‘Zoomcom’ nua ag TG4 dúinn agus gan de locht air ach a laghad

An liobarnacht a bhaineann le gaol nua, plúchadh na dianghlasála, scléaróis iolrach, ‘swipeáil’ ar Tinder, fadhbanna idirlín agus paistí grinn le feiscint sa chéad ghála de Le Ceangal

‘Zoomcom’ nua ag TG4 dúinn agus gan de locht air ach a laghad

Tháinig an chéad dá ghála de Le Ceangal, an saothar drámaíochta is déanaí ó TG4, chugainn ar líne ar an Aoine. Saothar é seo faoin gCoróinvíreas agus é déanta is craolta i rith na paindéime.

Tá aithne curtha ag an saol Fódlach ar chruinnithe Zoom agus bogearraí eile nach iad le míonna anuas.

Ní nach ionadh mar sin go mbeadh siad i lár an aonaigh i saothar drámaíochta.

Lena chois sin cabhraíonn múnla an scéil leis an scaradh fisiciúil i rith an léirithe. De réir mar a thuigim, ‘Zoomcom’ a thugtar ar shaothar den saghas seo.

Zoom idir sin agus an anachain.

Ocht gclár ar fad a bheidh sa tsraith agus iad ar fad cúig nóiméad nó mar sin ar fhad. Craolfar dhá cheann gach Aoine ar YouTube agus ar an ardán BLOC.

Éiríonn leis an scríbhneoir agus stiúrthóir Oisín Mistéil go leor a bhrú isteach sa chéad chúig nóiméad – an liobarnacht a bhaineann le gaol nua, plúchadh na dianghlasála, scléaróis iolrach, “swipeáil” ar Tinder, fadhbanna idirlín agus paistí grinn.

Roimh ré an choróinvíris bhí Aoife (Eva-Jane Gaffney) agus Declan (Eoin Ó Dubhghaill), atá sna fichidí, tar éis cúig choinne a bheith acu agus iad ar tí geallúint dá chéile trí theacht den ardán Tinder.

D’imigh sin agus tháinig seo agus táid ag iarraidh an gaol a choimeád sa tsiúl.

Tá Declan sáinnithe sa Ghaillimh agus tá Aoife ag clutharú i mBaile Átha Cliath lena hathair a bhfuil scléaróis iolrach air; rud, ní nach ionadh, a leagann ualach sa bhreis uirthi. Is cinnte go ndéanfar an téama seo a iniúchadh tuilleadh sna gálaí atá le teacht,

Cúis gháire chugainn ag tús na míre is Declan ag cnáimhseán faoi gcumha atá air faoin seansaol agus é ag rá go bhfuil sé tar éis féachaint ar mhír físe go minic. Séard atá sa mhír físe chéanna ná maide pínt á líonadh. 

Éiríonn rudaí achrannach ansin agus plé á dhéanamh acu faoin ar cheart dóibh teacht den ardán Tinder. Déantar an comhrá sin a ionramháil go héadromchroíoch agus go réalaíoch.

Úsáidtear scáileán roinnte na ríomhairí go cliste agus cá mbeimis gan amscaíocht an chomhrá ar líne agus fadhbanna idirlín.

Aisteoireacht bhreá nádúrtha ón mbeirt cheann feadhna agus carachtair dhaonna réalaíocha idir lámha acu. Bhí sé go deas am a chaitheamh ina bhfochair. An t-aon locht atá agam air ná a laghad. Cá bhfios ná go bhféadfaí tógaint ar an ngaol seo le saothar níos mó a bhaint as agus léiriú a dhéanamh ar an ngaol is sinn ag éalú amach ón bpaindéim?

I bhfianaise an dúil mhíchuibheasach a bhí in Normal People ní haon díobháil do TG4 guailleáil isteach i margadh chaidreamh na n-óg.

Fág freagra ar '‘Zoomcom’ nua ag TG4 dúinn agus gan de locht air ach a laghad'

  • Breathnóir1

    Aontaím. Chonaic mé an chéad dá fhíseán agus bhain mé an-sult astu. Mar a deir Breandán, an t-aon locht atá orthu ná cé chomh gairid is atá siad. Is fada an lá ó bhí sraith de dhráma grinn ar TG4 – nach dtiocfadh leo forbairt a dhéanamh ar an smaoineamh seo agus sraith chlár x 30 nóiméad a dhéanamh? Ba dheas an rud sin a fheiceáil.