Varadkar ag beartú toghcháin ach céard a dhéanfaidh Fianna Fáil?

Tá Leo Varadkar ag treabhadh ar aghaidh go polaitiúil, agus Mícheál Martin is Fianna Fáil fágtha ag sraoilleadh ina shruth. 

Varadkar ag beartú toghcháin ach céard a dhéanfaidh Fianna Fáil?

An Taoiseach Leo Varadkar. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá an Taoiseach anois ag gealladh go n-ardóidh sé an pinsean seanaoise agus go gcuirfidh sé le teacht isteach na ndaoine atá ar phá íseal nó atá dífhostaithe. Thar aon rud, tá sé ag labhairt go húdarásach i gcoinne na Breataine maidir le socrú na teorann i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Sea, tá na comharthaí ann go bhfuil toghchán ar na bacáin ag Leo Varadkar, agus na héadaí a fheictear go hiondúil ar Fhianna Fáil goidte aige uathu.

Faoi earrach na bliana seo chugainn beidh creatlach de shocrú maidir leis an mBreatimeacht le feiceáil (nó beidh muid ar imeall na haille agus an Bhreatain ar tí imeacht ón Aontas gan aontú ar bith faoi).

Agus faoin earrach leis, beidh cibé feabhsuithe a fhógrófar sa gcáinaisnéis i gceann dhá mhí le haireachtáil i bpócaí daoine.

Tá Fianna Fáil i bponc maidir leis seo. Tá ag teip ar an straitéis a bhí acu, go bhfanfaidís go dtí go mbeadh siad go mór chun tosaigh sna pobalbhreitheanna agus leibhéal a tacaíochta go hard sna tríochaidí ar a laghad. Tá siad sáinnithe taobh le  le Fine Gael – thuas seal, thíos seal – timpeall ar 30%.

Ní bheidh Fianna Fáil in ann bheith i gceannas ar rialtas gan tacaíocht ó Fhine Gael nó ó Shinn Féin. Buille maolchluasach a bheadh ann, ach bheadh cúrsaí níos measa dóibh mbeadh Fine Gael  chun tosaigh orthu arís.  Agus is cosúil go dtiocfaidh.

Sa gcás sin bheadh Fianna Fáil as rialtas le trí thoghchán i ndiaidh a chéile, agus ní thaitneodh sin leis an bpáirtí.  Bheadh sé doghlactha acu. Mar sin, bheadh rogha mhíthaitneamhach roimhe: bheith ina pháirtí mionlaigh i rialtas faoi cheannas Fhine Gael; bheith ina pháirtí móraimh ach in éineacht le Sinn Féin; nó bheith as oifig arís.

An féidir le Fianna Fáil mar sin an toghchán a bhrostú – sa bhfómhar seo chugainn sula mbeadh Varadkar ullamh? Bhí leithscéalta acu a leithéid a dhéanamh, ach chloígh Martin is a fhoireann leis an straitéis ar theip uirthi agus lig siad na deiseanna seo le sruth.  Tá sé rómhall anois, feictear domsa, triail a bhaint as mar straitéis.

Ar ndóigh, tá Mícheál Martin dáiríre nuair a léiríonn sé fuath do Shinn Féin, ach tá roinnt eile sa bpáirtí arbh fhearr leo Sinn Féin ná Fine Gael. Agus dá mba ghá Micheál a chur as an mbealach, cén dochar?

Cinnte, níl Mícheál leis féin. B’fhearr leo go léir filleadh ar an ré nach mbíodh i Sinn Féin ach mionlach imeallach, ó thuaidh agus ó dheas.  Ach ní mar sin atá a thuilleadh. Tá Sinn Féin go mór chun tosaigh ar an SDLP ó thuaidh agus níl comhartha dá laghad ann go gcaillfeadh siad an stádas sin.  Agus ó dheas, bíonn siad seasta gar do 20% sna pobalbhreitheanna.

‘Sea, is iad Sinn Féin an dúshlán is mó atá roimh Fhianna Fáil ó thaobh vótaí ó dheas de. Agus sa bhfadtéarma d’fhéadfadh an scéal sin dul i ndonas arís, de réir mar a fhásann líon na ndaoine óga, a bhfuil an chuid is mó acu ag tacú le Sinn Féin.

Drochscéala eile is ea nach bhfuil ag éirí le Fianna Fáil vótaí ón aicme oibre a fháil ar ais, fíric a fhágann go bhfuil siad ag brath ar an meánaicme níos mó ná riamh. Ach tá faitíos mór ar Martin is ar a fhoireann sa gceanncheathrú – an tArd-Rúnaí Seán Dorgan, a phríomhchomhairleoir Deirdre Gillane agus a Stiúrthóir Cumarsáide Pat McPartland – go gcaillfidís tacaíocht ón aicme sin dá rachaidís le Sinn Féin.

Is ionann seo is a rá go mbeidh Fianna Fáil fíorlag mura n-éiríonn leo bheith chun tosaigh ar Fhine Gael, agus go mbeidís lag chomh maith dá ndiúltódh Varadkar tacaíocht a thabhairt dóibh gan bheith i gcomhrialtas leo.

Thabharfadh sé sin seans láidir do Shinn Féin.  Tá baol mór ann dóibh cinnte dul isteach i gcomhrialtas le páirtí coimeádach ar bith, mar má dhéanann siad aithris ar an tréigean a rinne Páirtí an Lucht Oibre ar a lucht vótála beidh an praghas céanna le híoc ag Sinn Féin is atá á íoc ag an bpáirtí sin faoi láthair.

Chaithfeadh Sinn Féin a chinntiú go mbeadh cuid mhaith dá gclár polaitiúil in aon chlár rialtais. Réiteach ar fhadhb na tithíochta, ar dheacrachtaí sláinte, ar dhroch-choinníollacha oibre – agus réiteach ar an mBreatimeacht a threiseodh ceannas mhuintir na hÉireann orainn féin.

Má ghéilleann Sinn Féin don phlean atá ag Merkel is Macron dul níos faide le dlúthpháirtíocht an Aontais, beidh síolta díothaithe Shinn Féin curtha.

Ach tuigeann Gerry Adams an baol sin, mar a léirigh sé ina óráid Dála nuair a tháinig Michel Barnier ann.

An amhlaidh mar sin gurb é a bheas ann sa bhfadtéarma rogha bhunúsach idir Fine Gael ar an eite dheis agus Sinn Féin ar an eite chlé?  Agus Fianna Fáil sna leabhair staire?

Fág freagra ar 'Varadkar ag beartú toghcháin ach céard a dhéanfaidh Fianna Fáil?'