Ní fhillfear ar an tseanealaín, a dúirt Enda Kenny arís i rith na seachtaine.
Stuaim a gheall sé agus cur chuige an rialtais i gcomhair Cháinaisnéis an fhómhair á phlé aige le Seán O’Rourke ar RTÉ. Coimeádfar srian ar chaiteachas, a dúirt an Taoiseach, agus ní chuirfear aireachas airgeadais i leataobh chun vótóirí a shásamh roimh an olltoghchán. Feicfimid.
Ní foláir a bheith amhrasach i bhfianaise a ndearna beagnach gach rialtas ó bunaíodh an stát agus iad ag teannadh le toghchán. Má bhíonn rialtas róchrua nó róchiallmhar, dar leis na vótóirí, gearrtar pionós gan trócaire (mar a tharla tar éis laghdú an phinsin i 1924 – féach thíos).
Tá an geilleagar ag dul i bhfeabhas, mar a léirigh laghdú eile ar an ráta dífhostaíochta (a deich faoin gcéad, nó laghdú 42,000 le bliain) agus méadú 13.4 faoin gcéad ar ioncam cánach an rialtais go dtí seo i mbliana, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Tá bunús réasúnta faoin gcás atá curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an rialtas, ar chúiseanna éagsúla. Mar shampla, toisc nach ndéanann léirléamh an Choimisiúin ar chuntais na hÉireann an laghdú ar na costais a bhaineann lenár n-iasachtaí a chur san áireamh. Má cheadaítear solúbthacht don rialtas (mar a ceadaíodh don Fhrainc le gairid), beidh idir €700m agus €1bn sa bhreis le caitheamh ag an rialtas.
D’fhéadfaí caiteachas a mhéadú gan stró. Tá faoiseamh ar cháin geallta cheana féin ag Enda Kenny. Tá ardaithe ar phá á lorg ag ceardchumainn sa tseirbhís phoiblí. Teastaíonn caiteachas breise ar iliomad seirbhísí poiblí, an tseirbhís sláinte go háirithe. Cén fáth, mar sin, go mbeadh ciall leis an áiteamh gur chóir don rialtas an fód a sheasamh, in aghaidh ar a laghad sciar de na héilimh seo?
Bheadh ciall leis ar dhá chúis, sílim:
1. Toisc gur léir faoin am seo an díobháil a dhéanann leithéid na straitéise a bhí ag an Iar-Aire Airgeadais Charlie McCreevy a ndearna sé féin cur síos mar seo air i 2002: “When I have it, I spend it. When I don’t, I don’t”.
2. Toisc gur léir faoin am seo an tairbhe a bhaineann tír stuama as caiteachas breise nuair a théann an geilleagar ar gcúl, mar a rachaidh arís, lá éigin, luath nó mall.
Ró-stuaim? Ceacht ón stair
Ní mór fiacha sé mhilliún punt i gcomparáid le fiacha reatha an stáit (€182bn), ach i 1924 bhí faitíos ar an rialtas go raibh riar an státchiste ag dul ó smacht. Cuimhnigh nach raibh an Stát ach dhá bhliain d’aois, agus gur bliain roimhe sin a chríochnaigh an cogadh cathardha.
Bhí caiteachas £8m beartaithe ag an rialtas an bhliain sin, ach mhol an t-aire airgeadais Earnán de Blaghad ciorruithe. D’fhógair sé laghdú scillinge ar an bpinsean deich scilling sa Bhuiséad. Cuireadh sprionlaitheacht ina leith láithreach. Níor thug rialtas Chumann na nGaedheal aghaidh ar na vótóirí in olltoghchán go dtí 1927, ach chailleadar a móramh sa Dáil agus iad fós á gcéasadh faoi cheist an phinsin. D’fhan an páirtí i mbun rialtais le mionlach sa Dáil, ach d’fhógair siad olltoghchán eile trí mhí ina dhiaidh sin.
Theip orthu arís móramh a bhaint amach, cé nár cuireadh as oifig iad go dtí an toghchán ina dhiaidh sin i 1932. Ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin, mheabhraigh na páirtithe eile don phobal an scilling shuarach a baineadh den phinsean.
Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille
Fág freagra ar '‘When I have it, I spend it. When I don’t, I don’t’. Athmhúscailt fhealsúnacht McCreevy?'