Ward and Burke ag filleadh ar Chonamara chun forbairt a dhéanamh ar Ros an Mhíl

Creideann an comhlacht Ward and Burke go mbeidh Calafort Ros an Mhíl ina bhunchloch thábhachtach d’iarthar na tíre

Ward and Burke ag filleadh ar Chonamara chun forbairt a dhéanamh ar Ros an Mhíl

Beidh an comhlacht Ward and Burke ag tosú a gcuid oibre i gCalafort Ros an Mhíl an mhí seo chugainn agus cé dhomhainfharraige le forbairt ag phríomhchalafort an iarthair.

Ach ní hé seo an chéad uair acu ag plé le scéim mhór oibre i gConamara. Cúig bliana a bhíodar bunaithe nuair a thugadar a n-aghaidh siar ar Iorras Aithneach sa mbliain 2006. Bhí an conradh buaite acu le dhul in éadan leathnú agus forbairt a dhéanamh ar Scéim Réigiúnach Soláthair Uisce Chill Chiaráin agus Charna. Cuireadh an scéim sin go dtí na bailte ó thuaidh i bpobal Charna agus amach thríd an gCaiseal, agus siar gar go dtí Tí Mhamó ar imeall thiar an cheantair sin.

Leathnaíodh an scéim go Cloch na Rón agus go hInis Ní roinnt blianta ina dhiaidh sin. Bhí sé ar an gcaiteachas poiblí ba mhó a rinneadh taobh thiar den Choirib an uair sin – ag breith suas ar €20 milliún san iomlán.

“Bhí ár ndóthain le déanamh againn,” a deir Pádraic Burke, duine de bhunaitheoirí an chomhlachta, Ward and Burke. “Ba iad na carraigeacha agus na clocha ba mheasa, cén bhrí ach bhí clocha ann a bhí daingnithe go domhain agus chomh dalba sa talamh agus go mbrisfidís do chroí. Go cinnte, bhí muid i gConamara!”

Ach dúirt an Búrcach go raibh sásamh le baint as an obair. “Ba léir go raibh an-fháilte ag go leor daoine roimh an tseirbhís nua uisce,”a deir sé. “Thuig muid go rabhadar i bhfad ag tuineadh leis na húdaráis ag iarraidh na scéime seo. Tháinig muid thríd go maith agus tá áthas orm go bhfuil na buntáistí a bhain leis an scéim le feiceáil go soiléir ag muintir iarthar Chonamara anois.”

Ní fada go mbeidh an obair chostasach atá beartaithe do Ros an Mhíl ag tosú.

“Phraghsáil muid é ar €30 milliún,” a deir an Búrcach. “Beidh muid ag tosaí sa bhFeabhra agus cheapfainn go mbeadh an chuid is troime den obair déanta againn in imeacht bliana agus sé mhí. Tá dúshláin ag baint leis ach baineann dúshláin go minic leis an gcineál oibre a bhíonn idir lámha againn.”

Ceapann Pádraic Burke go dtiocfaidh borradh mór faoi thionscal na gaoithe amach ó chósta Chonamara agus an iarthair. “Silim go mbeidh an Calafort doimhnithe ina bhunchloch d’eacnamaíocht de chineál nua,” a deir sé.

Ó d’fhágadar Carna cosamar scór blianta ó shin, is iomaí dúshlán atá sáraithe ag Ward and Burke, comhlacht a bhunaigh triúr innealtóirí óga as oirthear na Gaillimhe in 2001. As Port Omna ó dhúchas é Pádraic Burke agus as Na Creaga í dtuaisceart na Gaillimhe iad na Wards – Robert agus Michael. Cháiligh an triúr acu mar innealtóirí in Ollscoil na Gaillimhe. Tá príomhoifig Ward and Burke suite, mar a bhí sé ó thús, i sráidbhaile tuaithe Chill Cholgáin i ndeisceart na Gaillimhe.

Ach tá craobhacha den chomhlacht scaipthe i bhfad agus i ngearr ó bhí Ward and Burke in éadan na gcarraigeacha idir Cill Chiaráin agus Cloch na Rón.

“Tá muid gafa chomh fada ó thuaidh le Fort McMurray,” a deir Pádraig Burke “an ceantar a bhfuil ola ag snámh sa ngaineamh ann.” Geimhreadh sé mhí a bhíonn in Fort McMurray, i gCúige Alberta i dtuaisceart Cheanada, sé huaire an chloig in eitleán as Toronto. Tá an taobh sin de Cheanada ina thaca an-láidir d’eacnamaíocht na tíre sin.

In éadan tolláin ghearra is mó a bhíonn Ward and Burke i Meiriceá Thuaidh. “Tá obair mar sin déanta againn ar fud na Státaí agus i gCeanada,” a deir Pádraic Burke. “Rinne muid tolláin faoi scáth shléibhte na Rockies, mar shampla.” Tá oifigí acu in Calgary, in Vancouver agus in Toronto i gCeanada agus in áiteacha éagsúla sna Stáit Aontaithe. Tá Columbus Ohio agus Santiago i gCalifornia i measc na n-ionad sin. “Bheadh lámh,  nó baint éigin, againn le idir 10 agus 15 tionscnaimh sna Státaí ag tráth ar bith den bhliain,” a deir an Búrcach.

Tá oifigí éagsúla acu freisin in Éirinn agus sa mBreatain. Is í a n-oifig i mBaile Átha Cliath an ceann is mó atá acu in Éirinn cé go bhfuil béim acu go láidir i gcónaí ar an áit ar thosaigh siad amach, Cill Cholgáin i ndeisceart na Gaillimhe.

Mórán mar a chéile atá an obair pé ar bith áit a mbeidh tú, a deir Pádraic Burke. “Tá cúrsaí innealtóireachta i gceist ann; tá pleanáil stuama ag teastáil agus tá foireann mhaith riachtanach i gcónaí. Gan foireann mhaith ní féidir barr slachta a chur ar scéim ar bith,” a deir an Búrcach.

Comhlacht dúchasach a bhunaigh triúr fear óg as Eachréidh na Gaillimhe iad Ward and Burke. D’fhoghlaim siad go leor ag plé le scéim achrannach soláthair uisce i gConamara sna chéad bhlianta agus tá tíortha agus tailte i bhfad agus i ngearr treafa acu ó shin.

Beidh siad ar ais i gConamara faoi cheann beagán seachtainí.

Fág freagra ar 'Ward and Burke ag filleadh ar Chonamara chun forbairt a dhéanamh ar Ros an Mhíl'