Urraíocht nua ag ceann de na clubanna CLG is sine i gConamara

Tá an comhlacht teicneolaíochta Property District tar éis urraíocht a chur ar fáil do Na Piarsaigh i Ros Muc

Urraíocht nua ag ceann de na clubanna CLG is sine i gConamara

Tá Property District, gníomhaireacht nuálach chumarsáide d’earnáil na tógála a oibríonn as an gTeic ar an gCeathrú Rua tar éis urraíocht a chur ar fáil do cheann de na clubanna CLG is fadbhhunaithe i gConamara.

Baineann Property District úsáid as an teicneolaíocht tumtha ionas gur féidir le daoine árais is forbairtí tógála a fheiceáil go réadúil i 3D sula dtógtar bríce nó balla.

Sa mbliain 1959 a bunaíodh Na Piarsaigh i Ros Muc, cumann a ainmníodh in ómós do Phádraig agus Liam Mac Piarais a raibh teach saoire acu i Ros Muc. Ní taobh le muintir Ros Muc a imríonn do na Piarsaigh – tá peileadóirí acu as Ros Muc, Camus, Sraith Salach agus Loch Conaortha. Cé go bhfuil an cumann ar cheann de na cumainn is lú sa tír is é club Ros Muc a d’eagraigh Comórtas Peile na Gaeltachta in 2009 agus imríodh cuid de chluichí Chomórtas 2022 ar a bpáirc chomh maith.

Chuir Micheál Ó Mainín ó chumann Na bPiarsach fáilte roimh an gcúnamh ó Property Direct agus ghabh sé buíochas leis an gcomhlacht. Dúirt Carol Tallon, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an chomhlachta, gur rogha ‘an-éasca” a bhí ann cuidiú le club Ros Muc mar go bhfuil “deiseanna iontacha do theicneolaíocht na tógála agus na réadmhaoine fairsing síos suas le cósta thiar na hÉireann”.

Dúirt sí go raibh an ghníomhaireacht fite fuaite le pobal na háite agus gur bealach a bhí san “urraíocht seo lenár mbuíochas mór a thabhairt don phobal áitiúil, a thacaigh go mór linn chun an Ghaeilge a úsáid”.

Fág freagra ar 'Urraíocht nua ag ceann de na clubanna CLG is sine i gConamara'