Úrscéal bríomhar ó aimsir na hathbheochana ar fiú é a léamh ar a shon féin

Sa mhír seo molann Alan Titley leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa

Úrscéal bríomhar ó aimsir na hathbheochana ar fiú é a léamh ar a shon féin

Scríbhneoir thar a bheith spéisiúil ba ea Liam P. Ó Riain i mblianta tosaigh na hathbheochana. Murach gur foilsíodh eagrán nua dá úrscéal Caoimhghin Ó Cearnaigh (Coiscéim) sé mbliana ó shin ba ródhóbair é a bheith ligthe i ndearmad ar fad ag lucht léite na linne seo. Is maith agus is mithid, mar sin, go bhfoilseofaí An Bhóinn agus an Bhóchna (Arlen House €20.00) anois, agus é curtha in eagar go máistriúil agus go slachtmhar ag Philip O’Leary mar is dual, fara aistriúchán go Béarla agus nótaí eile eolais ina thimpeall.

Is ar An Claidheamh Soluis a céadfhoilsíodh é mar shraithscéal sna blianta 1915-16, dá bhrí sin, is é seo an chéad uair go bhfuil á nochtadh chugainn mar úrscéal i bhfoirm leabhair.

Dá réir sin, is féidir a áiteamh gurb úrscéal nua é seo ar fad, óir is beag duine a léifeadh trí dheannach nó trí mhicriscannáin na linne úd é d’fhonn teacht air. Fág gur scríobh sé úrscéalta Béarla, leis, is ar na leabhair chritice agus taighde agus tuairimíochta is mó atá a sheasamh, go háirithe The Popes Green Island agus Gaedhealachas i gCéin.

Is rófhurasta ar fad scríbhneoirí na tréimhse sin a roinnt ina dhá champa – iad siúd a bhíodh ag plé le saol traidisiúnta na Gaeltachta agus an bhéaloidis ar leith amháin, agus trasna uathu an dream ar mhian leo saol na Gaeilge a tharraingt isteach ar urla ar feadh machairí móra na hEorpa agus an domhain níos fairsinge. Is furasta agus is úsáideach an deighilt í, ach tá rómhaol ar fad. Theastaigh ón Rianach dul níos doimhne siar agus níos sia amach.

B’idéalach ba idéalaí dá raibh ann a chreid go raibh toise spioradálta i gcine Gael riamh i bhfad siar agus gur chóir cur in aghaidh ‘casaoideach saolta’ na linne agus cromadh ar ‘a noble re-building of Teamhair in our mental world’. Dia go deo leis na seanlaethanta!

Is é cúis a luaim é seo ná gurb é seo fáth agus ábhar agus éirim an úrscéil seo. Scata carachtar a raibh baint acu le tréimhse sin an dóchais is croí don leabhar, cuid acu ag obair i gConradh na Gaeilge, nó mar mhúinteoirí taistil, filí agus fealsaimh, ach iad go léir gafa in obair idéalach na linne.

Draíocht ag baint le cuid de na radharcanna, comhráite bríomhara saíochta, céilithe agus damhsaí, feiseanna agus fleánna, litríocht nó troid, grá nó cultúr, ionad na heaglaise sa ghnó, Ceiltigh nó an Chríostaíocht, crá croí pearsanta, aighnis dílseachta…dabhach mór díospóireachta is ea é seo a thugann ar ais go beoga sinn do na blianta sin nuair a bhí gach aon rud leata amach os ár gcomhair.

Le linn ár gcuid léitheoireachta dúinn músclaítear na ceisteanna sin go léir ar ais dúinn breis agus céad bliain ar aghaidh.

Ach níorbh fhiú damait an leabhar mura mbeadh gurb úrscéal taitneamhach bríomhar é ar fiú é a léamh ar a shon féin, seachas go díreach mar earra de chuid na linne áirithe speisialta sin.

Fág freagra ar 'Úrscéal bríomhar ó aimsir na hathbheochana ar fiú é a léamh ar a shon féin'