Urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin curtha ar fionraí óna pháirtí ar feadh sé mhí

Deir aoire Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh gur shárú tromchúiseach ar rialacha an pháirtí ab ea cinneadh Pheadair Tóibín vótáil i gcoinne reachtaíocht ghinmhillte

Urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin curtha ar fionraí óna pháirtí ar feadh sé mhí

Tá urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin Peadar Tóibín curtha ar fionraí ar feadh sé mhí ón bpáirtí mar gur vótáil sé i gcoinne reachtaíocht ghinmhillte.

Bhí Tóibín ar dhuine de na polaiteoirí ba ghníomhaí sa bhfeachtas i gcoinne aisghairm an Ochtú Leasú ar an mBunreacht agus bhí sé ar dhuine den 12 Teachta Dála a vótáil an tseachtain seo caite i gcoinne an Bhille Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil).

Tá Tóibín ina Chathaoirleach ar an gCoiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreachta agus Gaeltachta agus tá sé ina bhall de Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chomh maith.

Dúirt aoire Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh go raibh an Bille sin ag teacht le toil an phobail i reifreann na Bealtaine agus le polasaí an pháirtí ar aontaíodh é ag a nArd-Fheis.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh fógra aoire i gceist leis an mBille agus gur tugadh treoir do Theachtaí Dála Shinn Féin sa Dáil vótáil ar son na reachtaíochta.

“Sárú tromchúiseach ar rialacha an pháirtí ab ea cinneadh Pheadair Tóibín vótáil i gcoinne na reachtaíochta agus tá sé anois curtha ar thréimhse fionraíochta sé mhí. Tá sé curtha ar an eolas faoin scéal,” arsa Ó Snodaigh.

Thagair Tóibín do cheist an ghinmhillte agus córas na n-aoirí sa Dáil ar a bhlag níos túisce an tseachtain seo agus é ag trácht ar na cúiseanna, dar leis, a dtugtar tacaíocht do Donald Trump agus Peter Casey.

Dúirt sé go raibh formhór na dTeachtaí Dála a chuir i gcoinne na haisghairme imithe i bhfolach mar gheall ar chumhacht “oscailte nó faoi cheilt” aoirí a bpáirtithe.

“Níl bealach níos fearr ann chun vótóirí a bhrú i dtreo an antoisceachais ná guth daonlathach a shéanadh orthu.

Rud sláintiúil is ea an t-easaontas. Teipeann ar an daonlathas nuair a chothaítear frustrachas i measc mionlach suntasach trí pholaitíocht aonghnéitheach éigeantach,” arsa Tóibín.

Seo an dara huair ag an Teachta Dála ón Mhí Thiar a bheith curtha ar fionraí óna pháirtí. Cuireadh tréimhse fionraíochta sé mhí air in 2013 nuair a vótáil sé i gcoinne an Bhille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis.

Fág freagra ar 'Urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin curtha ar fionraí óna pháirtí ar feadh sé mhí'

  • Pádraig

    Tá O Snodaigh mí-shásta le Peadar mar níl sé sásta vóta a chaitheamh ar son mharú na leanaií sa bhroinn.Tá Sinn Féin éirithe as muintir an Shéú Chontae a mharú agus anois tá siad ag diriú ar na leanaí soineanta nach bhfuil tagtha ar an saoil fós.Amadáin agus dúnmharafóirí.Molaim go tréan do Pheadar éirí as an bPáirtí sin laithreach.Molaim do O Snodaigh éirí as go hiomlán agus imeacht as an Tír .Tá drochbholadh ann.Chualas go bhfuil folúntaisí sna clinicí ginmhillte thar lear.Bheadh sé sa bhaile ansin.