Van Gaal v Mourinho: An máistir agus an printíseach

Agus Chelsea is Manchester Utd ag casadh ar a chéile an deireadh seachtaine seo, is fiú breathnú ar an nasc láidir atá idir bainisteoirí na bhfoirne agus an stair atá ann idir Jose Mourinho agus Louis Van Gaal

Van Gaal vs Mourinho
Louis Van Gaal agus Jose Mourinho ag obair lena chéile nuair a bhí siad le Barcelona

Nuair a ghlac Louis Van Gaal leis an bpost mar bhainisteoir Barcelona i samhradh na bliana 1997, lorg sé comhairle an iarbhainisteora, Bobby Robson, agus d’fhostaigh sé Portaingéalach óg a bhí ag obair le Robson go dtí sin.

Bhí ag Van Gaal le duine éigin a raibh Spáinnis aige chun a threoracha a chur in iúl do na himreoirí. I ngan fhios don Ísiltíreach, bhí tar éis deis a thabhairt don fhear a bheadh ar cheann de na bainisteoirí is rathúla riamh, is é sin Jose Mourinho.

a lán cosúlachtaí idir na haistir atá déanta ag an mbeirt go dtí seo. Ní raibh mórán maitheasa le ceachtar acu mar imreoirí ach níor chuir sé sin isteach orthu agus iad ag treabhadh leo sa spórt.

Theip ar Van Gaal áit a bhaint amach ar fhoireann Ajax agus iad ag buachan Corn na hEorpa i rith na seachtóidí, ach is in Amsterdam a thosaigh sé ag cóitseáil, é ag obair faoi stiúir Leo Beenhakker ar dtús. Is é an chaoi ar chuir Bobby Robson aithne ar Mourinho ná go raibh sé ag obair mar aistritheoir nuair a thosaigh Robson ag obair sa Phortaingéil le Sporting Lisbon i 1992.

As na tithe beaga a thagann tithe móra agus féach an dul chun cinn atá déanta ag Van Gaal agus Mourinho ó shin. Ach cé acu is rathúla nuair a chuirtear taobh le taobh iad, agus gach rud atá buaite acu a chur sa mheá?

San Eoraip

Is ar son a gcuid gaiscí san Eoraip a bhain an bheirt seo clú amach i dtosach. Is é an Corn UEFA an chéad chomórtas idirnáisiúnta a bhuaigh an bheirt acu, Van Gaal ag buachan i 1992 agus Mourinho i 2003, nuair a bhuaigh Porto ar Celtic sa chluiche ceannais.

Thug an dá bhainisteoir céim eile chun cinn nuair a d’éirigh leo Sraith na gCuradh a bhuachan leis na clubanna céanna. I 1995, agus buíon imreoirí den scoth ar nós Patrick Kluivert, Marc Overmars agus Edgar Davids faoina stiúir aige, thug Van Gaal an corn ar ais go Ajax den chéad uair ó 1973.

An bhliain tar éis Corn UEFA a bhuachan, agus Mourinho ar an stiúir, chuaigh Porto an bealach ar fad chuig cluiche ceannais Sraith na gCuradh, áit ar bhuail siad Monaco. Sé bliana ina dhiaidh sin i 2010, bhí Mourinho ar ais sa chluiche ceannais, é i bhfeighil ar Inter Milan faoin am seo.

Is i gcoinne Bayern Munich a bhí foireann Mourinho agus cé a bhí i gceannas ar Bayern ach Louis Van Gaal, an chéad uair a d’imir an bheirt acu in aghaidh a chéile. Ba iad na hIodálaigh a thug an lá leo, dhá chúl ó Diego Milito ag cinntiú go mbeadh Mourinho ag ceiliúradh an dara bua aige sa chomórtas club is gradamúla ar domhan.

Buaiteoir: Mourinho

Sa tSraith

14 sraith i sé thír buaite ag an mbeirt seo, seacht gcinn de chraobhacha an duine. Is san Ísiltír is mó a bhí rath ar Van Gaal, é ag buachan an Eredivisie trí huair as a chéile le Ajax idir 1994 agus 1996 agus uair amháin eile le AZ Alkmaar i 2009.

trí shraith buaite aige thar lear chomh maith. Chuidigh sé le Barcelona barr La Liga a bhaint amach i 1998 agus 1999 agus thug a chuid imreoirí sraith na Gearmáine leo i 2010 nuair a bhí i gceannas ar Bayern.

Bhuaigh Mourinho an tsraith ceithre bliana as a chéile in dhá thír dhifriúla idir 2003 agus 2006. Ba ina thír dúchais a bhuaigh sé a chéad dá shraith le Porto sular imigh sé go Chelsea chun Príomhroinn Shasana a bhuachan. Bhuaigh an Portaingéalach Serie A faoi dhó nuair a bhí san Iodáil agus, sa Spáinn, d’éirigh leis an ceann is fearr a fháil ar sa tsraith nuair a bhí i gceannas ar Real Madrid a bhauigh La Liga leis i 2012.

Buaiteoir: Cothrom

Idirnáisiúnta

Is féidir an bheirt seo a scaradh óna chéile i réimse na gcluichí idirnáisiúnta. Tá dhá sheal caite ag Van Gaal mar bhainisteoir na hÍsiltíre, ó 2000 go dtí 2002 agus ó 2012 go dtí an samhradh seo caite. Theip glan ar Van Gaal sa phost an chéad uair nuair a chlis ar a fhoireann agus iad ag iarraidh cáiliú do Chorn an Domhain sa tSeapáin agus sa Chóiré Theas. Ba iad na hÉireannaigh, leis an gcúl cáiliúil sin ó Jason McAteer, a chuir deireadh le Van Gaal an uair sin.

D’éirigh níos fearr le Van Gaal an dara huair, iad ag cáiliú gan stró do Chorn an Domhain. D’éirigh ansin leis an Ísiltír an tríú háit a bhaint amach sa Bhrasaíl ar deireadh.

Deir Mourinho nach bhfuil fonn air a bheith mar bhainisteoir idirnáisiúnta faoi láthair ach tá ráite aige go mba mhaith leis a bheith i gceannas ar fhoireann na Portaingéile uair éigin amach anseo.

Buaiteoir: Van Gaal

Fág freagra ar 'Van Gaal v Mourinho: An máistir agus an printíseach'