GAILEARAÍ: Páistí na Ceathrún Rua craiceáilte i ndiaidh Dhaidí na Nollag agus é ar cuairt ar an nGaeltacht

Tháinig muintir na Ceathrún Rua i gConamara amach ina gcéadta le haghaidh lasadh a gCrann Nollag agus le fáilte a chur roimh Dhaidí na Nollag féin. Chuir Cór Scoil Mhic Dara tús ceolmhar leis an oíche agus cuireadh clabhsúr ar an ócáid le cóisir i Siopa Sheáinín Tommy. Pictiúir: Seán Ó Mainnín