‘We’re very lucky on this island to have two languages’ arsa Michael Longley. Áiméan agus shalom…

Idir Ulaidh agus Iarúsailéim, thug Michael Longley agus Amos Oz ábhar machnaimh dár gcolúnaí

‘We’re very lucky on this island to have two languages’ arsa Michael Longley. Áiméan agus shalom…

Michael Longley

Ba spéisiúil an méid a bhí le rá ag Michael Longley, file, agus 2018 ag teacht chun deiridh. Faoi agallamh ar BBC Raidió Uladh a bhí sé agus é ag caint faoi chúrsaí filíochta agus féiniúlachta. Is minic a éiríonn iaróg as ceist sin na féiniúlachta sa Tuaisceart ach bhí Longley, mar is dual don fhile, in ann an comhrá a lúbadh agus a chuid fhiliúnta féin a dhéanamh den ábhar.

De bhunadh aontachtúil é Longley féin, fear de chuid Bhéal Feirste. Throid a athair sa Chogadh Mhór agus tá dánta scríofa aige faoi sin. Ach baineann Longley leis an ghlúin sin de Phrotastúnaigh a théadh go hOllscoil na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, fearann nádúrtha oideachais agus cultúrtha.

Bhain sé clú amach as feabhas a chuid filíochta i mBéarla ach ba é a bhí moltach faoin Ghaeilge. Dúirt sé go raibh an t-ádh orainn go raibh an dá theanga againn, is é sin, Gaeilge agus Béarla: “We’re very lucky on this island to have two languages. It should be something that unionists should embrace and indeed they did – the United Irishmen, the northern Presbyterians in the 1790s were among the most vigorous promoters of the language. I think a lot of anti-Irish language unionists don’t know what they’re missing.”

Lena chois sin, bhí sé an-cháinteach faoina raibh le rá ag Gregory Campbell, polaiteoir de chuid an DUP, faoin teanga lá den tsaol agus faoina chuid cainte ar “curry my yoghurt”, go háirithe. Dúirt Longley: “A healthy society, a healthy political scene would celebrate Ulster Scots and especially the Irish language. It is such a huge loss if humanity loses a language.”

Ní bheadh le rá ag mórán daoine ach ‘áiméan’ a chur leis sin.

Is beag uilig go léir a bhí le rá aige nach mbeadh lucht na Gaeilge ag teacht leis. Sea, thiocfadh leat “ach” agus “b’fhéidir” a chur leis an chaint thall agus abhus. Ultais a cheiliúradh? Ba dhoiligh nó is minic a bhaineann an DUP úsáid as an Ultais féin le ceist na Gaeilge a chur ó mhaith. Agus an teanga í? Bhuel, ní hea, ní faoin am seo. Tá go leor focal fágtha a shaibhríonn Béarla Uladh ach sin a bhfuil ann i ndáiríre.

Mar sin féin, is maith mar a thugann an cúpla focal moltach féin misneach duit. Tá Longley ar dhuine de na filí is aitheanta in Éirinn agus, bíodh is nach bhfuil Gaeilge aige, nach é an t-iontas é go mothaíonn sé gur fiú í a lua, gur fiú dó í a thabhairt chun cuimhne ar chor ar bith? Tá luach aige uirthi nach mbeadh ag gach aon pholaiteoir, thuaidh ná theas.

Sin an rud a dhéanann scríbhneoirí maithe, is dócha, léargas as an úr a thabhairt duit ar ábhar achrannach.

Bhí mé ag cogaint ar a raibh le rá ag Longley nuair a fógraíodh an scéala go raibh an scríbhneoir Iosraelach, Amos Oz, i ndiaidh bás a fháil. Tháinig Oz ar an tsaol in Iarúsailéim sa bhliain 1939, go díreach agus an dara cogadh domhanda ar tí tosú agus na Naitsithe réidh le tús a chur le huafás an Shoah.

Oiread chéanna le Longley, chaith Oz a shaol ar thalamh a bhí á tharraingt anonn agus anall idir dhá phobal. Rinne sé scríbhneoir domhanda de féin i dteanga nár theanga dhomhanda í, an Eabhrais. (Cá bhfuil an scríbhneoir Gaeilge, nó Ultaise, nach bhfaigheadh ábhar dóchais as an mhéid sin féin?)

Ar ndóigh, bíonn dáimh ag mórán daoine le cás léanmhar na bPalaistíneach agus ní raibh Oz dall ar an dáimh chéanna: “The Israeli-Palestinian conflict is not a Wild West movie. It is not a struggle between good and evil, rather it is a tragedy in the ancient and most precise sense of the word: a clash between right and right, a clash between one very powerful, deep, and convincing claim, and another very different but no less convincing, no less powerful, no less humane claim.”

Thairis sin, bhí gaol níos láidre aige le stair na tíre seo. Scríobh sé: “In fact, the first words I ever learned to say in English, except for ‘yes’ and ‘no’, were the words: “British, go home!” which was what we kids used to shout as we were throwing stones at the British patrols in Jerusalem.”

Tá glúin sna sé chontae, Gaeilgeoirí ina measc, a chaith clocha agus tuilleadh le harm na Breataine agus iad ar patról i gcathracha an Tuaiscirt. Do bharúil, ar thuig siad go raibh siad ar aon taobh amháin leis an Iosraelach as Iarúsailéim? Agus sin anois agat fosta mac le saighdiúir as arm na Breataine ag moladh na Gaeilge agus, bhuel, thabharfadh sé ábhar machnaimh don té a bheadh ag iarraidh machnamh a dhéanamh.

British, go home! Slán abhaile! Shalom!

Fág freagra ar '‘We’re very lucky on this island to have two languages’ arsa Michael Longley. Áiméan agus shalom…'

  • Seán Ó Riain

    An-alt, a Phóil! Ábhar machnaimh, cinnte. Is iomaí ceacht don Ghaeilge ó abhbheochan na hEabhraise. Bímid ró-aontaobhach go minic. Is fiú Amos Oz a léamh chun tuiscint níos doimhne a fháil ar aighneas truamhéileach an Mheán-Oirthir.

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Aontaoim le Seán Ó Riain, deis caillte ag Aondachtóirí an Ghaeilge a fhoghlaim in ionad an fearann a ligint do SF.

  • Irene duffy lynch

    Alt den scoth – an oiread le foghlaim uaidh