Vacsaín in aghaidh an Covid-19 le dáileadh i dteach altranais Gaeltachta den chéad uair

Tá Áras Deirbhle, teach altranais pobail i mBéal an Mhuirthead i nGaeltacht Iorrais, i measc na dtithe altrantas a bhfuil an vacsaín le dáileadh iontu inniu

Vacsaín in aghaidh an Covid-19 le dáileadh i dteach altranais Gaeltachta den chéad uair

Gheobhaidh an chéad dream atá ina gcónaí i dteach altranais Gaeltachta dáileog de vacsaín an Covid-19 inniu.

Tá Áras Deirbhle, teach altranais pobail i mBéal an Mhuirthead i nGaeltacht Maigh Eo, i measc na dtithe altrantais ina bhfuil an vacsaín le dáileadh iontu inniu.

De réir eolais ó Nursing Homes Ireland (NHI), a bhfuil sceideal vacsaínithe á chur le chéile acu i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE), is é Áras Deirbhle an chéad teach altranais sa Ghaeltacht ina gcuirfear an tsnáthaid ar fáil.

Is i gceantar Iorrais a bhí an ráta scaipthe Covid-19 is airde sa Stát le tamall, de réir staitisticí a foilsíodh an tseachtain seo caite.

Deimhníodh 266 cás nua den choróinvíreas i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead idir an 22 Nollaig agus an 4 Eanáir agus ráta scaipthe 2,111 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar mar thoradh air sin.

Bhí an ráta i mBéal an Mhuirthead os cionn trí huaire níos airde ná an meánráta scaipthe sa stát le linn na coicíse sin.

De réir sceideal NHI, tá sé i gceist an vacsaín a dháileadh in An Teaghlach Uilinn, teach altranais i Maigh Cuilinn i gcontae na Gaillimhe, amárach. Bheadh an t-ionad ar an gcéad teach altranais i nGaeltacht na Gaillimhe chun an vacsaín a fháil.

Is iad Áras Deirbhle agus An Teaghlach Uilinn an t-aon dá ionad sa Ghaeltacht atá ar an sceideal go dtí seo agus é i gceist ag an HSE agus an NHI sceideal iomlán do na hionaid ar fad ar fud na tíre a réiteach go luath.

Tá sé i gceist 20,000 dáileog a thabhairt i 156 teach altranais sa tír idir Dé Luain agus Dé hAoine na seachtaine seo. Ansin, idir Dé Sathairn, an 16 Eanáir, agus Dé Domhnaigh, an 24 Eanáir, tabharfar an tsnáthaid do 58,000 duine in thart ar 400 teach altrantais eile.

Cuireadh tús le dáileadh na vacsaíne an tseachtain seo caite. Tugadh an chéad dáileog do thart 40,000 duine ar fud na tíre agus bhí 3,000 acusan i dtithe altranais.

D’fhógair an tAire Sláinte Simon Donnelly go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Sláinte go mbeadh an chéad snáthaid faighte ag gach duine atá ina gcónaí nó ag obair i dtithe altranais faoin 24 Eanáir. Thart ar 30,000 duine atá sna hionaid chúraim sa stát agus 50,000 duine atá ag obair iontu.

Fág freagra ar 'Vacsaín in aghaidh an Covid-19 le dáileadh i dteach altranais Gaeltachta den chéad uair'