Walter White fé chló difriúil in Your Honor

Níl sárú Bryan Cranston ann le tabhairt faoi ról Thadhg an mhargaidh

Walter White fé chló difriúil in Your Honor

Faoi mar is eol dúinn ó Breaking Bad níl sárú Bryan Cranston ann le tabhairt faoi ról Thadhg an mhargaidh agus é i ngalar na gcás. An fear uasal ag iarraidh an chros throm atá leagtha ag an gcinniúint air a iompar. É ag géilleadh ar a phrionsabail agus a eitic is é ag iarraidh éalú as an tsáinn ina bhfuil sé. Dhein Cranston gaisce le Walter White in Breaking Bad agus seo chugainn arís é le carachtar den déanamh céanna in Your Honor (Sky Atlantic/NowTV, Dé Céadaoin). ’Séard atá sa mhionsraith deich gclár seo ná léamh Meiriceánach ar an tsraith Iosraelach Kvodo.

Breitheamh measúil cumasach é Michael Desiato (Cranston) in New Orleans. Cothrom an lae ar maraíodh a bhean chéile maraíonn a mhac Adam (Hunter Doohan) déagóir eile i dtionóisc buille is teitheadh. Tá radharc malltriallach, suaite báis againn, radharc a chuaigh thar fóir, dar liom. Tá an plúchadh ar Adam agus ba í an útamáil lena análóir ba chúis leis an timpiste. Ní féidir leis glaoch ar na póilíní mar go dtagann taom den phlúchadh air. Seanchiútaí agus meirg orthu.

Anbhá agus útamáil is é ag teitheadh ó láthair na timpiste. Uafás ar an athair nuair a chloiseann sé an scéal ach mar is dual don fhear uasal cuireann sé ina luí ar a mhac go gcaithfear dul chuig na póilíní. Tá go holc agus níl go holc go sroichtear an stáisiún. Cíonn Desiato gurb é Jimmy Baxter (Michael Stuhlbarg), ceann feadhna ar bhuíon coirpeach, athair an déagóra a maraíodh. Tiontaíonn sé ar a shála agus teitheann sé.

Tá an buille buailte agus an gaiste tabhartha. Ar hap an tairne athraíonn an saothar ó cheann a dhéanfadh cíoradh tomhaiste lánmhachnaimh, lánmhothúchán ar sháinn eiticiúil Desiato go ceann faoin gcat is an luch in aghaidh a chéile. Seachas léargas a thabhairt ar fhear uasal ag broc lena choinsias cítear é ag éalú go seiftiúil glic ón mbithiúnach. Scéinséir seachas dráma, saothar aicsin seachas saothar fealsúnach téagartha.

É de shíor ag imeacht ón tine chun na gríosaí agus ar ais arís. Fianaise fágtha ar fud na háite ag an mac: taifeadadh don ghlaoch gutháin nuair ná féadfadh Adam labhairt de bharr giorra anála, an diabhal análóir céanna fágtha ar láthair na timpiste, an léine lán le fuil caite fén gcúits ag an ngadhar agus mar sin de.

Tá cuid de seo áiféiseach, an gol bréagach le fear an stáisiúin pheitril mar shampla, ach tá cuid eile cliste, caint á chur ar bhean an chaifé ar shlí go mbeidís in ann dáta bréagach a chur lena n-ailibí.

Póilíní ag bolathaíl timpeall, fear óg gorm ciontaithe san éagóir agus uisce fé thalamh maidir le marú a mhná céile mar aon le hiarfhostaí mná (a bhfuil dúil acu ina chéile b’fhéidir) ag dul sáite sa chás.

Sé Cranston agus a sheiftiúlacht a dhéanann an saothar a iompar agus ní loiceann sé orainn. ’Séard atá againn anseo ar shlí ná Walter White fé chló difriúil agus le fadhbanna difriúla. Cé nach aon Breaking Bad é seo éiríonn le Cranston sinn a mhealladh lena uaisleacht, a ghliceas agus a sheiftiúlacht.

Fág freagra ar 'Walter White fé chló difriúil in Your Honor'