Zinzan Brooke, an pheil Ghaelach agus ré an rugbaí amaitéaraigh

I 1987 ba liúntas £20 sa lá ar a mhéid a fuair imreoirí idirnáisiúnta agus iad imithe as baile gus gan é le fáil mura mbeadh trí seachtaine caite i gcéin

Zinzan Brooke, an pheil Ghaelach agus ré an rugbaí amaitéaraigh

Zinzan Brooke. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Mura dtiocfaidh cúrsaí go mór in aimhréidh, ba cheart faoin am a léifidh tusa seo go mbeadh áit bainte amach ag Éirinn i mbabhta ceathrú ceannais de Chraobh Rugbaí an Domhain sa tSeapáin díreach mar a rinne siad nuair a imríodh an comórtas den chéad uair riamh sa Nua-Shéalainn agus sa tSeapáin i 1987.

Níor tháinig an ghairmiúlacht go ceann ocht mbliana ina dhiaidh sin agus i 1987 ba liúntas £20 sa lá ar a mhéid a fuair imreoirí idirnáisiúnta agus iad imithe as baile. Ord Idirnáisiúnta an Rugbaí (IRB) a leag sin síos agus gan é le fáil mura mbeadh trí seachtaine caite i gcéin. Bhí eagraíochtaí náisiúnta na dtíortha éagsúla chomh sprionlaithe sin agus go mba mhinic gur turas 20 lá a bhíodh leagtha amach in aon turas acu.

Bheadh ceithre bliana eile ann sular bunaíodh sraithchomórtas náisiúnta amaitéarach i Sasana agus na déaga de bhlianta sular tháinig Sraithchomórtais na hÉireann, rud a d’fhág go mba chomórtais réigiúnda iad na cinn ba mhó le rá ina mbíodh imreoirí idirnáisiúnta i gcomórtas ina dtíortha féin – sraithchomórtais agus craobhchomórtais na gcúigí i gcás na tíre seo.

Imreoirí amaitéaracha mar sin a bhí ag imirt ar na 16 foireann a chuaigh sa tóir den chéad uair ar Chorn Webb Ellis. I gcás na tíre seo ba ag obair in earnáil na baincéireachta nó an airgeadais a bhíodh a mbunáite, a gcaptaen Dónal Lenihan san áireamh. Ach bhí fáil ar an uile chineál duine ina measc siúd a raibh tréidlia darbh ainm Mick Doyle mar phríomhoiliúnaí orthu.

Bhí tréidlia eile (Derek McGrath) ar dhuine dá chuid imreoirí, cúpla múinteoir (Tony Ward, Philip Matthews), dlíodóir (Trevor Ringland), ball de chuid an RUC (Jim Coy), a mbíodh Garda armtha taobh amuigh dá sheomra codlata nuair a d’imríodh an fhoireann i mBaile Átha Cliath, dochtúirí leighis darbh ainm David Irwin agus Brian Spillane, bhuaigh Spillane Craobhacha Sinsearacha Peile CLG i Luimneach le Cumann Mhóin an Lín.

Bhuaigh an Astráil ar Éirinn, dála an scéil, sa mbabhta ceathrú ceannais sin i 1987. Ba iad an Nua-Shéalainn a thug an corn leo i ndeireadh báire agus tráthúil go leor bhí beirt ar a bhfoireann siúd a d’imir an pheil Ghaelach freisin – Bernie McCahill a d’imir sa líne trí ceathrú agus Zinzan Brooke, fear atá áirithe ar dhuine díobh siúd ab fhearr riamh a chaith geansaí uimhir 8. Bhí sé de phribhléid agam lámh a chroitheadh leis i gceann de na seomraí feistis i bPáirc an Chrócaigh tar éis do Ghaillimh Craobh Peile na hÉireann a bhuachan in 2001.

