Bhí ríméad ar mhuintir an Spidéil inné nuair a d’éirigh lena bhfoireann peile Craobh Idirmheánach Chonnacht a thabhairt leo, an chéad uair riamh ag an gcumann Gaeltachta craobh Chonnacht a bhuachan. Lasadh tinte cnámh agus bhí scléip go maidin ann i ndiaidh dóibh an ceann is fearr a fháil ar Fhíorta, seaimpíní Ros Comáin, ar Pháirc Naomh Iarlaith, Tuaim. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Copy and paste this URL into your WordPress site to embed
Copy and paste this code into your site to embed