In alt a scríobh Victoria White ar an Irish Examiner inné faoi scéal ‘Evidenzer’, deir sí gurb é is dóichí gur fusa do chainteoirí dúchais Gaeilge an leagan Béarla de cháipéisí oifigiúla stáit a thuiscint ná an leagan Gaeilge díobh.
Tá cuid den fhírinne ansin aici, ar ndóigh, ar an ábhar gur scáthán í Gaeilge na gcáipéisí seo ar Ghaeilge chraicneach na Gaeltachta sa tslí cheannann chéanna is gur scáthán é Béarla na gcáipéisí úd ar Bhéarla tíriúil mhuintir na hÉireann. Is é sin le rá nach bhfuil comparáid ar bith eatarthu idir réim agus stór focal i gceachtar den dá theanga.
Mar sin féin, más fusa do dhuine a leithéid de cháipéisí a léamh i mBéarla, is mar gheall ar choilíneacht agus bochtanas, arb é a dtoradhsean nach raibh agus nach bhfuil léamh na Gaeilge sealbhaithe go rómhaith ag muintir na tíre, atá an scéal amhlaidh.
Ar an drochuair do dhaoine áirithe a bhíonn ag tráchtaireacht ar na cúrsaí seo, ní haon leithscéal é Béarla éigeantach an lae inné leanúint leis an mBéarla éigeantach sa lá inniu.
Faoi mar a bheadh duine ag súil leis, is ar an teanga atá cuid den phobal agus cuid de na meáin Bhéarla ag cur an mhilleáin i gcás na bhfoirmeacha tástáil anála nár réitíodh mar ba cheart. Is fearr a oireann sin dóibh ná aghaidh a thabhairt ar an gceist nach bhfuiltear ag cur ach ar léir don dall go gcaithfear í a chur: cén fáth ar thug An Garda Síochána neamhaird ar an rialachán a thug an tAire Sláinte, Leo Varadkar isteach, á iarraidh gur i mBéarla agus i nGaeilge a bheadh ráitis le haghaidh tástálacha anála?
Is gá dhá rud a rá sula rachaidh mé ar aghaidh:
1. Tá An Garda Síochána iomlán faillíoch de bharr gur theip orthu a chinntiú go mbeadh na ráitis seo sa dá theanga i bhfianaise rialachán an Aire Stáit.
2. Is ionann an fhaillí seo agus an dlí a shárú.
Lena chois sin, ní ceart teacht i dtír ar an dlí ag daoine cama a úsáid mar leithscéal chun neamhaird a thabhairt ar an dlí céanna, faoi mar a thugann White le tuiscint ina halt. Is é an dream is lú ar ceart an leithscéal sin a bheith acu ná lucht curtha i bhfeidhm an dlí.
Go deimhin, is mar gheall ar chásanna de chineál Mihai Avadenei is ceart a chinntiú go mbíonn cáipéisí oifigiúla stáit ar fáil sa dá theanga oifigiúil.
Má dhéantar é sin, cinnteofar nach mbeidh deis ag seansálaithe an ceann is fearr a fháil ar an dlí amach anseo.
Mhaígh White gurb é Acht na dTeangacha Oifigiúla ba chúis le cinneadh an Aire Stáit a iarraidh gur sa dá theanga a d’eiseofaí ráitis den chineál seo, agus bíodh nach fíor sin, is fiú dul i ngleic le ceann nó dhó de na pointí a dhéanann sí faoin Acht céanna.
Ar an gcéad dul síos, tugann sí le tuiscint nár cheart go mbeadh aon ghá le seirbhísí Stáit i nGaeilge do phobal na Gaeilge de bharr go bhfuil Béarla acu cheana féin.
Is é an rud a dhearmadtar anseo ná nár tugadh aon rogha do phobal na Gaeilge – go mórmhór pobal na Gaeltachta – a gcuid gnóthaí a dhéanamh leis an Stát ina rogha teanga. Dhiúltaigh an Stát é sin a dhéanamh dóibh. D’fhág seo gurbh éigean do phobal na Gaeltachta an Béarla a fhoghlaim. Faoi mar a deir an seanfhocal, ‘ní bhíonn dlí ar an riachtanas’.
