Unknown Soldiers – lón machnaimh don scríbhneoir, tromluí don léitheoir

LÉAMH AGUS SCRÍOBH:. An tseachtain seo: teist mhaith é ar fhiúntas aon úrscéil chogaidh má bhíonn tromluí ar an léitheoir ina dhiaidh

Unknown Soldiers – lón machnaimh don scríbhneoir, tromluí don léitheoir

B’fhada an lá ó tharla sé go raibh orm sos beag a thógáil d’fhonn teacht chugam féin tar éis dom úrscéal a léamh, ach ba é sin go díreach a tharla nuair a chríochnaigh mé Unknown Soldiers (Tuntematon Sotilas) leis an údar ón bhFionlainn, Väinö Linna.

Amach liom go gcaithfinn tamall i mo shuí ar na céimeanna taobh amuigh den fhoirgneamh ina bhfuil cónaí orm, ag breathnú ar chraobhacha na gcrann ag bogadh sa ghaoth agus ag éisteacht lena siosarnach – an t-aon fhuaim a bhí le cloisteáil i ndorchadas na hoíche.

Ar an bpointe boise, bhí mé ar ais i ndomhan an úrscéil. Titeann eachtraí Unknown Soldiers amach le linn an dara cogadh domhanda, nuair a thaobhaigh an Fhionlainn leis an nGearmáin chun ionradh a dhéanamh ar an Aontas Sóivéadach in iarracht na limistéir a ghabh an Rúis go gairid roimhe sin, i gCogadh an Gheimhridh, a athghabháil. I bhforaoiseacha giúise ollmhóra cheantar na teorann idir an Fhionlainn agus an Rúis atá an chuid is mó de shaothar iomráiteach Linna suite, agus ceann de na rudaí ba mhó ar thug mé suntas dóibh mar scríbhneoir agus an t-úrscéal seo á athléamh agam (ba cheart go mbeadh a fhios agam céard a bhí romham) ná an chaoi ar éirigh le Linna carachtar a dhéanamh den tírdhreach féin. Finné ciúin í an fhoraois: bíonn sí de shíor ag faire na saighdiúirí atá ag marú agus ag fáil bháis inti ach ní thugann sí breithiúnas orthu. 

Rud eile ar thug mé suntas dó ná gur éirigh le Linna ceann de bhunrialacha an fhicsin a bhriseadh agus gur cumhachtaí a shaothar dá bharr. Níl leisce ar bith air slám carachtar úrnua a thabhairt isteach gar do dheireadh an scéil, pictiúr beo bríomhar a phéinteáil díobh, agus iad a chur den saol cúpla leathanach ina dhiaidh sin. Ar ndóigh ba é sin go díreach an chinniúint a bhí i ndán d’fhir óga ar nós an charachtair Asumaniemi, a thugtar isteach cúpla leathanach roimh an deireadh, leaid óg nach raibh ach díreach tar éis an mheánscoil a fhágáil nuair a caitheadh isteach sna trinsí é, tráth gur léir go raibh an cogadh á chailleadh ag an bhFionlainn.

Lón machnaimh don scríbhneoir atá in Unknown Soldiers ar bhealaí eile, leis – d’fhéadfá tráchtas a scríobh, mar shampla, faoi úsáid na gcanúintí réigiúnacha san úrscéal seo (agus tagann nóta an aistritheora ag deireadh an leabhair gar do thráchtas.)

Ach má chuaigh Unknown Soldiers i gcion orm mar scríbhneoir, ba mhó fós a chuaigh sé i bhfeidhm orm mar léitheoir. Seachtain i ndiaidh dom an leabhar a chríochnú, tháinig tromluí orm ina raibh mé féin agus dlúthchara liom ón meánscoil i bhfolach i dtrinse éigin, ár gcroí inár mbéal agus muid faoi léigear ag ionsaí sliogán. 

Teist é ar fhiúntas aon úrscéil má éiríonn leis an léitheoir a choinneáil faoi gheasa ar feadh achair chomh fada sin.

Fág freagra ar 'Unknown Soldiers – lón machnaimh don scríbhneoir, tromluí don léitheoir'