Ní hé gnó an cholúin seo léirmheas a scríobh ar úrscéalta Béarla ach ar leabhair Ghaeilge a bhí imithe, b’fhéidir, i ngan fhios do dhaoine. Ach sa chás seo ceadóidh mé an eisceacht dom féin. Is é cúis atá leis ná go bhfuil na heachtraí ann suite ar oileán Gaeltachta agus go bhfuil na díospóireachtaí síoraí mar gheall ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht, ar na hoileáin, ar thraidisiún, ar nua-aimsearthacht agus eile mar phríomhchúram an scéil. Is é The Colony le Audrey Magee (Faber €14.50), a tháinig amach cúpla bliain ó shin, atá sa treis agam.
Is é éirim an scéil ná go dtagann beirt eachtrannach go hoileán Gaeltachta i gcomhair an tsamhraidh, gnó éagsúil ag lán na beirte acu. Sasanach agus péintéir duine díobh a bhfuil Lloyd air, agus teangeolaí Francach is ea Masson atá ag déanamh staidéir ar chanúint Ghaeilge an oileáin. Istigh ina lár seo, tá muintir an oileáin iad féin, an tseanghlúin nach bhfuil acu ach an Ghaeilge, na daoine lánfhásta a bhfuil scoth na Gaeilge acu ach Béarla freisin, agus glúin níos óige a bhfuil Gaeilge bhreá acu ach í faoi bhrú ag an saol, ag an imirce, ag an ngaoth isteach, mar a bhíonn.
As an teannas idir an Sasanach ar cuma sa tsioc leis faoin teanga agus gur mó go fada gur spéis leis an taobh tíre nó portráidí na ndaoine ar leith amháin, agus an Francach atá tiomanta ar gach pioc den teanga a chothú is a chomóradh ar an leith eile, fara a gcaidreamh le muintir an oileáin a thógtar an scéal.
Beidh gach léitheoir Gaeilge ag fiafraí de féin cén t-oileán ar a bhfuil seo bunaithe? Tá beagán Gaeilge tríd an leabhar, agus chun a gceart a thabhairt do chách, níor thugas ach botún cló amháin faoi deara lem bhiorshúile criticiúla is lem bhadhró dearg, ach ní mór an chabhair í le log an oileáin a bheachtú.
Deir nóta ar chúl an leabhair gur Gaeilge Mhaigh Eo atá inti ach ní haon chabhair í sin maidir le hoileáin Ghaeltachta de, óir is follas nach Acaill ná Cliara ná Inis Toirc atá ann. Shamhlaigh mise Toraigh leis ar mo shon féin, toisc, is dócha, an péintéir a bheith ann agus é a bheith tamall ó thír mór.
Aithneoimidne na díospóireachtaí go léir maidir leis an nGaeilge de, fág gur dócha gurb ábhar leath-úr é do dhaoine eile. Tá breacstair na teanga anseo, leis, seanscéal dúinne, ach nuacht do dhaoine nár shiúil na bóithre seo riamh. Go deimhin, tá seanbhean amháin ar scéalaí í agus dúidín ina béal lena chois sin agus a chromann ar scéal a beatha a insint mar seo: ‘I am an old woman now, my body weak but my memory strong. I was born here on this island eighty nine years ago.’ Anois, cár airíomar é sin cheana, a Pheig ár gcroí?
Casann ceann d’fhoscéalta an tsaothair arb aon ghréasán amháin é nach mór (seachas gnó eile nach foláir dom teacht chuige gan bhréag) timpeall ar dhúil duine d’ógfhir an oileáin a bheith ina phéintéir, ina ealaíontóir ar nós an tSasanaigh Lloyd, seachas a bheith ina iascaire mar ba dhual dó ó dhúchas. Is é Séamus Ó Giolláin atá air, ach tá sé láidir air gur James Gillane a bheidh air feasta.
Tagann faoi stiúir Lloyd a gheallann oiliúint dó agus cead a bheith páirteach ina thaispeántas ealaíne i Londain. Ceann d’íoróine an chúrsa is ea gurb ealaíontóir níos nua-aimseartha é Séamus/James ná an Sasanach isteach atá traidisiúnta ina bhealaí scuab agus dathanna.
Tá cúlscéal ag an teangeolaí Francach Masson sa mhéid is gur leathArabach é a raibh deargfhuath ag a athair siúd ar an Araibis agus a thug leadradh dó nuair a thosnaigh sé ar í a fhoghlaim. Cúiseanna teanga agus dúchais a thug i dtreo na Gaeilge é, agus is é atá mífhoighneach le haon duine de na hoileánaigh nach labhróidh í leis nó gur cuma leo ina taobh.
Cuireann gnéithe den insint an t-úrscéal gairid álainn sin le hIain Mac a’Ghobhainn An t-Aonaran i gcuimhne dhom, is é sin, leagan amach ina gcuireann eachtrannach saol oileáin agus caidreamh socair a mhuintire trí chéile. Músclaíonn teacht na n-eachtrannach san úrscéal seo mianta agus seanfhaltanais an phobail agus ní go réidh atáthar chun teacht go furasta as.
Tá scríte go soiléir inléite, tá an comhrá eifeachtach inchreidte ar an mórchóir, níl aon Phaddyachas stáitsiúil ann, agus cé go bhfuil cuid de na haighnis idir na pearsana maidir leis an nGaeilge de seanchaite go leor, is dócha gurb amhlaidh a bhíonn.
Tá aon rud mór amháin ann, áfach, nach léir cad tá á dhéanamh aige i gcorp an leabhair istigh. Idir gach caibidil (nach bhfuil aon ainm ná uimhir orthu) tá mar a bheadh fochaibidil. Sna fochaibidlí gearra seo déantar insint ar dhúnmharú gránna a tharla le linn ‘na dtrioblóidí’ soir ó thuaidh. Ní miste go ndéanfaí sin, mar bhí an iomad díobh barbartha, mídhaonna, ainiochtach agus is mithid sin a chur inár gcuimhne go rialta. Chaithfeadh an léitheoir a thabhairt faoi deara, áfach, gur dúnmharuithe de chuid na Sealadach agus buíonta Poblachtánacha, fara dúnmharuithe ag grúpaí dílseoirí amháin a luaitear. Focal ar bith ní luaitear mar gheall ar Arm na Breataine ná a gcomhghuaillithe sna fórsaí slándála.
Ní hin í an cheist, áfach. Is í an cheist nach foláir dúiseacht sa léitheoir is saonta amuigh, ná cad é atá á dhéanamh ag na sleachta seo i gceartlár úrscéil réasúnta maith mar gheall ar theannas teanga, ealaíne agus pobail ar oileán Gaeltachta? The Colony is teideal don leabhar. Ceart go leor, coilíneachas faoi ndear cúlú na Gaeilge agus coilíneachas faoi dear an iorghal sa stáitín soir ó thuaidh. Ach bheadh aigne níos caolchúisí uait seachas mar atá agamsa leis an gceangal i réim an leabhair seo a chiallú duit féin.
Braithim féin gur smál ar an leabhar iad, agus baineann den ábhar a bhfuil blonag go leor ann cheana féin. Beidh a mhalairt de thuairim ag léitheoirí eile.
Ach ní bheidh an ceart acu.
Fág freagra ar 'Úrscéal Béarla réasúnta maith faoi theannas teanga, ealaíne agus pobail ar oileán Gaeltachta'