Verona Murphy agus an vóta agóide mar údar imní ag Fine Gael i Loch Garman

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Verona Murphy agus an vóta agóide mar údar imní ag Fine Gael i Loch Garman

Dáilcheantar: Loch Garman

Líon na suíochán: 5

Cuóta mar % den vóta: 16.7%

Leagan amach an dáilcheantair: Contae Loch Garman ar fad. Ceithre bhaile mór ann – Loch Garman, Guaire, Inis Córthaidh agus Ros Mhic Thriúin

Teachtaí Dála ag seasamh: James Browne (FF), Malcolm Byrne (FF), Brendan Howlin (LO), Michael D’Arcy (FG) agus Paul Kehoe (FG)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%) Fothoghchán2019 (%)
Fianna Fáil 27 30 31
Fine Gael 23 25 24
Lucht Oibre 15 9 20
Sinn Féin 10 8 10
Glas
Eile
1.5
23.5
0
29
6
9

Anailís: Seo an Dáilcheantar inar toghadh Mick Wallace (Ind4Ch) ar 7,917 vóta in 2016.  Bhí air éirí as nuair a toghadh é ina MEP agus is é Malcolm Byrne (FF) a ghnóthaigh a shuíochán sa bhfothoghchán conspóideach ina raibh Verona Murphy (NS) ag seasamh  d’Fhine Gael. Bhí aiféala ar Fhine Gael gur roghnaíodh í ndiaidh di ráitis chonspóideacha a dhéanamh faoi theifigh, ach rinne sí an-mhaith 24% den vóta a fháil in ainneoin easpa tacaíochta Leo Varadkar agus airí eile rialtais. D’admhaigh Leo Varadkar go poiblí nach raibh sé ag iarraidh go bhfaigheadh sí an suíochán.

Tá sí anois ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách agus seans maith aici ar shuíochán a fháil, agus má fhaigheann Fine Gael a bheas thíos leis.  Leis an méid poiblíochta atá faighte aici, d’fhéadfadh Verona Murphy (NS) vóta láidir agóide a mhealladh agus dochar a dhéanamh d’iarrachtaí Fhine Gael an dá shuíochán a choinneáil. Paul Kehoe (FG) is mó atá i mbaol a shuíochán a chailliúint.

Fuair iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre 20% den vóta sa bhfothoghchán. Ar an gcaoi sin ba cheart go mbeadh Brendan Howlin (LO) sábháilte. Seans maith go mbeidh sé ar bharr an chomhairimh mar a bhí in 2016.    Fuair Johnny Mythen (SF) 10% den vóta sa bhfothoghchán anuraidh. Is leor 10% i ndáilcheantar cúig shuíochán le bheith san iomaíocht ag an deireadh, ach roinnt mhaith aistriúchán a fháil. Ní bhfuair sé a dhóthain aistriúchán in 2016 agus níl cúis ar bith lena cheapadh go dtiocfaidh siad ina threo i mbliana ach an oiread.

Fós féin ag deireadh an rása in 2016 ní raibh idir Johnny Mythen (SF) agus Paul Kehoe (FG) ach 52 vóta don chúigiú suíochán. Ach theip ar Mythen (SF) a shuíochán ar Chomhairle Chontae Loch Garman a choinneáil sna toghcháin áitiúla.  Anuas air sin, tá John Dwyer (NS), as Ros Mhic Thriúin, a bhíodh i Sinn Féin, sa rása agus bainfidh sé roinnt vótaí uathu. Ar an gcaoi sin, is deacair a fheiceáil cén chaoi a dtógfaidh sé suíochán Dála an babhta seo.

Níor cheart go mbeadh aon stró ar John Browne (FF) as ceantar Inis Córthaidh ná ar Malcolm Byrne (FF) as Guaire an dá shuíochán atá ag Fianna Fáil a choinneáil.  Tá beirt iarrthóirí eile ag Fianna Fáil chomh maith le vótaí a fháil don pháirtí, an Comhairleoir Lisa McDonald (FF) as Ros Láir agus an Comhairleoir Michael Sheehan (FF) as Ros Mhic Thriúin.

Ceist mhór sa dáilcheantar seo, cá rachaidh vótaí Mick Wallace? Tá Seanie O’Shea (Ind4Ch) san iomaíocht agus tacaíocht phoiblí tugtha ag Wallace dó. Vóta agóide a bhí ag Mick Wallace agus ar an gcaoi sin seans go mbeidh slám maith acu ag dul i dtreo Verona Murphy (NS) mar go bhfeictear í ag tabhairt dúshlán Fhine Gael agus cheannasaíocht na tíre, mar a rinne Mick Wallace ina bhealach féin. 

Beidh sí ag baint vótaí ó na páirtithe eile chomh maith, ach ó Fhine Gael go speisialta.

Ag deireadh an chúrsa beidh an bheirt airí Stáit de chuid Fhine Gael, Michael D’arcy agus Paul Kehoe, san iomaíocht le Verona Murphy (NS) agus Johnny Mythen (SF) le haghaidh dhá shuíochán. Ceapaim gur ag D’arcy (FG) agus Murphy (NS) a bheas an dá shuíochán.

Ag seasamh d’Aontú tá an Comhairleoir Jim Codd a fuair 2,102 vóta sa bhfothoghchán agus tá Deirdre Wadding, iarchomhairleoir de chuid na heite clé ó bhaile Loch Garman (PBPA) ag seasamh chomh maith.  San iomaíocht do Chomhaontas Glas tá Paula Roseingrave. Beidh sí ag déanamh go maith 2,000 vóta a fháil. Tá feachtas láidir ar bun ag Ger Carthy (NS) ó cheantar Ros Láir, a fuair 2,317 vóta sna toghcháin áitiúla.  Gan Mick Wallace san iomaíocht d’fhéadfadh Carthy (NS) déanamh go maith agus cé nach bhfuil mórán seans aige ar shuíochán beidh vóta maith aige agus d’fhéadfadh aistriú a chuid vótaí a bheith cinniúnach.

Tuar: Browne (FF), Byrne (FF), D’arcy (FG), Howlin (LO) agus Murphy (NS).

Fág freagra ar 'Verona Murphy agus an vóta agóide mar údar imní ag Fine Gael i Loch Garman'