Bhí Scoil Rónáin na Trá Báine i gConamara plódaithe Dé Sathairn nuair a seoladh an leabhar agus dlúthdhiosca nua 'An Baile Beag Géimiúil - Amhráin na Trá Báine', a chuir Sinéad Ní Ráinne, as an mbaile beag géimiúil céanna, in eagar. Cló Iar-Chonnacht a d'fhoilsigh. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Dé Luain, Nollaig 16 2019 ag 6:44 pm
Sinéad Ní Ráinne lena leabhar nua ‘An Baile Beag Géimiúil – Amhráin na Trá Báine’ atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
Deirdre Ni Thuathail, ó na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht, ag cur tús leis an seoladh i Scoil Rónáin na Trá Báine
Mike P Ó Conaola a sheol an leabhar agus é ag brú gaoil ar mhuintir na Trá Báine ar fad
Mike P Ó Conaola, aisteoir agus craoltóir, agus cuid den seanchas sa leabhar á ríomh aige
Sinéad Ní Ráinne agus a saothar á thiomnú aici do na seacht seacht de mhuintir na Trá Báine a chuaigh roimpi agus a thiocfaidh ina diaidh
Slua breá sa Trá Bháin ag an seoladh
Máire Ní Fhinneadha agus Máire Uí Ráinne, file, staraí agus oide a bhí tráth ag múineadh i Scoil na Trá Báine
Cassie (5), Colm (8) agus Dahlia Keane (6)
Lorraine Nic Cormaic agus a fear, Paul Ó Cuinn
Noreen Uí Lochlainn agus Niamh Ní Lochlainn
Joe Connolly, Sinéad agus a hiníon Kate. Tá dhá amhrán le máthair Joe, Mary Mháire Sheáinín, sa leabhar
Gearóid agus Máire Denvir le Sinéad agus Kate
Bríd Uí Ráinne, Páraic Ó Ráinne agus Tomás Seoighe
Clann an fhile, Mary Mháire Sheáinín Uí Chonghaile, John, Sarah agus Joe
Máirín, Colm agus Maitiú Gannon as an Droim, Leitir Móir
Seán Chóil Neaine Mac Donncha, Ráth Chairn. Athair Sheáin, Cóil Neaine Pháidín atá ag gabháil trí cinn de na hamhráin ar an CD ‘An Baile Beag Géimiúil’
Áine, Nóra agus Baba Ní Ógáin
Edel Ní Loideáin agus Máirín Uí Fhlatharta
Tomás Ó Mainín agus Éadaoin Ní Mhainín
Grace Sullivan agus Mary Conneely
Éanna agus Fiach Mac Fhionnlaoich agus Mairéad Ní Oistín
Bridget Bhreathnach, Cló Iar-Chonnacht agus Máirtín Tom Sheáinín, RnaG
Máire Thomáis Pheadair Mhic Eoin Uí Fhlatharta agus Máire Ní Fhinneadha. Tá cuid mhór den seanchas a fuair Máire Mhic Eoin óna máthair sa leabhar nua.
Kate Ní Mhainín fós ag gáire, lena máthair agus a hathair, Sinéad agus Cathal, agus a deartháir Ruadharc
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Oíche ghéimiúil i gConamara agus slua mór ag seoladh leabhar amhrán na Trá Báine'