Vacsaíní AstraZeneca agus Johnson & Johnson le tabhairt do dhaoine os cionn 50

Cuirfear vacsaíní ar fáil níos sciobtha do mhná atá ag súil

Vacsaíní AstraZeneca agus Johnson & Johnson le tabhairt do dhaoine os cionn 50

Táthar le vacsaíní Johnson & Johnson agus AstraZeneca a thabhairt do dhaoine os cionn 50 bliain d’aois.

Tuairiscítear go bhfuil glactha ag an Rialtas leis an moladh sin ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta Imdhíonachta. Roimhe seo ní raibh cead snáthaid AstraZeneca a thabhairt ach do dhaoine os cionn 60. Thug an NIAC a mbeannacht do vacsaín Johnson & Johnson do dhaoine os cionn 50.

Faoi na moltaí nua beidh cead vacsaín aon dáileoige Johnson & Johnson a thabhairt chomh maith do dhaoine gan dídean agus do dhaoine a bhfuil fadhb acu leis an andúil.

De réir na comhairle cuirfear vacsaíní ar fáil níos sciobtha do mhná atá ag súil le páiste. Déanfar vacsaín mRNA a thairiscint do mhná atá ag súil le 14-36 seachtain i ndiaidh dul i gcomhairle lena ndochtúir.

Táthar ag súil go gcuirfidh na moltaí maidir le AstraZeneca agus Johnson & Johnson dlús le cur i gcrích an chláir vacsaínithe

Deir an Rialtas go gcuirfear tús a luaithe agus is féidir le dáileadh na vacsaíní AstraZeneca agus Johnson & Johnson ar dhaoine idir 50-59 bliain.

Sa litir is déanaí a chuir an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan faoi bhráid an Rialtais, deirtear go bhfuil “cúrsaí seasmhach nó ag feabhsú” i gcónaí ach go bhfuil údar imní ann i gcónaí.

Cé nach bhfuil aon ardú ná laghdú tagtha ar líon na gcásanna laethúla den ghalar le tamall, tá NPHET buartha go bhfuil líon na gcásanna fós ard. Dúirt an Dr Holohan go bhféadfadh cúrsaí dul in olcas arís dá mbeadh aon ardú ar líon na dteagmhálaithe sóisialta a bhíonn ag daoine agus gan aon chosaint rómhór ó na vacsaíní sa phobal fós.

Idir an dá linn, tuairiscítear go bhfuil deacracht soláthair eile ann.

De réir tuairisce san Irish Times, ní bheidh ach a leath oiread vacsaíní Johnson & Johnson is a bhíothas ag súil leo ar fáil an mhí seo.

Fág freagra ar 'Vacsaíní AstraZeneca agus Johnson & Johnson le tabhairt do dhaoine os cionn 50'