Vóta caite ar son na Gaeilge ag mórcheardchumann

Tá NIPSA, ceann de na ceardchumainn is mó sa Tuaisceart, chun polasaí dátheangach a thabhairt isteach

Vóta caite ar son na Gaeilge ag mórcheardchumann

Tá vóta caite ag baill ceann de na ceardchumainn is mó sa Tuaisceart ar son polasaí dátheangach a thabhairt isteach san eagraíocht.

Le linn chomhdháil bhliantúil Chomhghuaillíocht Seirbhíse Poiblí Thuaisceart Éireann – the Northern Ireland Public Service Alliance nó NIPSA – glacadh le móramh mór le Rún 101 a d’iarr ar Chomhairle Ghinearálta nuathofa an cheardchumainn “seasamh a ghlacadh, nuair is féidir é, go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim ar litreacha sainchlóite agus ar chumarsáid leictreonach agus, nuair is féidir é, gur cheart go mbeadh aon chomhfhreagras agus doiciméid ar fáil do bhaill in aistriúchán Gaeilge”.

Beagnach 41,000 ball atá ag NIPSA.

Glacadh leis an rún – 16,763 vóta (70.9%) i bhfách agus 6,876 vóta (29.1%) ina aghaidh.

Dúirt Seán Garland, a mhol an rún thar ceann Bhrainse 96 atá lonnaithe i nDoire, gur céim mhór chun cinn a bhí ann.

“Bhí an toradh an-tábhachtach cionn is go dtugann sé aitheantas oifigiúil don Ghaeilge inár gceardchumann den chéad uair ina stair.

“Anuas air sin, aithníonn sé go bhfuil cearta daonna ag Gaeilgeoirí chan amháin sa tsochaí mhór ach inár gceardchumann chomh maith.

“Bhíodh muid i gcónaí a chur cearta sibhialta, cearta daonna, cearta na mBan, cearta an phobail LGBTQ agus cearta an phobail BAME ar aghaidh ach cad chuige nach raibh cearta Gaeilge á gcur chun cinn ag an am céanna?”

Dúirt Garland go dtabharfadh an vóta “comhionannas” do Ghaeilgeoirí i NIPSA trí pholasaí dátheangachais a thabhairt isteach sa cheardchumann.

“Ón lá seo amach, caithfidh ceannteidil dhátheangacha a bheith ar gach cumarsáid oifigiúil ag teacht amach ó NIPSA – litreacha, imlitreacha agus ríomhphoist srl.

“Chomh maith leis sin, beidh deis ag baill an Cheardchumainn aistriúcháin a fháil as Gaeilge ar cháipéisí oifigiúla atá scríofa as Béarla cheana féin agus tá sé sin an-tábhachtach.”

Dúirt Seán Garland go raibh iontas air gur éirigh chomh maith sin leis an rún ach gur chruthaigh an toradh go bhfuil tacaíocht ag teacht “ó gach cuid den phobal” i measc bhaill an cheardchumainn. Dúirt sé go raibh tacaíocht léirithe ag daoine don Ghaeilge “beag beann ar a gcreideamh, a bpolaitíocht nó a gcumas”. Bhí sé sin “ar dóigh” mar go mbaineann an Ghaeilge “le gach duine,” ar sé.

Glacadh go fonnmhar le rún eile le linn na comhdhála, Rún 104, a cheadaíonn do bhall ar mian leis a leithéid plaiceard Gaeilge a iompar ag léirsithe de chuid NIPSA.

Ba é Loughlin Duffy a chuir an rún seo chun cinn thar cionn Bhrainse 96.

“Tugann muidinne tacaíocht d’oibrithe de

gach cineál cúlra, agus ní hamháin an dá chúlra traidisiúnta atá againn anseo ach do dhaoine as gach cearn den domhan chomh maith,” ar sé.

“Is cuma cé acu atá tú ag caint ar dhálaí oibre, nó ar réitigh phá nó faoi líon foirne, tá teanga chomónta an oibrí ann, bíodh sin i nGaeilge nó i mBéarla nó i dteanga ar bith eile.

“Sílim go mbeadh sé an-chumhachtach plaicird a mbeadh teangacha éagsúla orthu a fheiceáil ar líne phicéid,” arsa Duffy.

Mhol sé do cheardchumainn eile eiseamláir NIPSA a leanstan.

“Is iad na ceardchumainn an grúpa saoránach is mó sa tsochaí agus creidim gur siombail iontach láidir a bheadh ann iad a fheiceáil, gualainn ar ghualainn, ag craobhscaoileadh na teachtaireachta céanna, ach i dteangacha éagsúla.

“Tá siad ann a déarfaidh gur ceist dheighilteach atá ann ach d’iarrfadh muid orthu fanacht linn mar ba mhaith linn a thaispeáint gur ceardchumann nuálaíoch, forásach atá ionainn agus nach bhfuil muid ag iarraidh pilleadh ar na seanlaethanta nuair a bhíodh cosc ar dhaoine a dteanga a úsáid,” arsa Loughlin Duffy.

Fág freagra ar 'Vóta caite ar son na Gaeilge ag mórcheardchumann'