GAILEARAÍ: Slua mór i gCois Fharraige do nochtadh leacht cuimhneacháin Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta

Rinneadh comóradh inné ar bhunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta san áit chéanna ar tháinig ann di an 23 Márta 1969 – Seanscoil Sailearna (Scoil an Chnoic an t-am sin) in Indreabhán i gCois Fharraige i gConamara. Pictiúir: Seán Ó Mainnín