Danny Healy-Rae i mbaol agus seans ag FF ar an dara suíochán i gCiarraí

Sa tsraith speisialta seo, caitear súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugtar tuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo in Olltoghchán an 29 Samhain. An babhta seo, sa Ríocht atáimid

Ciarraí

Líon na suíochán: 5

 Níl aon athrú ar an dáilcheantar ó 2020. Contae Chiarraí ar fad atá ann, cúig shuíochán le líonadh agus seachtar déag san iomaíocht, ina measc ceathrar den chúigear Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Michael Healy-Rae (Nspl) agus a dheartháir Danny Healy-Rae (Nspl); an tAire Oideachais Norma Foley (FF) agus Pa Daly (SF). Cé gur fear óg fós é, shocraigh Brendan Griffin (FG), nach raibh sé ag dul san iomaíocht.

Iarrthóir amháin atá ag Fine Gael, an t-iarpheileadóir contae Billy O’Shea (FG) ó Chill Orglan. Is ceantálaí é, a bhí ar fhoireann bhuacach Chiarraí i 1997. Bhí 18% den vóta idir an bheirt iarrthóirí ag Fine Gael san olltoghchán in 2020 agus bhí 17% den vóta ag iarrthóirí Fhine Gael sna toghcháin áitiúla. Ar an gcaoi sin ba cheart go mbeadh a dhóthain vótaí ag Fine Gael le O’Shea (FG) a thoghadh go compordach.

Ciarraí an t-aon dáilcheantar ina bhfuil beirt ón gclann chéanna sa Dáil agus tá an bheirt san iomaíocht arís, Michael agus Danny Healy-Rae. Fuair Michael 16,818 vóta in 2020 agus toghadh é ar an gcéad chomhaireamh le farasbarr de 3,873 vóta. Aistríodh leath de na vótaí chuig Danny agus toghadh é ar an séú comhaireamh. An cheist mhór, an mbeidh a dhóthain d’fharasbarr ag Michael Healy-Rae (Nspl) an babhta seo le Danny a choinneáil sa rása? De ghnáth ní bhíonn Danny ag brath ar fharasbarr a dhearthár len é a thoghadh. D’éirigh leis aistriú maith vótaí a fháil i ngach comhaireamh ó gach iarrthóir a cuireadh as an áireamh in 2020. Beidh sé san iomaíocht don chúigiú suíochán le Fianna Fáil.

Tá beirt iarrthóirí ag Sinn Féin an babhta seo: Pa Daly (SF) a toghadh ar an gcéad chomhaireamh in 2020 le farasbarr de 2,788 vóta. Bhí 20% den vóta aige. Tá togha na Gaeilge aige agus cloistear go minic é ar Raidió na Gaeltachta. Is as Cathair Saidhbhín a chomhiarrthóir, Stephanie O’Shea (SF). Ní raibh ach 431 vóta ag Stephanie O’Shea (SF) sna toghcháin áitiúla i gceantar An Neidín agus níor toghadh í. Níl mórán seans ag Sinn Féin ar an dara shuíochán ach d’fhéadfadh tionchar cinniúnach a bheith ag aistriú vótaí Stephanie O’Shea (SF) má chuirtear as an áireamh í.

Tá beagnach dhá chuóta idir an dá Healy-Rae agus gach seans go gcoinneoidh farasbarr Michael a dheartháir Danny sa rása go dtí an deireadh ach ní fhéadfadh sé a bheith cinnte dá shuíochán an uair seo.

Sa tóir ar dhá shuíochán atá Fianna Fáil. Fuair Fianna Fáil 21% den vóta in olltoghchán 2020, an sciar céanna den vóta a fuair iarrthóirí an pháirtí sna toghcháin áitiúla mí Meitheamh seo caite. San iomaíocht tá triúr: an tAire Oideachais Norma Foley (FF) arb as Trá Lí di; An Comhairleoir Michael Cahill (FF) as Gleann Beithe i ndeisceart Chiarraí agus an dlíodóir Linda Gordon-Kelleher (FF), atá lonnaithe i gCill Airne agus pósta leis an gComhairleoir Niall Kelleher (FF). Beidh Fianna Fáil in ann a mhaíomh gur cheadaigh an tAire Spóirt Thomas Byrne (FF) trí thogra mhóra spóirt do Chiarraí, ina measc €6 mhilliún le hathchóiriú a dhéanamh ar Staid Mhic Gearailt i gCill Airne, níos mó ná mar a fuair aon chontae eile seachas an Mhí.

