GAILEARAÍ: Slua maith i láthair ag Ceiliúradh an Bhlascaoid i nDún Chaoin agus sparánacht bronnta ar mhac léinn óg ón Daingean

Bhí slua maith i láthair ag Ceiliúradh an Bhlascaoid in Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin i mbliana, mar ar bronnadh sparánacht, a thionscain an Dr Maidhc Ó Ceárna, iar-Bhlascaodach nach maireann, ar Shiobhán Ní Neachtain. Ba é téama Cheiliúradh na bliana seo ná Piaras, Piaras Feiritéar, an file agus an laoch béaloidis