Vóta caite ag na ceardchumainn múinteoirí ar son rún faoi ghníomhaíocht thionsclaíoch

Tá múinteoirí ag éileamh go ndéanfaí iad a rangú mar ghrúpa a dtabharfar tús áite dóibh sa chlár vacsaínithe

Vóta caite ag na ceardchumainn múinteoirí ar son rún faoi ghníomhaíocht thionsclaíoch

Tá glactha ag na trí cheardchumann múinteoirí le rún a thacaíonn le gníomhaíochtaí tionsclaíochta, fiú an stailc féin, mura dtabharfaidh an Rialtas tosaíocht dá gcuid ball sa gclár vacsaínithe.  

Vótáil baill na gceardchumann – Cumann Múinteoirí Éireann (INTO), Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI) agus Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) – ar son an rúin ag a gcomhdhálacha inniu.

Chinn an Rialtas an tseachtain seo caite athrú a dhéanamh ar an gclár vacsaínithe in aghaidh an Covid-19 agus an sceideal a bhunú feasta ar aois an duine seachas ar shlí bheatha. 

Chuir an cinneadh sin an-olc ar mhúinteoirí go leor a deir go bhfuil siad i mbaol níos mó ón ngalar toisc oiread daoine ó theaghlaigh éagsúla a bheith ag bailiú le chéile i scoileanna agus mar go mbíonn sé deacair uaireanta cloí leis an scoitheadh sóisialta. 

Táthar ag éileamh anois go ndéanfaí múinteoirí a rangú mar ghrúpa a dtabharfar tús áite dóibh sa chlár vacsaínithe. 

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go raibh cinneadh an Rialtais bunaithe ar chúiseanna a bhí “an-soiléir” agus gur léirigh an fhianaise ar fad gur ar bhonn aoise is fearr a mheas cé hiad na daoine is leochailí. 

Idir an dá linn, dúirt urlabhraí de chuid an Rialtais ar maidin go bhféachfar lena thuilleadh srianta a mhaolú an mhí seo chugainn “más féidir linn an fód a sheasamh ar feadh tamaill bhig eile”. 

Dúirt Liz Canavan, leas-rúnaí i Roinn an Taoisigh go bhféadfadh go gceadófaí do lucht na siopaí, gruagairí agus lucht tógála dul i mbun oibre arís. D’fhéadfaí chomh láithreacha cultúrtha a athoscailt. 

“Más féidir linn an fód a sheasamh ar feadh tamaill bhig eile, agus má bhíonn feabhas ar chúinsí sláinte, déanfar machnamh ar a thuilleadh srianta a scaoileadh ar an 4 Bealtaine,” arsa Liz Canavan.

Dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan inniu go gcuirfear an Fhrainc, an Iodáil agus an Ghearmáin ar liosta thíortha an choraintín óstáin an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Vóta caite ag na ceardchumainn múinteoirí ar son rún faoi ghníomhaíocht thionsclaíoch'