An roth ag casadh arís agus bainisteoirí nua ag dul i mbun dualgais

Tá cuid maith bainisteoirí ag fanacht ina bpost, tá cúpla duine ag athrú contae, tá duine nó beirt ag fáil ardú céime agus duine nó beirt i bpoist nua

An roth ag casadh arís agus bainisteoirí nua ag dul i mbun dualgais

I ndiaidh gach feachtas craoibhe sa pheil agus san iomáint bíonn praghas de shórt le híoc ag na bainisteoirí éagsúla.

Agus tá sé amhlaidh i mbliana agus an roth ag casadh arís agus cuid maith de na bainisteoirí ag fanacht ina bpost, cúpla duine ag athrú contae, duine nó beirt ag fáil ardú céime agus duine nó beirt i bpoist nua.

Dar ndóigh bíonn duine amháin ar an liosta seo go rialta agus, bhuel, tá sé ann arís agus é ag bogadh ó thuaidh an uair seo. Sea tá Davy Fitzgerald ainmnithe mar bhainisteoir ar iománaithe Aontroma.

De ghnáth bíonn sórt borradh éigin sa chéad bhliain i ngach contae a dtéann sé ann ach minic go leor ní sheasann an borradh sin. Rinne Darren Gleeson a dhícheall leo agus é ag obair minic go leor le ganntanas imreoirí ar chúis amháin nó cúis eile. Tabharfaimid seans do Davy sula scríobhfaidh mé aon rud eile faoi.

Beidh turas níos giorra ag Gleeson agus é ag taisteal trasna na teorann chuig Laois dá chéad phost eile agus iad ag imirt i gcomórtas Mhic Dhonncha arís in 2025. Chaill siad an chraobh sin d’Uíbh Fhailí anuraidh ach tá seantaithí ag Gleeson ar an gcomórtas agus dhá cheann buaite ag Aontroim faoina chúram in 2020 agus 2022.

I bPort Láirge tá Peter Queally, iarchúntóir de chuid Davy Fitzgerald, roghnaithe mar cheannasaí sa chontae. Dar ndóigh tá éacht á dhéanamh ag Baile Gunnair sa chontae ach ní cosúil go bhfuil an fhoireann contae ábalta aon inspioráid a fháil ó na seaimpíní a bhuaigh an chraobh aon uair déag i ndiaidh a chéile. Is suimiúil a léamh go bhfuil Ciarraí chun duine dá muintir féinig a phiocadh mar cheannaire ar a gcuid iománaithe sinsir.

John Griffin as Leic Snámha a chaithfidh bib an bhainisteora. D’imir an múinteoir bunscoile, atá fostaithe i gCnocán na Biolraí i gCorcaigh [seanscoil an Mháistir é féinig, Éamonn Ryan] don chontae ó 2003 go 2017 agus bhí sé mar chóitseálaí le hiománaithe Chorcaí nuair a bhí Kieran Kingston ina bhfeighil.

Chomh maith leis sin bhí sé mar chóitseálaí le Baile Garbháin, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (MTU), Rogha Éireann agus Uí Mhic Coille. D’imir sé tamall freisin leis an Bhlarna agus té sé ina chóitseálaí le Carraig Tuathail i mbliana. Is léir mar sin nach bhfuil sé gann ar thaithí ná ar eolas a cheirde. Dar ndóigh beidh iománaithe na Ríochta ag glacadh páirt i gcomórtas Mhic Dhonncha agus i Roinn 2A nua na hiomána.

Tá fear Luimnigh Seoirse Bulfin, a bhí ar mheitheal bainistíocha Davy Fitzgerald cúpla áit, ainmnithe mar bhainisteoir ar chontae na hIarmhí. Seo ardú céime dó. Beidh ceisteanna go leor le freagairt aige sa dúshlán nua sin.

Bhí mórán tuairimíochta faoin bpost sa Ghaillimh nuair a d’fhógair Henry Shefflin go raibh sé ag fágáil. Agus ansin nuair a d’fhág Micheál Donoghue a phost i mBaile Átha Cliath bhíomar go léir ag cur dó agus dó le chéile. An uair seo arís ba é ceathair an freagra ceart agus fuaireamar deimhniú de sin cúpla seachtain ó shin nuair a fógraíodh go raibh conradh ceithre bliana faighte aige. Dar ndóigh, chomh fada agus is eol domsa, ní bhíonn aon chonradh sínithe i gceist idir aon chontae agus bainisteoir agus mura n-oibríonn rudaí amach is féidir leis an mbainisteoir ‘siúl ‘ nó is féidir le bord an chontae fáil réidh leis aon am sa ‘conradh’.

Beidh leantóirí na hiomána agus bord na Gaillimhe ag súil go mbainfidh sé níos mó as na himreoirí ná mar a bhain Shefflin.

I lár na seachtaine d’fhógair bord Luimnigh go raibh John Kiely agus Paul Kinnerk ag fanacht ansin dhá bhliain eile ar a laghad. Déarfainn go bhfuil muintir Luimnigh sásta leis sin.

I mBaile Átha Cliath tá duine nua acu a bheidh ag caitheamh bib an bhainisteora agus is duine dá muintir féin é. Sea beidh Niall Ó Ceallacháin i bhfeighil. Bhí sé ina bhainisteoir ar na Fianna a bhuaigh craobh an chontae anuraidh agus caithfidh go bhfuil eolas cuimsitheach aige ar imreoirí sa chontae.

Focal Scoir: Go raibh maith agaibh le Carraig agus Alan Titley a d’fhág teachtaireacht ag bun m’ailt an tseachtain seo caite. Agus sea, bhuamar ár gcluiche deireanach agus an ‘geansaí gorm solasmhar’ á chaitheamh ag imreoirí na Barrs. Is beag geansaí na laethanta seo nach bhfuil ainm urraitheora éigin atá brataithe air. Tá na Barrs fós ag seasamh an fhóid!

Fág freagra ar 'An roth ag casadh arís agus bainisteoirí nua ag dul i mbun dualgais'