Dá bhrí sin, tá sé iomlán fimíneach anois ag tráchtairí ar nós White a rá faoi phobal na Gaeltachta ‘go bhfuil Béarla acu ar aon nós’, nuair is é an meon is bun lena leithéid d’áiteamh is cúis leis an iachall a cuireadh orthu an Béarla a fhoghlaim ina dtír féin sa chéad áit. Is seanphort agam féin é seo.
Tuigimidne gurb ionann an fuath a thugann daoine don teanga sa tír seo agus fuath a thabhairt dóibh féin, dá stair agus dá n-oidhreacht teanga ar leibhéal áirithe – tionchar fochoinsiasach an choilíneachais, faraor.
Baineann an meon binibeach seo le tréimhse ina ndúradh le muintir na hÉireann nach raibh aon mhaitheas lena dteanga féin agus gur theanga ní b’fhearr é an Béarla ó nádúr. Le cois lucht na coilíneachta féin, níor mhiste dúinn a mheabhrú dúinn féin go raibh an mheánaicme Éireannach chomh dona céanna ag cur na teachtaireachta sin abhaile orainn. Ina measc siúd, bhí Daniel O’Connell. Ní hiontas linn gur thug White le tuiscint ina halt inné gurbh eiseamláir é an fear céanna (ar bhonn teanga).
Ní raibh ná níl aon fhírinne sa ráiteas gur teanga níos fearr ó nádúr an Béarla ná an Ghaeilge; bréag a bhí ann ó bhun go barr. Mo léann gur creideadh an bhréag le haimsir, áfach, agus gur géilleadh di, sa tslí is gur thosaigh daoine á n-iompar féin dá réir agus gur tháinig an bhréag chun fírinne.
Is é an féinfhuath, thar aon rud eile, atá laistiar den dearcadh seo, is cúis le meath na Gaeilge sa Stát seo ó aimsir a bhunaithe. Tá an Stát céanna anois ag cur cos i dtaca agus ag diúltú seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil dá phobal dúchais ina dteanga dhúchais.
Bíodh sin mar atá, bhí sé de dhánaíocht in Victoria White a thabhairt le tuiscint ina halt inné go bhfuil baint ag an Acht Teanga le meath na teanga sa Ghaeltacht ó tháinig ann don Acht. Is í an fhírinne gur de dheasca easpa cearta teanga (san Acht sin agus i bhfad roimhe), i measc rudaí eile, atá an teanga ag meath le blianta fada agus an Stát ag diúltú, arís is arís eile, na cearta teanga sin a aithint agus gníomhú dá réir.
Acht eile a bhfuil beag is fiú de déanta ag an Rialtas is ea Acht na Gaeltachta, atá ina phraiseach mar phíosa reachtaíochta toisc, arís, gur tugadh neamhaird ar mhianta phobal na Gaeltachta agus é á dhréachtadh.
Dá mbeadh a gcuid dualgas comhlíonta ag an Stát i dtaca le teorainneacha na Gaeltachta roimhe seo – agus áirím gach páirtí polaitiúil agus gach Aire Gaeltachta le tríocha bliana anuas sa mhéid sin – ní bheadh aon ghá le hAcht na Gaeltachta ná níor ghá ceantair mar an Daingean nó Béal Átha a’ Mhuirthead a aithint mar cheantair Ghaeltachta, ach mar bhailte atá buailte ar cheantair Ghaeltachta. Sheachnófaí ciorcas Dingle/An Daingean agus an ceap magaidh a dhéantar den Ghaeltacht féin, agus bheadh leithéidí White gann ar shamplaí den chineál seo a lua chun argóintí in aghaidh na teanga a chur cinn, faoi mar a rinne sí inné.
Mar fhocal scoir, is dóigh liom go gcaithfí a rá gurb é an tréith is mó a bhaineann le halt an údair thuasluaite ná easpa tuisceana agus dearg-aineolas ar cheist na teanga, go háirithe i dtaca le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Ná bíodh iontas ar phobal na Gaeilge gurb é a mhalairt glan a mhaíonn sí féin san alt léi.
Ná bíodh iontas orainn, ach oiread, más é an t-aineolas céanna a thabharfaidh an teanga san uaigh sa deireadh thiar thall.
Ina dhiaidh sin féin, b’olc an mhaise dúinn géilleadh don éadóchas.
An pobal mór a mhúineadh faoi fhírinne na ceiste an gníomh is fónta is féidir linn féin a dhéanamh mar phobal mionteanga.
Is féidir alt Victoria White a léamh anseo.