‘Well, if you were a loyalist, you’d still be very welcome,’ arsa fear na nDéise ag Oireachtas na Gaeilge

Agus Oireachtas na Gaeilge 2019 buailte linn, chuir Tuairisc.ie ceist ar roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le mórfhéile na nGael, a bheidh ar siúl in Óstán an Citywest an tseachtain seo. Is í Gráinne Ní Ghilín, aistritheoir agus urlabhraí de chuid An Dream Dearg, atá linn an iarraidh seo…

‘Well, if you were a loyalist, you’d still be very welcome,’ arsa fear na nDéise ag Oireachtas na Gaeilge

1. Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Dún Garbhán, 1994. D’eagraigh an Chuallacht in UCC bus le scaifte againn a thabhairt soir. Is cuimhin liom go maith an chodarsnacht idir an turas ann agus an turas as – callán mór ar an bhealach ann agus ciúnas ar an bhealach abhaile (mar gheall ar an phóit agus an tuirse).

Thug mac léinn as an cheantar cúpla duine againn go teach tábhairne i gceantar na Rinne. Seomra suite i dteach a bhí ann le fírinne. Bhí fear ann do mo cheistiú faoin saol i mBéal Feirste.

‘Are you a loyalist?’ ar sé.

‘No,’ arsa mise.

‘Well, if you were a loyalist, you’d still be very welcome.’

Ansin rinne sé iarracht haisis a dhíol linn.

2. An rud is fearr faoin Oireachtas:

Castáil arís le seanchairde fud fad na tíre agus an t-am a bheith agat suí síos agus comhrá ceart a dhéanamh leo.

3. An rud is measa faoin Oireachtas ……..

Thig leis a bheith trom ar an chorp!

4. Dublin Citywest arís?

Seo mo chéad uair ann.

5. Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas

Tóg cúpla buidéal mór uisce leat agus bróga siúil. Gabh amach faoin aer ar feadh cúpla uair an chloig i rith an lae le sos a thabhairt don chorp agus don aigne. Ansin, beidh tú ullmhaithe go maith d’imeachtaí na hoíche.

Buail bleid ar dhaoine nach bhfuil aithne agat orthu, go háirithe daoine as ceantracha eile nach gcasfaí ort de ghnáth.   

Gabh isteach chuig cuid de na comórtais agus déan damhsa le achan féith i do chorp i gClub na Féile.

Más drabhlás atá uait, ná hól barraíocht i rith an lae. Tá na hoícheanta breá fada agus níor mhaith leat an chraic is fearr a chailleadh siocair go raibh ort dul a luí go luath.

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Is féidir an dá rud a dhéanamh, ach caithim féin níos mó ama i gClub na Féile – nó i dtaobh-bheár.

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?
Moladh agus buíochas go deo leis an fhoireann a reáchtálann an tOireachtas! As na hOireachtaisí uilig ar a raibh mé, Cathair na Mart an ceann ab fhearr liom. Tá sé níos pléisiúrtha a bheith lonnaithe i mbaile beag seachas scoite amach in óstán ollmhór ar imeall an bhaile. Sílim gur rud deas agus tábhachtach é fosta na Gaeil a bheith le feiceáil agus le cluinstin ar fud an bhaile. Mar ghrúpa, tá deis againn dul i bhfeidhm ar dhaoine ar bhealach iontach dearfach.

Déanann an tOireachtas urraíocht ar Shean-Nós na Fearsaide i mBéal Feirste. Tig na hamhránaithe agus na damhsóirí is fearr fud fad na tíre. Rud iontach é mar tá cuid mhór daoine ann nach bhfuil sé d’acmhainn acu taisteal chuig Oireachtas na Samhna. Mar sin, mholfainn Oireachtaisí réigiúnacha nó cineál de ródseó (chomh maith le hOireachtas na Samhna) a eagrú. Bheadh deis ag níos mó daoine a bheith páirteach sna himeachtaí. Bheadh sé níos daonlathaí, is dócha agus bheadh an tOireachtas mar chineál de ghluaiseacht leanúnach seachas imeacht aon uaire.

8. Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Ar ais sa bhaile agus cumha ort, gan fonn dá laghad ort bogadh amach as an teach go ceann seachtaine – agus a bheith ag dúil go mór leis an chéad fhéile eile.

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Féach uimhir 5.

10. Cén tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Cathair na Mart. Baile álainn é agus bhí rud éigin nádúrtha faoi mar eispéireas siocair go raibh muid istigh i lár an bhaile. Bhí an chúirt idir an dá óstán go hiontach mar áit cruinnithe fosta – bhí an t-atmaisféar ar dóigh!

Fág freagra ar '‘Well, if you were a loyalist, you’d still be very welcome,’ arsa fear na nDéise ag Oireachtas na Gaeilge'