Féach/Éist leis an mír físe arís agus déan iarracht na bearnaí seo a líonadh.
Síle: Tá’s agam céard a rinne tú?
Micheál: Céard atá agat?
Síle: Tá a fhios agat go maith céard faoi atá mé ag caint.
Micheál: Níl tuairim agam céard atá tú ag caint faoi?
Síle: Chonaic Máire sibh.
Micheál: Céard a chonaic sí? mé í siúd le seachtain.
Síle: Ní fhaca an ea? Bhuel chonaic sí an bheirt agaibh sa bhaile mór ag an deireadh seachtaine.
Micheál: Nach cuma. Bhíos sa bhaile mór le hEoin.
Síle: Ná bí ag insint bréag.
Micheál: Nílim bréag.
Síle: Bhuel chonaic Máire tú féin agus Beití ag teacht amach as an bpictiúrlann. Chomh maith leis sin chonaic sí sibh ag pógadh a chéile.