Vóta caite in Westminster an Breatimeacht a chur siar

Má chuirtear margadh Breatimeachta Theresa May tríd an bparlaimint roimh an gCéadaoin seo chugainn lorgófar síneadh ama le hAirteagal 50 go dtí an 30 Meitheamh, ach mura nglactar leis an margadh faoin lá sin lorgófar síneadh ama níos faide...

Vóta caite in Westminster an Breatimeacht a chur siar

Tá vóta caite ag feisirí parlaiminte ar son síneadh ama a lorg le hAirteagal 50 agus an Breatimeacht a chur siar.

412 a vótáil ar son an Breatimeacht a chur siar agus 202 a vótáil i gcoinne an rúin anocht.

De bharr an rúin ar glacadh anocht leis má chuirtear margadh Breatimeachta Theresa May tríd an bparlaimint roimh an gCéadaoin seo chugainn lorgóidh an Rialtas síneadh ama le hAirteagal 50 go dtí an 30 Meitheamh. Mura nglactar sa pharlaimint le margadh faoin lá sin lorgófar síneadh ama níos faide agus d’fhéadfadh go mbeadh ar an mBreatain páirt a ghlacadh i dtoghcháin Eorpacha na Bealtaine.

Fágann vóta na hoíche anocht go lorgóidh Rialtas na Breataine síneadh ama ón AE chun nach dtarlóidh an Breatimeacht faoi cheann 15 lá, ar an 29 Márta. 

Níos túisce tráthnóna vótáil móramh de 249 feisire i gcoinne an dara reifreann faoin mBreatimeacht. Staon formhór mór d’fheisirí Pháirtí an Lucht Oibre.

Diúltaíodh in Westminster cheana féin an tseachtain seo do mhargadh imeachta Theresa May den dara huair agus vótáil móramh aréir ar son Breatimeacht gan mhargadh a chur as an áireamh ar fad.

Déanfaidh ceannairí an 27 ballstát cinneadh faoin éileamh ar shíneadh ama Déardaoin na seachtaine seo chugainn, an 21 Márta.

Cé go dtuairiscítear nach bhfuil ceannairí an 27 ballstát eile san AE ar aon fhocal faoin scéal, is é is dóichí ná a mhalairt ná go n-aontóidh siad cead a thabhairt an Breatimeacht a chur siar. Ní fios, go fóill, áfach, cén t-achar a bheidh i gceist leis an síneadh ama agus tréimhsí éagsúla á lua, ó thréimhse cúig seachtaine go dtí tréimhse 21 mí.

Cé go bhfuil teachtaireacht shoiléir tugtha anois trí oíche i ndiaidh a chéile ag feisirí Westminster faoi cad nach bhfuil uathu – margadh May, Breatimeacht gan mhargadh agus Breatimeacht ar an 29 Márta – méadóidh an brú anois orthu a rá céard go díreach atá ag teastáil uathu.

Meastar go mbeadh drogall ar an AE síneadh ama a cheadú gan soiléiriú a bheith tugtha ag an mBreatain faoi cad atá uathu.

Murar leor an brú atá ar Theresa May in Westminster an tseachtain seo, thuill sí cáineadh inniu chomh maith ó Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump. Ag labhairt dó ag ócáid leis an Taoiseach Leo Varadkar sa Teach Bán, dúirt Trump nach mar a chéile an láimhseáil a dhéanfadh sé féin ar an mBreatimeacht agus thug sé le fios gurbh fhearr a d’éireodh lena chur chuige féin ná mar atá ag éirí le cur chuige May.

Dúirt sé chomh maith go mbeadh sé “mífhéaráilte” an dara reifreann a reáchtáil faoin mBreatimeacht.

“Rud fíorchasta” is ea an Breatimeacht agus tá ceist na teorann in Éirinn i measc “na rudaí casta”, a dúirt sé. 

Dúirt Trump, a d’fhógair go bhfuil sé i gceist aige cuairt a thabhairt ar Éirinn i mbliana, go raibh “fadhb maidir le teorainn” ag na Stáit Aontaithe agus ag Éirinn araon ach nárbh ionann an dá fhadhb. 

Fág freagra ar 'Vóta caite in Westminster an Breatimeacht a chur siar'