuarastal go hiomlán uileghabhálach
- Scála Tuarastail: €30,000 – €33,000 ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí. Is post lánaimseartha é seo.
- Tréimhse: Conradh dhá bhliain le hathbhreithniú tar éis sé mhí
Saoire
- Beidh an té a cheapfar i dteideal 23 lá de shaoire bhliantiúl in aghaidh na bliana
- Earcaíocht
- Déanfar an t-agallamh iomaíoch a reáchtáil ag nó thar ceann Gael-Taca
- Gearrliostáil: D’fhéadfaí iarratasóirí a chur ar ghearrliosta d’agallamh bunaithe ar eolas a thugtar san iarratas. Sa chás nach meastar réasúnta é gach iarratasóir a chur faoi agallamh de bharr líon na n-iarratas faighte nó de bharr chaighdeán ginearálta eolais, oiliúna nó taithí na n-iarratasóirí, ní chuirfear faoi agallamh ach na hiarratasóirí sin is dóchúil a bheidh in ann caighdeán sásúil a léiriú san agallamh le go roghnófaí agus go molfaí chun na hoibre iad.
Triail Teanga: Déanfar an triail cháilitheach teanga a eagrú ag nó thar ceann Gael-Taca. Beidh sa triail teanga scrúdú scríofa ar ábhar ginearálta agus ar ábhar a bheidh bainteach le dualgais an phoist atá faoi chaibidil. Ní bheidh eolas ar théarmaí teicniúla neamhghnáthacha ag teastáil.
Ní mór láncheadúnas glan Éireannach tiomána a bheith ag an té a cheapfar, agus carr ar fáil dóibh le húsáid le haghaidh a gcuid oibre.
Ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil chun oibriú um thráthnóna agus ag an deireadh seachtaine uaireanta, agus a bheith solúbtha le linn tréimhsí gnóthacha.
Ní cur síos críochnúil é seo ar an bpost agus tá sé faoi réir athbhreithniú de réir riachtanais an róil i gceist.
Seol an fhoirm iarratais chomhlánaithe le CV ar r-phost chuig eolas@gael-taca.com roimh 4pm Dé hAoine 14ú Samhain ’14.
Is fostóir comhionannas deiseanna é Gael-Taca Teo.
Tá foirm iarratais ar fáil ag www.gael-taca.com