I bhfoisceacht 100 méadar dá chéile in Auckland a rugadh an bheirt agus ós rud é go mba as Dún nan Gall athair McCahill thosaigh sé ag imirt na peile Gaelaí leis na Auckland Gaels le linn a óige. Fiú agus áit bainte amach aige ar an bhfoireann idirnáisiúnta rugbaí lean sé air leis an gcluiche Gaelach ach an deis a bheith aige. Thagadh Zinzan Brooke leis chomh minic céanna. Thaithnigh an cluiche chomh mór leis siúd gur choinnigh sé leis nuair a chuir sé faoi i Londain blianta dár gcionn, áit ar imir sé le cumann Naomh Breandán in iardheisceart na cathrach, thart ar Ealing, Richmond agus Hounslow.

Clár raidió a bhí an t-iriseoir John Inverdale a dhéanamh don BBC agus iadsan i mbun iarrachta an pheil Ghaelach a mhíniú dá lucht éisteachta a d’fhág go raibh sé féin agus ‘Zinnie’ i seomra feistis na Gaillimhe in 2001 agus cé go bhfeicim anois gur 6’ 3” a bhí sé, b’fhacthas domsa ag an am go raibh sé i bhfad ní b’airde ná aon duine eile a bhí i láthair, cé gur dóigh go raibh ar a laghad dhá orlach ag Kevin Walsh air.

Mar imreoir bhí spreac an tosaí agus gliceas an chúlaí i Zinzan Brooke – i gcluiche amháin in Twickenham in aghaidh Shasana i 1995 chiceáil sé dropchúl agus é beagnach 50 méadar amach ó na postaí. Is fiú go mór é a aimsiú ar an idirlíon.

Ag feirmeoireacht a bhí Brooke nuair a imríodh Corn an Domhain i 1987 agus tugann an méid dá chomrádaithe a bhí ar an obair chéanna leis léargas ar an éagsúlacht a bhaineann leis an gcaoi ar eascair an rugbaí thall ansiúd agus anseo. Comhairleoir talmhaíochta freisin ab ea Andy Dalton, an té a bhí ina chaptaen ar na All Blacks – orthu siúd a raibh sé cáilithe le comhairle a chur orthu bhí a chomrádaithe imeartha Gary Whetton agus Bruce Deans. Tógálaí ab ea McCahill, mairnéalach a bhí i Buck Shelford agus ba phóilíní a bhí sa lánchúlaí John Gallagher agus i nduine de na tosaithe Murray Pierce – iad beirt ar ais i mbun oibre an mhaidin tar éis dóibh an chraobh a bhuachan.

Cé, mar atá ráite agam, go raibh fanacht roinnt blianta eile ar an ngairmiúlacht bhí boladh an airgid san aer. Ón am ar thosaigh na heagraíochtaí náisiúnta ag fáil airgid ó dhéantóirí bróg i dtús na 1980idí ba léir nach fada go mbeadh imreoirí ar thóir sciar de sin – go deimhin fuarthas amach go íocadh imreoirí as an Nua-Shéalainn agus as an mBreatain Bhig as dul ar thurais nach raibh ceadaithe chun na hAfraice Theas, a raibh iomaíocht idirnáisiúnta ceilte orthu ag an am mar gheall ar pholasaithe a bhain leis an gcinedheighilt.

Is cinnte freisin go raibh duine díobh siúd a bhí ar fhoireann na Nua-Shéalainne i 1987 ag fáil airgid, cé nach mba óna mhuintir féin é. Ag obair i siopa búistéara a athar agus ag tuilleadh $150 in aghaidh na seachtaine a bhí John Kirwan dhá bhliain roimhe sin nuair nach raibh sé ach scór. Agus seisiún traenála déanta aige in Auckland tráthnóna amháin tháinig beirt fhear bhuí-chraicneacha go dtí é agus d’fhiafraigh de an mbeadh suim aige dul chun na hIodáile go n-imreodh sé le Benetton Treviso. Le linn an chomhrá eatarthu luadh $3,000 in aghaidh na míosa.

Ní gá a rá nár chaith sé aon hata bán ná aon naprún ina dhiaidh sin agus nár ghéaraigh sé aon scian ach an oiread.

Bhí ré na gairmiúlachta sa rugbaí ar leic na tairsí.

Fág freagra ar 'Zinzan Brooke, an pheil Ghaelach agus ré an rugbaí amaitéaraigh'