Má bhíonn ardú ar vótaí Fhianna Fáil i gCiarraí dá bharr, d’fhéadfadh go mbeadh an páirtí sa tóir ar an dara suíochán i gCiarraí agus go bhféadfadh Danny Healy-Rae a bheith thíos leis, má éiríonn leis an gComhairleoir Michael Cahill (FF) a dhóthain tacaíochta a fháil thart ar an Neidín. D’éirigh leis an gcomhairleoir Cahill (FF) 2,162 vóta a fháil sna toghcháin áitiúla, agus é ag seasamh i gceantar tacaíochta mhuintir Healy-Rae. An t-aon rud a chuirfeadh as do straitéis Fhianna Fáil ná Thomas McEllistrim (Ind Ire) a bhí ag iarraidh ainmniúchán a fháil ó Fhianna Fáil le seasamh sna toghcháin áitiúla.

Nuair nár tugadh sin dhó sheas sé mar iarrthóir neamhspleách, ach níor éirigh leis suíochán a thógáil. Ní bhfuair sé ach 744 vóta i dTrá Lí. Anois tá sé ag seasamh le Independent Ireland. Is ainm mór Fianna Fáileach é McEllistrim le fada an lá i gCiarraí. Bhí a athair is a sheanathair roimhe – Tom McEllistrim a bhí orthusan chomh maith – ina dTeachtaí Dála do Chiarraí. Chaill Thomas Óg a shuíochán in olltoghchán 2011 agus fuair Arthur Spring (LO) é. Ach an oiread le muintir Spring tá seans ann go bhfuil ré mhuintir McEllistrim i bpolaitíocht Chiarraí caite faoin tráth seo.

Ós ag caint ar Pháirtí an Lucht Oibre mé, is fada an taoide dhearg ar ar toghadh Arthur Spring (LO) tráite i gCiarraí. Ní raibh aon iarrthóir ag an Lucht Oibre in 2020. I mbliana tá an ceantálaí ón Daingean, Mike Kennedy (LO) ag caitheamh an gheansaí sin do pháirtí Ivana Bacik. Níor éirigh le hiarrthóirí an pháirtí ach 4% den vóta a fháil sna toghcháin áitiúla. Beidh Kennedy (LO), fear a bhfuil togha na Gaeilge aige, ag déanamh go maith an 4% féin a fháil.

Fear eile le togha na Gaeilge, a bhfuil a phréamhacha i gCorca Dhuibhne, is ea an ceoltóir Brandon Begley (IFP), mac le Breanndán Ó Beaglaoich ó Bhaile na bPoc. Tá Brandon Begley (IFP) th’éis a ainm a chur chun cinn don pháirtí ar an eite dheis, The Irish Freedom Party. Don Chomhaontas Glas atá Cleo Murphy (CG), as An Neidín, ag seasamh. Fuair sí 4122 vóta (5.3%) in 2020. Beidh sí ag déanamh go maith agus an tacaíocht sin a fháil arís.

San iomaíocht d’Aontú tá Catherina O’Sullivan (Aon) agus tá Cian Prendiville (PsB) ag seasamh don ghrúpa Pobal seachas Brabús.

Chomh maith leis na deartháireacha Healy-Rae agus Thomas McEllistrim (Nspl) tá triúr iarrthóirí neamhspleácha eile san iomaíocht: John O’Leary (Nspl); Mary Fitzgibbon (Nspl) agus Michelle Keane (Nspl) a fuair 991 vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar Oileán Ciarraí.

Tuar: FF 2; FG 1; SF 1; Nspl 1.

Fág freagra ar 'Danny Healy-Rae i mbaol agus seans ag FF ar an dara suíochán i gCiarraí'