Ceilt cáipéisí ina cnámh spairne ag Fiosrúchán Bhuamáil na hÓmaí

Tugadh rabhadh ag Fiosrúchán Bhuamáil na hÓmaí an tseachtain seo go bhféadfaí pionós coirpeach a ghearradh ar dhuine nach ndéanfadh comhoibriú leis an fhiosrúchán

Ceilt cáipéisí ina cnámh spairne ag Fiosrúchán Bhuamáil na hÓmaí

Beidh ceilt cáipéisí ina cnámh spairne ag Fiosrúchán Bhuamáil na hÓmaí. Ba léir sin an tseachtain ar an chéad lá den dara sruth éisteachtaí.

Tá difríocht shuntasach ó thaobh cur chuige de, idir Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann agus Stát-Rúnaí Thuaisceart Éireann (SRTÉ), ar thaobh amháin, agus foireann an Fhiosrúcháin ar an taobh eile.

Bhí Stephen Greaney, abhcóide an Fhiosrúcháin soiléir agus é ag cur tús leis an éisteacht. “Má tá doiciméid ar iarraidh, déanfar an scrúdú is grinne gur féidir,” ar seisean. “Is cuma más é an Stát nó comhlacht ar bith eile atá i gceist.”

Beidh ar dhaoine go bhfuil postanna sinsearacha acu sna fórsaí slándála agus sa státseirbhís freastal ar an Fhiosrúchán. “Déanfar ceistiú orthu,” ar seisean. “Má dhiúltaíonn siad freastal, bainfear brí as an gcinneadh sin. Tá an fhírinne ar eolas acu anois.”

Beidh dualgas ar eagraíochtaí Stáit freagraí ionraice a thabhairt, ar sé.

“Is croí-rannpháirtí é an Stát,” ar seisean. “Tá go leor ama aige le fiosrú a dhéanamh, agus le botúin agus teipeanna eile a aimsiú.”

Thug Greaney rabhadh go bhféadfaí pionós coirpeach a ghearradh ar dhuine nach ndéanfadh comhoibriú leis an Fhiosrúchán.

Labhair Philip Henry, abhcóide an PSNI, ina dhiaidh sin, agus rinne sé comhbhrón le teaghlaigh na marbh. Dúirt sé go raibh rún ag na péas comhoibriú a dhéanamh ach “go bhfuil cuid den ábhar a chuirfear ar fáil [don Fhiosrúchán] ag an PSNI agus údaráis Stáit eile nach féidir a nochtadh in éisteachtaí oscailte, de bharr dualgais faoin Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, nó ar bhonn na slándála náisiúnta, nó ar chúis éigean eile a bhaineann le leas an phobail.”

Tabharfar an fhaisnéis áirithe sin d’foireann an Fhiosrúcháin, a dúirt sé, ach ní bheidh sí ag gaolta na marbh nó ag na daoine a gortaíodh.

Gheall Fiona Fee, abhcóide Státrúnaí Thuaisceart Éireann, go mbeifí ag comhoibriú leis an bhfiosrúchán ach dúirt sí go raibh sé “dosheachanta” go mbeadh ábhar ann nach bhféadfaí “a nochtadh go hoscailte, ainneoin imeacht ama”.

Bhí gach rannpháirtí ar aon intinn go bhfuil obair an Fhiosrúcháin ag dul ar aghaidh go mall. Dúirt Henry go raibh ar an PSNI dul trí 26,000 cáipéis agus 2,000 foilseachán. Bhí taighdeoirí speisialta riachtanach, ar sé.

Dúirt Fee go raibh 5,215 comhad de chuid Oifig na Comh-Aireachta i gceist. Tá tuilleadh i gCartlann Náisiúnta na Breataine.

Maraíodh i mbuamáil na hÓmaí 29 duine agus cúpla sa bhroinn nuair a phléasc an Fíor-IRA buama ar an bhaile ar an 15 Lúnasa 1998. Táthar ag fiosrú an raibh réamheolas ag na fórsaí slándála, agus má bhí arbh leor sin le stop a chur leis an bhuama.

Tá éisteacht aon lae le bheith ann mí Mheán Fómhair nó mí Dheireadh Fómhair. Pléifear ansin an dul chun cinn maidir le nochtadh cáipéisí. Tá na héisteachtaí faoi phríomhúdar an fhiosrúcháin le tosú mí an Mhárta seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ceilt cáipéisí ina cnámh spairne ag Fiosrúchán Bhuamáil na hÓmaí'