Vóta caite ag comhairleoirí ar son polasaí ‘Béarla amháin’ ar chomharthaí sráide

Tá diúltaithe ag Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach d’iarratas go gceadófaí cúig chomhartha sráide i nGaeilge

Vóta caite ag comhairleoirí ar son polasaí ‘Béarla amháin’ ar chomharthaí sráide

Vótáil baill Chomhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach i gcoinne cead a thabhairt Gaeilge a chur ar chomharthaí sráide sa cheantar.

Bhí iarratas déanta ag Cumann Áitritheoirí Abbeyville go gceadófaí cúig chomhartha a mbeadh na sráidainmneacha i nGaeilge orthu agus a gcás bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sa bhaile.

De réir na bhfigiúirí sin 176 áitritheoir a thug le fios gurb í an Ghaeilge a gcéad teanga agus 6.5% d’áitritheoirí a dúirt go raibh eolas éigin ar an teanga acu.

Le linn an phlé faoin iarratas ar na comharthaí Gaeilge, mhol ceannasaí an DUP sa chomhairle Phillip Brett go mbeadh polasaí ‘Béarla amháin’ i bhfeidhm maidir le comharthaí sráide agus thacaigh ceannasaí an UUP sa chomhairle leis an moladh sin.

Mhol comhairleoirí de chuid an Alliance go leasófaí an rún chun go mbeadh cead comharthaí ilteangacha a chrochadh dá mbeadh éileamh ar a leithéid sa cheantar, ach diúltaíodh don leasú sin trí chomhaireamh lámh.

Ag labhairt dó leis an Newtownabbey Times i ndiaidh an chruinnithe, chuir an comhairleoir de chuid an DUP Thomas Hogg fáilte roimh an gcinneadh glacadh le “polasaí Béarla amháin”.

“Bheadh amhras orm faoi chuspóirí na ndaoine a rinne an achainí seo agus creidim gur iarracht a bhí ann geiteo a dhéanamh den cheantar. Tá daoine an-trína chéile mar gheall ar an mbeart seo agus chuir sé isteach go mór ar an dea-chaidreamh a bhí i measc an phobail in Abbeyville le blianta fada. Cuirim fáilte roimh chinneadh na comhairle mar bua atá ann don stuaim agus don mheasarthacht,” a dúirt an comhairleoir Thomas Hogg.

Dúirt Billy Webb ó pháirtí an Alliance leis an Newtownabbey Times go raibh gá le polasaí chun déileáil le ceist na gcomharthaí ilteangacha agus gur mhór an náire go bhfuil cluiche polaitiúil á imirt ag Sinn Féin leis an nGaeilge agus go raibh an DUP agus an UUP “chomh dona leo”.

Dúirt Webb nach raibh uaidh ach go mbeadh polasaí ann maidir leis an ilteangachas agus nárbh amhlaidh go raibh a pháirtí den tuairim gur chóir comharthaí Gaeilge agus Béarla a chrochadh.

Tá teannas ar leith faoi chúrsaí teanga faoi láthair mar gheall ar theip na gcainteanna polaitiúla de bharr easaontais faoi acht Gaeilge.

Dúirt David McNarry, iarcheannaire UKIP ó thuaidh, le déanaí nach mbeadh aon leisce air féin “an dlí a bhriseadh” agus aon chomhartha i nGaeilge a chuirfí suas ar a shráid féin “a tharraingt anuas”.

Dúirt McNarry nach raibh faoi daoine eile a ghríosú chun an dlí a shárú ach gurb amhlaidh go raibh seasamh á thógáil aige chun a chuid “Briotanachais féin a chosaint”.

“Glacaim leis gur sárú ar an dlí a bheadh ann comhartha a tharraingt anuas, ach tá sé in am d’aontachtaithe a rá ‘sin sin, sin ár ndóthain’,” a dúirt McNarry.

Deineadh cáineadh an tseachtain seo caite ar lucht loitiméireachta a spréigh péint ar an nGaeilge ar chomhartha dátheangach i dTír Eoghain.

Dúirt an ball tionóil d’Fhear Manach Theas Colm Gildernew gur léiriú a leithéid de ghníomh loitiméireachta ar an ngá atá le hacht Gaeilge a thabhairt isteach chun cearta teanga a chosaint.

Fág freagra ar 'Vóta caite ag comhairleoirí ar son polasaí ‘Béarla amháin’ ar chomharthaí sráide'

  • Mánus

    Daoine Dearg le fearg ar an taobh Oráiste agus daoine Dearg le Fearg ar an taobh Glas Náisiúnach! Tá móramh sna 6 condae ag iarraidh fanacht san AE. Tá siadsan Dearg le Fearg! Tá an cuid is mó des na páirtithe pholaitiúla ó thuaidh ar son Achtanna teanga ach amháin na hAontachtaithe. Tá siad go léir Dearg le Fearg. Tá conradh Aoine an Chéasta faoi ionsaí ag Na hAontachtóirí agus na TórAithe agus daoine ar fud oileáin na hÉireann Dearg le Fearg!
    Is geall le fógra eile chun catha an cosc seo ar an Ghaeilge. Ní hí an cosc ar an teanga fhéin is measa ach an Drochmheas agus míchithromaíocht a léiríonn na fógraí tarcaisneacha ó pholaiteoirí an phobail Aontachtaigh atá ag cothú deighilt níos doimhne idir an dá phobal. Is éigeandáil atá sna 6 condae anois. Leis an fuath atá le feiceáil ar na meáin agus ar na sráideanna an bhfuil 40 bhliain eile de chogadh ag bagairt orainn arís ar oileán na hÉireann?