Áit sna ‘Super 8s’ ar fáil agus foirne ag dul chun páirce i mBabhta 4 de na cluichí cáilithe

Imreofar trí cinn den cheithre chluiche i mBabhta 4 de na cluichí cáilithe tráthnóna agus Ros Comáin, Ard Mhacha, Tír Eoghain, Corcaigh, Fear Manach agus Cill Dara uile ag iarraidh áit a bhaint amach sna ‘Super 8s’

Mark Sheilds. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ros Comáin v Ard Mhacha – Port Laoise, 3pm

Bhí bua iontach ag peileadóirí Ard Mhacha i gcoinne an Chláir an deireadh seachtaine seo caite. Bhí na Cláirínigh ceithre phointe chun cinn agus an t-am beagnach caite ach d’aimsigh Ard Mhacha 1-5 san am a bhí fágtha chun an cluiche a thabhairt leo.

Ba é sin an tríú cluiche as a chéile atá buaite ag foireann Kieran McGeeney sna babhtaí cáilithe agus iad anois lán le flosc agus fuinneamh.

Ar an láimh eile, níl cluiche ar bith imeartha ag Ros Comáin ó chliseadar i gcoinne na Gaillimhe i gcluiche ceannais Chonnacht trí seachtaine ó shin. Bhí Ros Comáin chun tosaigh ag leath ama sa chluiche sin ach nuair nár aimsigh siad ach 1-1 sa dara leath thapaigh an Ghaillimh an deis tuisle a bhaint astu.

Tá foireann níos fearr ag Ros Comáin ná atá ag Ard Mhacha ach tabharfaidh na buanna sin a bhí ag na hUltaigh le mí anuas an-mhisneach dóibh. Dá n-éireodh leo tús maith a chur leis an gcluiche, agus gan a bheith ag brath ar theacht anair a dhéanamh arís, d’fhéadfaidís an lá a thabhairt leo. Mar sin féin, beidh Kevin McStay agus imreoirí Ros Comáin ar a n-airdeall údar mór díomá a bheadh ann d’fhir an iarthair mura n-éireodh leo na ‘Super 8s’ a bhaint amach i mbliana.

Rogha Tuairisc.ie: Ros Comáin

 

Mickey Harte. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Corcaigh v Tír Eoghain – Port Laoise, 5pm

Beidh sé deacair ag Mickey Harte agus Tír Eoghain aon léamh a dhéanamh ar Chorcaigh. Bhuail Ciarraí greadadh uafásach orthu i gcluiche ceannais na Mumhan, ach déarfá nach bhféadfaidís a bheith chomh dona céanna arís.

Tugadh stánáil do Chorcaigh i gcluiche ceannais an chúige anuraidh chomh maith ach thugadar an-taispeántas i gcoinne Mhaigh Eo i mBabhta 4 na gcluichí cáilithe ina dhiaidh sin. Thug Maigh Eo na cosa leo tar éis am breise ach bhí deiseanna ag Corcaigh an cluiche sin a bhuachan.

Beidh taispeántas den chaighdeán céanna ag teastáil tráthnóna má tá siad chun Tír Eoghain a chloí.

Tá foireann Mickey Harte ag treabhadh leo tríd an gcúldoras tar éis do Mhuineachán an ceann is fearr a fháil orthu i gCraobh Uladh. Tá contae na Mí, Ceatharlach agus contae an Chabháin curtha de dhroim seoil ag Tír Eoghain sna babhtaí cáilithe cheana féin agus gach seans go gcuirfidh siad deireadh le séasúr Chorcaí inniu chomh maith.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain

 

Kevin Flynn. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Fear Manach v Cill Dara – Páirc Tailteann, 7pm

Bhí bua den scoth ag peileadóirí Chill Dara ar Mhaigh Eo an tseachtain seo caite ach is mór idir an cluiche sin agus ceann na hoíche anocht i bPáirc Tailteann. Is léir gur thug an t-achrann uile faoi ‘Droichead Nua nó dada’ spreagadh don fhoireann ach caithfidh an preagadh teacht uathu féin do choimhlint na hoíche anocht.

Níl mórán cosúlachtaí idir stíl imeartha Mhaigh Eo agus stíl Fhear Manach ach an oiread. Beidh Rory Gallagher breá sásta seilbh na liathróide a thabhairt do Chill Dara agus go leor imreoirí a chur siar i mbun cosanta.

Ní éiríonn go maith le Cill Dara nuair a imríonn siad i gcoinne na bhfoirne cosantacha seo. Tá córas den chineál céanna in úsáid ag Ceatharlach agus d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Chill Dara níos luaithe sa chraobh.

Dá gcaillfidís anocht bheadh an dul chun cinn uile atá déanta acu ó shin curtha ó mhaith acu, ach bheadh súil agat go bhfuil cúpla ceacht foghlamtha ag Cian O’Neill ón gcluiche sin i gcoinne Cheatharlach agus go mbainfidh sé leas astu anocht.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Dara

Fág freagra ar 'Áit sna ‘Super 8s’ ar fáil agus foirne ag dul chun páirce i mBabhta 4 de na cluichí cáilithe'