Veain romham agus veain i mo dhiaidh – ré nua sa saol siopadóireachta i gConamara

Tá na veaineanna siopa ag giortú an bhóthair do chustaiméirí i gConamara agus, b'fhéidir, ag giortú saol na siopaí áitiúla freisin

Veain romham agus veain i mo dhiaidh – ré nua sa saol siopadóireachta i gConamara

Veain chun tosaigh orm agus veain i mo dhiaidh. Siúl faoi chaon cheann acu. Muid ag teannadh leis an droichead Idir Dhá Loch. I bhfoisceacht leathmhíle do shráidbhaile Charna atá Idir Dhá Loch, ag teacht isteach dhuit ó thaobh Ghlinsce.

Sách gann a bhí mé ar spás. Ní raibh sé sa déanamh beag ná mór go ngabhfainn amach thar an veain a bhí chun tosaigh orm. Ach bhí mé idir dhá chomhairle faoin veain a bhí i mo dhiaidh. An rachadh sé amach tharam agus mé buailte ar dhroichead Idir Dhá Loch? Bhí mo chuid spáis ag laghdú – ar nós an spáis atá ag an siopadóir áitiúil idir na veaineanna. Spás ag laghdú.

Mar an veain a bhí chun tosaigh, bhí sé ag méadú na bearna agus an veain taobh thiar, bhí sé suas leis na sála agam. Deifir a mhic ó. Bhí custaiméirí ag fanacht!

Chuimhnigh mé ar an siopadóir áitiúil aríst.

Nach mar sin atá sé aigesean i gConamara anois. Veain siopa chun tosaigh air agus veain siopa eile ag teacht suas lena chuid sála. Idir dhá uisce. Fáiscthe isteach.

An tráthnóna úd Idir Dhá Loch is beag nach ndéarfá go raibh muid idir dhá shaol freisin. An veain chun tosaigh ag teacht ó chomhlacht ollmhargaíochta sa gClochán agus an veain chun cinn orm ag teacht ó chomhlacht ollmhargaíochta eile i gcathair na Gaillimhe.

Ré nua é sa saol siopadóireachta i gConamara.

Níl le déanamh agat anois ach a dhul ar do ríomhaire glúine sa mbaile agus fios a chur ar do chuid siopadóireachta go Gaillimh nó don Chlochán! D’fhéadfá a bheith i Leitir Mealláin (60 ciliméadar as Gaillimh), san Aird i gCarna (os cionn 80 ciliméadar as Gaillimh) nó b’fhéidir in Inis Ní (80 ciliméadar as Gaillimh freisin) agus do liosta a chur ‘ar líne’. Ní bheidh sé achar ar bith nó go mbeidh veain cheann de na comhlachtaí móra ar an tairseach agat agus do chuid siopadóireachta leagtha ar an mbord i do theach féin.

Cloisim go bhfuil na feithiclí seo baiste i gceantair áirithe i gConamara agus na ‘Tin Cans’ tugtha orthu! Tá tú ag fáil do chuid beatha agus earraí sna ‘Tin Cans’. Sách tráthúil a bhí an té a chuir an teideal sin ar na veaineanna atá le feiceáil go mion minic ar bhóithre Chonamara anois, cuid acu ag damhsa ar na mulláin le teann deifre.

Seans freisin go raibh cuimhne ag lucht baiste na veaineanna ar na blianta nuair a bhlití beithígh isteach sna ceaintíní stáin nó na ‘Tin Cans’.

Ach dá thráthúla cuid de mhuintir Chonamara leis an gcaint, tá scéal níos casta agus níos tromchúisí ag baint leis na ‘tin cans’ agus leis na córais nua siopadóireachta. Tá éascaíocht ag baint leo ar neart bealaí, agus ar bhealaí eile d’fhéadfaidís an ‘hata tin’ a chur ar sheirbhísí agus ar shiopaí áitiúla. Ach, tá na ‘tin cans’ ann agus iad ag giortú an bhóthair do chustaiméirí agus, b’fhéidir, ag giortú saol na siopaí áitiúla.

Ar ndóigh, ní inniu ná inné a chuaigh veaineanna siopa ó bhaile go baile i gConamara. Ach den chuid ba mhó, ba iad siopadóirí an cheantair a chuir amach na veaineanna sin. Chuadar amach uair sa tseachtain – den chuid ba mhó. Bhíodh an saol ann freisin nuair a thagadh veaineanna siopa anuas as Maigh Eo go minic go Conamara. Níl mé ag rá go raibh fáilte mhór ag siopadóirí áitiúla rompu sin ach bhain siad tamall amach.

Ba é an t-athrú a tháinig nuair a fuair go leor daoine carranna dá gcuid féin an rud ba mhó a rinne maolú ar stádas an tsiopadóra sna pobail tuaithe. Bhí daoine anois in ann a dhul anonn agus anall mar a thogair siad féin é agus a gcuid siopadóireachta a dhéanamh ina rogha áite.

Ní féidir locht a chur ar dhaoine faoi earraí a cheannacht san áit a bhfaighidh siad an praghas is fearr. San am céanna, bheadh sé as bealach uilig a bheith ag tromaíocht ar lucht na siopaí áitiúla.

Ní féidir a shéanadh nach raibh daoine ann, anonn agus anall, a bhain leas dá gcuid féin ar an bhforlámhas a bhí acu i bpobail tuaithe. Ach, ar an taobh eile den scéal, rinne siopadóirí go leor garanna do mhuintir na háite ar theastaigh earraí ar cairde uathu nó go mbeadh fáil acu ar bheagán airgid.

Tá neart daoine i gConamara i gcónaí a bhfuil cuimhne acu air sin; agus ní gá a dhul i bhfad siar sa stair. Agus sa deireadh thiar thall, cé atá ar leic an dorais agat nuair a theastaíonn pionta bainne go práinneach – agus gan aon duine ag bleán na bó síos sa ‘tin can’ i gConamara anois.

Tá na hollmhargaí móra tagtha anois agus a gcuid buntáistí féin ag baint leo. Sin dúshlán do shiopaí áitiúla. Tagtha gan choinne atá an ‘tin cananna’. Bheadh sé fánach a bheith ag iarraidh an sruth sin saoil a athrú cé go mb’fhéidir nach chun leasa a rachadh sé do phobail tuaithe i gConamara ná in aon áit eile sna blianta romhainn. An bhfuil bealach eile ag siopadóirí áitiúla le dhul in aghaidh an tsrutha sin? Inseoidh an aimsir é sin.

Tá lucht siopaí in aghaidh na gaoithe faoi láthair; veaineanna ar an orlach Idir Dhá Loch, agus na siopadóirí ag féachaint lena ngreim a choinneáil. Ba bhoichte an saol i bpobal Chonamara dá scaoilfeadh siopadóirí leis an téad.

Fág freagra ar 'Veain romham agus veain i mo dhiaidh – ré nua sa saol siopadóireachta i gConamara'