Vincent Van Gogh agus buataisí an aiséirí

Gnáthphictiúr atá i bpictiúr bróg Van Gogh, ach tá scéal suimiúil ag baint leis an bpictiúr céanna, a deir ár gcolúnaí

Vincent Van Gogh agus buataisí an aiséirí

Ministir a bhí in athair Vincent Van Gogh, rud a thug air féin suim a chur sa diagacht.

Go luath i ndiaidh dó a chuid dintiúirí a bhaint amach sa réimse sin, shocraigh sé dul go dtí an Bheilg ón Ísiltír d’fhonn an soiscéal a scaipeadh. De shiúl na gcos a thug sé aghaidh ar mhonarchana na Beilge, agus ba iad na buataisí sa phictiúr thuas a bhí ar a chosa. ‘Péire bróg’ a bhaist sé ar an bpictiúr.

Le linn dó a bheith ar cuairt i gceann de na monarchana mianadóireachta, phléasc an áit agus cailleadh go leor de na hoibrithe sa tine. Bhí fear amháin a dódh go craiceann agus a ndúirt an dochtúir ina thaobh nach dtiocfadh sé as.

Focal mór san am ag Van Gogh ab ea ‘Creid i míorúiltí’. Ní raibh an t-ealaíontóir ar aon fhocal leis an dochtúir agus bheartaigh aire a thabhairt don fhear dóite. D’fhan sé lena thaobh ar feadh 40 lá, ag cur cóir leighis air i gcaitheamh an ama.

Tháinig an fear slán agus mhair sé ina shláinte.

Nuair a chonaic Van Gogh na créachta a bhí ar bhaithis an fhir i dtosach báire, chuir siad lorg dheilgní na coróine spíne i gcuimhne dó. Dála mar a rinne an spideog ar Chalvaire i mbéaloideas na hÉireann, chuir Vincent caonach leis na créachta. Nuair a tháinig biseach ar an bhfear, tuigeadh don ealaíontóir gurbh ionann an fear agus Críost aiséirithe.

Ba iad na buataisí thuas a bhí air agus é ag teacht i gcabhair ar an bhfear a dódh sa mhianach. Ag caint ar an Aiséirí a bhí sé nuair a nocht sé an pictiúr do chara leis, an chéad duine a chonaic é. Ag trácht dó ar an Aiséirí céanna, dúirt sé ‘Tá sé péinteáilte agam’. Pictiúr na mbróg thuas a bhí i gceist aige.

Maidir leis an mbuí atá i gcúlra an phictiúir, is ionann sin agus lasracha na tine mar ba chuimhin le Van Gogh iad.

Mhúch an tine ann féin sa deireadh le teann éadóchais, ach más fíor an méid a chreid sé tráth, ní leis an mbás a bhí an lá.

Mar a scríobh Don McLean in Starry Starry Night, níor dá leithéid an saol seo.

Fág freagra ar 'Vincent Van Gogh agus buataisí an aiséirí'