Urraim don Ghaeilge, Camino na Sáile agus ‘some fo’ real, fo’ real shit’ – scannáin na bliana 2018

Níorbh aon sárbhliain í os comhair an scáileáin mhóir agus is beag saothar ó 2018 a mhairfidh sa chuimhne

Urraim don Ghaeilge, Camino na Sáile agus ‘some fo’ real, fo’ real shit’ – scannáin na bliana 2018

Is beag saothar ó 2018 a áireofar amach anseo mar mhórscannán. Bhí ceártaí na sárlaochra ag taoscadh chugainn ar a ndícheall, mar is dual dóibh le roinnt blianta anuas. Bhíomar in ann lán ár gcuid súl a bhaint as gníomhartha gaisce in Deadpool 2, Avengers: Infinity War, Black Panther agus a thuilleadh eile nach iad. Cuireadh an seanfhondúir Jurassic ar a bhonnaibh arís agus tháinig an gála is déanaí ó dhomhan Star Wars. Seo cuid de na táirgí a fhanfadh i gcuimhne an léirmheastóra seo, áfach.

Iomramh an Chamino

Fadscannán faisnéise faoin meitheal fear ó Chorca Dhuibhne (agus an Duibhneach oinigh Glen Hansard) a thug faoi aistear farraige 2,500 ciliméadar ó Éirinn go tuaisceart na Spáinne. Camino na Sáile. Ceol, cuileachta agus slaiseanna in árthach farraige traidisiúnta na leithinse, an naomhóg. Raidhse duaiseanna bronnta air agus é tuillte go maith ag an saothar ar leith seo. Tá an brón agus an cumha fite fuaite sa turas óir gur bhásaigh Domhnall Mac Síthigh lena linn.

First Man

Scannán machnamhach, téagartha a thugann cuntas sollúnta, tomhaiste ar iarrachtaí NASA fear a chur ar an ngealach. Ní raibh aon rian den bhuaileam sciath ag baint leis an saothar seo. Ar uairibh taibhsíodh dom gur scannán é faoi ghrá athar dá iníon mar aon le cíoradh ar an mbriseadh croí a bhaineann le páiste a chailliúint. Fiú nuair atá an spástaisteal i lár an aonaigh, is iad an sceimhle, an chontúirt, an obair chapaill agus na dúshláin a bhíonn le feiceáil. An mheitheal mhór seo ag paidhceáil leo sa dorchadas i ngach ciall den fhocal. Taispeántais bhreátha ó Ryan Gosling agus Claire Foy.

A Star is Born

Is cinnte go mbeidh an táirge seo ar thús cadhnaíochta Oíche na nOscar, sna rannóga ceoil ach go háirithe. Amhránaí/ceoltóir an-cháiliúil é Jack (Bradley Cooper) atá ag dul san aois agus luite leis an ól/drugaí. Aon oíche amháin agus é ag diúgadh ar a shuaimhneas i mbeár drag cíonn sé Ally (Lady Gaga), bean a bhfuil féith an cheoil agus na hamhránaíochta go smior inti. Eascraíonn gaol rómánsúil eatarthu, tagann bláth ar shaol ceoil Ally agus titeann an tóin as saol Jack. Bhain taispeántas Gaga siar as mórán ach tá Cooper breá in ann é a fhéachaint léi.

Black 47

Ní haon sárshaothar é seo ach teastaíonn uaim é a lua mar gheall ar an urraim a tugadh don Ghaeilge ann. Scéal díoltais lonnaithe i gConamara i rith an Ghorta Mhóir. Tá sé bunaithe ar an ngearrscannán Gaeilge An Ranger (2008). James Frecheville, Hugo Weaving agus Stephen Rea a bhí sna príomhrólanna.

BlacKKKlansman

Táirge ó Spike Lee a chuirfidh déistin ort mar aon le tú a chur sna trithí. ‘Dis joint is based upon some fo’ real, fo’ real shit,’ a deir an téacs ar scáileán linn ag tús an scannáin agus bhí géarghá é sin a mheabhrú dúinn óir go bhfuil áiféis an diabhail ag baint le cuid de na heachtraí. Díríonn Lee ar scéal Ron Stallworth (Washington), an chéad Afrai-Mheiriceánach a chuaigh sna póilíní in Colorado Springs agus ar éirigh leis ballraíocht a bhaint amach sa Ku Klux Klan i ndeireadh na seachtóidí. Ceacht greannmhar sollúnta staire atá anseo mar aon le foláireamh don lá inniu.

Lady Bird

Seo an saothar a ghnóthaigh a tríú ainmniúchán Oscar do bhean Cheatharlach, Saoirse Ronan. Díríonn an scéal ar Lady Bird an teidil (Ronan) agus í ag teacht in inmhe i gcathair Sacramento in 2002. Leasainm glactha chuici féin aici le hiarracht éigin neamhspleáchas a bhaint amach agus a bheith feiceálach, difriúil sa gcathair chodlatach, shocair seo; ‘the Midwest of California’. Ag titim i ngrá, ag titim amach le cairde, ag dul in adharca lena máthair agus aghaidh á tabhairt aici go drogallach, fonnmhar ar thréimhse chinniúnach ina saol. 

I, Tonya

Scannán eile ina bhfuil ceann feadhna baineann agus ina ndéantar an greann a nascadh leis an tsollúntacht. Tugann Margot Robbie léiriú ar shaol an oighearscátálaí Tonya Harding. Bean í a dtugtar ‘truflais traeilir’ uirthi i mbéarlagair Mheiriceá ach bean ar éirigh léi gaisce a dhéanamh sa rinc oighir. Tosaíonn a saol ag titim as a chéile go truamhéalach, greannmhar nuair a dhéantar ionsaí ar a céile comhraic. D’éirigh le Alisson Janney duais Oscar a ghnóthú dá ról mar mháthair Tonya.

Three Billboards Outside Ebbing 

Ceardaí pinn é Martin McDonagh a bhfuil a chruinneshamhail shainiúil, shuaithinseach féin aige. Mar is gnáth, is é fear Leitir Mealláin atá ar an stiúir mar aon leis an scríbhinn a sholáthar agus tá na gnáthchomharthaí sóirt ag teacht go barr uisce: an foréigean, an chaint thíriúil, an greann dorcha agus carachtair shainiúla dheisbhéalacha. Tá an scéal dírithe ar Mildred (Frances McDormand) agus a cuid iarrachtaí cothrom na Féinne a fháil dá hiníon (cailín a éigníodh agus a dúnmharaíodh) trí chlár fógraí an teidil a chrochadh.

Fág freagra ar 'Urraim don Ghaeilge, Camino na Sáile agus ‘some fo’ real, fo’ real shit’ – scannáin na bliana 2018'