‘Zón rialacháin uile-oileánda’ molta ag Johnson in áit an chúlstop

Leag Príomh-Aire na Breataine a phlean do mhargadh Breatimeachta faoi bhráid an AE inniu agus deir an tAE go scrúdófar ‘go hoibiachtúil’ na moltaí ann

‘Zón rialacháin uile-oileánda’ molta ag Johnson in áit an chúlstop

Tá prótacal nua molta in áit an chúlstop ag Boris Johnson.

Faoin moladh d’fhanfadh Tuaisceart Éireann i margadh aonair na hEorpa d’earraí mar chuid de “zón rialacháin uile-oileánda” nua.

Tá glactha ag an DUP leis an bplean.

Faoin moladh nua, chaithfeadh Tionól Stormont a mbeannacht a thabhairt do na socruithe agus ansin vótáil gach ceithre bliana chun iad a choinneáil nó a mhalairt. Ní léir cad a tharlódh sa chás go ndiúltófaí in Stormont do na socruithe.

Tá ráite ag an AE go scrúdófar “go hoibiachtúil” na moltaí.

Leag Príomh-Aire na Breataine a phlean do mhargadh Breatimeachta faoi bhráid an AE inniu agus é ag maíomh gurb é a thairiscint deiridh i gcomhair cainteanna í.

Dúirt sé nach raibh aon rogha eile ann ach an ceann seo nó Breatimeacht gan mhargadh.

An plean ‘dhá theorainn ar feadh ceithre bliana’ atá baiste ar mholtaí Johnson.

Faoin socrú atá molta ag Rialtas na Breataine d’fhágfaidís an AE ar an 31 Deireadh Fómhair agus bheadh socrú speisialta ann do Thuaisceart Éireann don idirthréimhse  go dtí mí na Nollag 2020 agus ina dhiaidh sin.

Thiocfadh Tuaisceart Éireann faoi rialacha de chuid an mhargaidh aonair maidir le hearraí go dtí 2025 ach d’fhágfadh na sé chontae an t-aontas custam leis an gcuid eile.

Faoi phlean Johnson, bheadh seiceálacha custaim ar earraí idir an Bhreatain agus an Tuaisceart agus ó tharla nach mbeidh Tuaisceart Éireann san aontas custam chaithfí seiceálacha custaim a chur idir an tuaisceart agus an deisceart, rud nach bhfuil inghlactha ag Rialtas na hÉireann.

Dúirt iar-rúnaí stáit an Tuaiscirt Peter Hain inniu gurb amhlaidh gur sárú ar an dlí a bhí sa mholadh seo agus go ndéanfadh sé dochar mór do Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Nasc

Mhaígh Hain gur “ag moladh an dlí a shárú” a bhí Rialtas na Breataine trí mholadh go gcuirfí seiceálacha breise custaim agus caidrimh trádála éagsúla i bhfeidhm ar dhá thaobh na teorann.

Sárú a bheadh ann ar an Acht Aistarraingthe 2018, acht a chuireann cosc ar aon socrú maidir le hinfreastruchtúr nó seiceálacha nua ar an teorainn i ndiaidh lá an Bhreatimeachta.

Dúirt Boris Johnson ag comhdháil a pháirtí inniu go ndéanfaí gach iarracht teacht ar mhargadh imeachta ach go mbeifí ag imeacht as an AE ar an 31 Deireadh Fómhair is cuma cad a tharlódh.

Tugadh reachtaíocht isteach i bparlaimint Westminster an mhí seo caite, áfach, a fhágann go mbeidh ar Johnson síneadh ama ar an mBreatimeacht a lorg mura mbeidh glactha ag an bparlaimint le margadh nó le himeacht gan mhargadh.

Tá ráite go minic ag ceannairí an AE nach gceadófar aon athrú ar an gcúlstop sa mhargadh a aontaíodh cheana leis an Ríocht Aontaithe.

Tá sé ráite chomh maith acu nach ndéanfaidh siad aon idirbheartaíocht eile faoin socrú sin a cuireadh isteach sa chomhaontú aistarraingthe le cinntiú nach mbeidh teorainn chrua in Éirinn.

Fág freagra ar '‘Zón rialacháin uile-oileánda’ molta ag Johnson in áit an chúlstop'