Vóta sa DUP faoi sheirbhís aistriúcháin Ghaeilge caillte ag Edwin Poots

Tá rún le plé in Stormont tráthnóna faoi bhunú seirbhíse aistriúcháin don Ghaeilge, tráth a bhfuil Tionól Stormont i sáinn mhór cheana féin mar gheall ar easaontas faoi chás na Gaeilge

Vóta sa DUP faoi sheirbhís aistriúcháin Ghaeilge caillte ag Edwin Poots

Tá vóta sa DUP faoi bhunú seirbhís ateangaireachta Gaeilge caillte ag ceannaire an pháirtí Edwin Poots, de réir tuairiscí.

Tá rún le plé in Stormont níos déanaí tráthnóna faoi bhunú na seirbhíse aistriúcháin don Ghaeilge agus don Ultais agus bhí Poots ag iarraidh go staonfadh a pháirtí ón vóta.

Ach tuairiscítear gur vótáil baill tionóil an DUP in aghaidh a gceannaire, 11-9.

D’fhágfadh sin go vótálfadh an DUP in aghaidh an rúin tráthnóna, tráth a bhfuil Tionól Stormont i sáinn mhór cheana féin mar gheall ar easaontas faoi chás na Gaeilge.

Gealltar sa chomhaontú faoinar athbhunaíodh an Feidhmeannas anuraidh, New Decade, New Approach, go dtabharfar isteach seirbhís theoranta ateangaireachta ó Ghaeilge agus Ultais go dtí Béarla do dhíospóireachtaí in Stormont.

D’aontaigh Airí an Fheidhmeannais mí Aibreáin ‘mol lárnach aistriúcháin’ a bhunú chun seirbhísí aistriúcháin Ghaeilge agus Ultaise a chur ar fáil do 150 comhlacht poiblí.

Sa Roinn Pobal a bheidh an mol lonnaithe agus cuirfidh sé seirbhísí aistriúcháin ar fáil do na naoi roinn atá sa bhFeidhmeannas, do chomhlachtaí poiblí agus Rialtais Áitiúil agus do chomhlachtaí páirtspleácha. Tá a leithéid de sheirbhís geallta sa chomhaontú faoinar athbhunaíodh Fheidhmeannas Stormont anuraidh, New Decade, New Approach.

Idir an dá linn, deir Sinn Féin go rachaidh siad i mbun roinnt na cumhachta arís leis an DUP má thugann Rialtas na Breataine reachtaíocht Ghaeilge don Tuaisceart isteach trí Westminster.

D’fhéadfadh go dtitfeadh an Feidhmeannas agus go mbeadh toghchán tobann ann mura dtiocfaidh an dá pháirtí ar chomhréiteach faoi ainmniú céad-aire agus leaschéad-aire nua.

Tá iarrtha ag Sinn Féin ar Rialtas na Breataine an reachtaíocht a rith don Fheidhmeannas, toisc nach bhfuil ceannaire an DUP, Edwin Poots, sásta geallúint a thabhairt go ndéanfar amhlaidh roimh dheireadh théarma an Tionóil.

Deir Sinn Féin gur thairg Rialtas na Breataine cheana go dtabharfadh siadsan isteach in Westminster an reachtaíocht don chultúir agus don teanga atá geallta sa chomhaontú New Decade, New Approach.

Dúirt Mary Lou McDonald gurb é sin anois an t-aon réiteach ar an tsáinn pholaitiúil is déanaí in Stormont.

Mary Lou McDonald.  Pictiúr:Leah Farrell / RollingNews.ie

Deir Edwin Poots go dtacóidh sé leis an reachtaíocht chultúir, a bhfuil an reachtaíocht Ghaeilge mar chuid di, ach dúirt sé go n-inseodh “an aimsir” cathain a bheadh sí ina dlí.

Tá aontachtaithe míshásta faoi éileamh Shinn Féin go ndéanfadh Rialtas na Breataine an beart i leith na reachtaíochta.

Dúirt Sammy Wilson, feisire parlaiminte de chuid an DUP, go ndéanfaí dochar do Thionól Stormont “dá mbrúfadh” Westminster tríd na “mianta is déanaí ag Sinn Féin”.

“In áit a bheith ag rith chuig Rialtas na Banríona nuair nach dtugtar cead a gcinn dóibh, ba chóir do Phoblachtánaigh meas a léiriú ar ár mandáid,” arsa Wilson.


Sinn Féin ag iarraidh ar Rialtas na Breataine reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach don Tuaisceart


Dúirt ceannaire an TUV Jim Allister gurb é “buille maraithe na muice” a bheadh ann do Stormont dá rithfí an reachtaíocht in Westminster.

Tá ráite ag ceannaire an SDLP Colum Eastwood go mbeadh sé sásta leasuithe a mholadh in Westminster chun an bealach a réiteach don reachtaíocht Ghaeilge.

Dúirt iar-rúnaí stáit an Tuaiscirt Julian Smith go dtabharfadh sé lántacaíocht d’aon iarracht an reachtaíocht chultúir agus teanga don Tuaisceart a rith in Westminster.

Dúirt ceannaire an pháirtí Alliance Party Naomi Long go raibh an baol ann “go rachfaí thar fóir leis an ngeáitsíocht” faoin tsáinn agus go mbeadh toghchán tobann ann. Ní raibh aon “leithscéal” ann don Tionól a bheith i gcás éigeandála arís 17 mí ó athbhunaíodh é.

“Cuirfidh seo tástáil ar dhaoine féachaint an bhfuil siad dáiríre faoina bheith ag obair le chéile i rialtas,” arsa ceannaire Alliance.

 

 

Fág freagra ar 'Vóta sa DUP faoi sheirbhís aistriúcháin Ghaeilge caillte ag Edwin Poots'

  • Seán Mag Leannáin

    ‘Dúirt ceannaire an TUV Jim Allister gurb é “buille maraithe na muice” a bheadh ann do Stormont dá rithfí an reachtaíocht in Westminster.’ Iontach go raibh an nath cainte seo ar eolas ag Jim Allister!