Ye Vagabonds, Ulaid agus Muireann Nic Amhlaoibh ag tabhairt aghaidh ar an Traidphicnic sa Spideál an deireadh seachtaine seo

Tá tús á chur tráthnóna le Traidphicnic an Spidéil agus scoth an cheoil geallta

Ye Vagabonds, Ulaid agus Muireann Nic Amhlaoibh ag tabhairt aghaidh ar an Traidphicnic sa Spideál an deireadh seachtaine seo

Cuirfear tús leis an Traidphicnic i sráidbhaile Gaeltachta an Spidéil i gConamara tráthnóna agus mairfidh an fhéile cheoil ar feadh an deireadh seachtaine ar fad.

Seolfar an Traidphicnic inniu ag 2.30in ar an phríomhardán atá tógtha ag Ceardlann an Spidéil, an t-ochtú bliain ag an fhéile anseo.

Cé go raibh imní ann anuraidh nach bhféadfaí an fhéile á reáchtáil ar an láthair sin i mbliana,  d’éirigh le lucht eagair na féile socrú a chinntiú chun an fhéile a reáchtáil sa cheardlann, mar ba ghnách.

Tráthnóna beidh amhránaithe agus ceoltóirí as an cheantar i mbun ceoil; ina measc Róisín Seoighe as Ros an Mhíl, Fódhla Ní Bhraonáin as Indreabhán agus Liz Kane as Leitir Fraic sula dtabharfaidh Ye Vagabonds aghaidh ar an phríomhstáitse anocht.

Muintir Uí Cheannabháin as an Aird Thoir i gConamara, a chuirfidh tús leis na himeachtaí Dé Sathairn ag a 2.00in agus seolfar albam nua le Doireann Glackin agus Sarah Flynn ‘The Housekeepers’ ina dhiaidh sin.

I measc na gceoltóirí a bheas le cloisteáil ar an stáitse oíche Dé Sathairn beidh The Friel Sisters agus Cathal Ó Curráin, Stevie Dunne, Brian McGrath, Ulaid agus Muireann Nic Amhlaoibh.

Cuirfidh an Contempo Quartet agus Padraic Keane tús le himeachtaí ar an phríomhstáitse Dé Domhnaigh agus rachaidh Gráinne Smyth, Finnian O’Connor, Black West agus Ceoltóirí Chois Fharraige i mbun ceoil ina dhiaidh sin.

Chomh maith leis na seisiúin ar an ardán ag an Cheardlann, beidh scoth na seisiún ar siúl sna tithe tábhairne sa Spidéal gach oíche, agus beidh ceardlanna ceoil agus damhsa á reáchtáil Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.

Beidh neart imeachtaí eile ar siúl le linn na féile, ina measc sníomh olla, péinteáil aghaidhe, ealaín sráide chailce agus spraoi le móin, mar a mbeidh seodra á ndéanamh as móin na háite.

Is ‘íoc an méid is féidir leat’ an treoir don lucht freastail arís i mbliana.

http://tradpicnic.com/

Fág freagra ar 'Ye Vagabonds, Ulaid agus Muireann Nic Amhlaoibh ag tabhairt aghaidh ar an Traidphicnic sa Spideál an deireadh seachtaine seo'