Ba in aghaidh an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) agus in aghaidh Uisce Éireann a rinneadh an líon is mó gearán faoi chomhlachtaí poiblí nach dtagann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla leis an gCoimisinéir Teanga in 2016.
116 gearán ar an iomlán a rinneadh leis an Oifig faoi chomhlachtaí poiblí a tháinig ar an bhfód i ndiaidh na bliana 2006, nuair a rinneadh an t-uasdátú deiridh ar sceideal na gcomhlachtaí poiblí in Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is ardú é sin ar an 110 gearán a rinneadh in 2015.
Bhain 16 gearán leis an RSA agus bhain naoi gcinn le hUisce Éireann i mbliana.
Níl sé ar chumas na hOifige na gearáin sin a fhiosrú toisc nach dtagann na comhlachtaí faoi scáth na reachtaíochta teanga agus ní féidir a rá go bhfuil aon sárú reachtúil i gceist nuair a dhéantar gearán.
Tá molta arís agus arís eile ag an gCoimisinéir Teanga gur cheart go dtiocfadh comhlachtaí poiblí nuachruthaithe faoi scáth na reachtaíochta go huathoibríoch, mar a tharlaíonn i gcás reachtaíochta eile.
De réir na dréachtreachtaíochta chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, ar ghlac an rialtas léi le déanaí, dhéanfadh Aire na Gaeltachta uasdátú uair sa bhliain ar a laghad ar liosta na gcomhlachtaí poiblí.
Ainneoin nach bhfuil feidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla i gcás na gcomhlachtaí poiblí seo faoi láthair, chuir an Coimisinéir Teanga na gearáin ar a súile do na comhlachtaí a bhí i gceist agus dúirt sé go bhfuil “an-chomhoibriú” faighte aige ina leith, agus ghabh sé buíochas ina thuarascáil as an gcomhoibriú sin.
Dúirt Conradh na Gaeilge gur léirigh Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga “go bhfuil práinn as cuimse” le ceannteidil an bhille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur faoi bhráid Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán “láithreach bonn” mar “an chéad chéim eile” i dtreo Achta “a fhreastalóidh níos fearr agus níos cothroime ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta”.
“Tá raon leathan moltaí a chuir an Conradh chun tosaigh thar cheann an phobail san áireamh sna ceannteidil don Acht nua, ach tá go leor oibre fós le déanamh le cinntiú go gcuirtear reachtaíocht fóirsteanach i bhfeidhm le seirbhísí stáit trí mheán na Gaeilge a chinntiú don phobal.
“I bhfianaise líon na ngearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga arís anuraidh, agus sna sála ar na himscrúduithe a rinne an Oifig ar chomhlachtaí poiblí ó dheas, is léir go bhfuil ag teip ar an státchóras seirbhísí as Gaeilge atá ar chomhchaighdeán lena macasamhail i mBéarla ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá lúb ar lár i gcur chuige reatha an stáit agus ní chuirfear an scéal ina cheart gan reachtaíocht níos láidre a chosnaíonn cearta teanga an phobail mar is ceart,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer.
Chuir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh, fáilte roimh Thuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inné.
“Is cúis áthais dom é go bhfuil beartaithe againn cheana féin dul i ngleic le cuid mhaith de na fadhbanna atá ardaithe ag an Choimisinéir ina Thuarascáil. Ghlac an Rialtas le Cinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 le gairid agus tugadh cead an Bille a dhréachtú. Tuigim go bhfuil fáilte mhór curtha ag an Choimisinéir roimh Chinn an Bhille ó shin.
“I dtaca le hearcaíocht san earnáil phoiblí, chuir an Coimisinéir in iúl go raibh eagla air, chomh fada is a leanfar leis an phróiseas earcaíochta don tseirbhís phoiblí atá i bhfeidhm faoi láthair, go leanfar ar aghaidh ag laghdú cearta an tsaoránaigh an Ghaeilge a úsáid agus é ag plé leis an Stát. Is iontach mar sin go bhféachfar le Cinn an Bhille a cheadaigh an Rialtas go bhfuil sé mar sprioc 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí bheith ina gcainteoirí Gaeilge, agus go mbeidh achan oifig atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh.
Fág freagra ar 'Uisce Éireann agus an RSA – na comhlachtaí ba mhó a ndearnadh gearáin fúthu le hOifig an Choimisinéara Teanga'