Rinneadh comóradh inné ar bhunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta san áit chéanna ar tháinig ann di an 23 Márta 1969 - Seanscoil Sailearna (Scoil an Chnoic an t-am sin) in Indreabhán i gCois Fharraige i gConamara. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Beirt de bhunaitheoirí Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig, ar chlé, agus Máire Ní Fhlathartaigh, ar dheis, ag nochtadh leacht cuimhneacháin ag comóradh 50 bliain ó bunaíodh an ghluaiseacht i Scoil an Chnoic, Seanscoil Sailearna, ar an 23 Márta 1969.
50 bliain ó shin. Máirtín Ó Cadhain ag caint ar an gCeathrú Rua le linn thoghchán 1969. Sa phictiúr chomh maith tá Peadar Mac an Iomaire, Frank Flannery (Western Civil Rights Movement) agus Seán Ó Tuairisg
Gearóid Ó Fátharta, Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige, a bhí mar fhear an tí ag an ócáid
An slua i Seanscoil Salearna
Máire Ní Fhlathartaigh, ceann de bhunaitheoirí na Gluaiseachta
Seosamh Ó Cuaig, duine de bhunaitheoirí eile na Gluaiseachta
Seán Ó Tuairisg (FF), Cathaoirleach ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Tomás Mac Pháidín, GRETB, Máire Ní Chéide agus Peadar Mac an Iomaire
Peadar Mac an Iomaire a sheas in olltoghchán 1960 don Ghluaiseacht nua. Sa phictiúr chomh maith tá Joe Steve Ó Neachtain, duine eile de bhunaitheoirí na Gluaiseachta, agus a bhean Máirín
Seosamh Ó Cuaig
Cuid de lucht Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta 50 bliain ó shin, a ngaolta agus a gcairde ag seasamh os comhair an leacht chuimhneacháin nua
Peig Ní Choinceanainn agus a fear céile Maolsheachlainn Ó Caollaí, iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, beirt a raibh baint mhór acu leis an bpicéad a eagrú ar thaifeadadh ‘Quicksilver’ i dTeach Furbo, eachtra a spreag bunú na Gluaiseachta.
Fir na gluaiseachta: Ó chlé: Seosamh Ó Cuaig, Bob Quinn, Pádraig de Bhaldraithe, a raibh a athair, Tomás, páirteach sa ghluaiseacht, Peadar Mac An Iomaire agus Ruaidhrí Ó Tuairisg
Dónall Ó Braonáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus cur síos a dhéanamh aige ar an saothar cartlainne ‘Glórtha na Gluaiseachta’
Aisteoirí óga Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, lena ndráma, CEARTA, a stiúir a múinteoir Bróna Ní Uallacháin
Aisteoirí Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, tar éis an léirithe
Ruaidhrí Ó Tuairisg ag breathnú ar an taispeántas
Kate Fennell, iníon le Deasún Fennell, an scríbhneoir agus smaointeoir a raibh an-bhaint aige le bunú na gluaiseachta, agus Seosamh Ó Cuaig
Mamie Ní Chualáin agus Máirín Nic Lochlainn
Stiofán Ó Conchubhair agus Pádraic Willie Ó Fatharta
Taispeántas d’ábhar a bhain leis an nGluaiseacht
Súil á caitheamh ar sheanphictiúir
Colm Ó Mainín ina sheasamh taobh le pictiúr a tógadh de nuair a chuaigh sé féin agus daoine eile suas Cnoc Mordáin san oíche le craoladh bradach teilifíse a dhéanamh
Joe Steve Ó Neachtain ag léamh tuairiscí na nuachtán ó 50 bliain ó shin
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Slua mór i gCois Fharraige do nochtadh leacht cuimhneacháin Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta'