GAILEARAÍ: Oíche ghéimiúil i gConamara agus slua mór ag seoladh leabhar amhrán na Trá Báine

Bhí Scoil Rónáin na Trá Báine i gConamara plódaithe Dé Sathairn nuair a seoladh an leabhar agus dlúthdhiosca nua ‘An Baile Beag Géimiúil – Amhráin na Trá Báine’, a chuir Sinéad Ní Ráinne, as an mbaile beag géimiúil céanna, in eagar. Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh. Pictiúir: Seán Ó Mainnín